352
AN GAOḊAL.
AIR ḂÁS LEOṀAIN na h-ÁIRDE i n-IAR
SEAĠAIN MIĊ hÉIL, ÁIRDEASBOIG ṪÚMA.
Seaṁain, 1881.
Leis an g-Craoiḃín Aoiḃinn.
Tá brón fuar a's ceo duḃ go ro-ṫuiġ 'sna speurṫaiḃ
Tá donas air ṡolus a's sonas ġeal Ṗoebus :
Fuiseoga 's spideoga gan ceol in a m-beulaiḃ;
An ḃó ins an m-buaile gan liúġ a's gan géimniġ.
Ní luascann gal gaoiṫe bárr craoiḃe no crainn,
Is iongantaċ ciuineas na b-plúr a's na d-tom
Na neulta 's na speurṫaiḃ go bagaraċ donn
'S tá taċtaḋ 'san aer tiuġ atá sé ċo trom.
Is marḃ an torrann aig sroṫán an t-sléiḃe,
A n-dé ḃí aig riṫeaḋ go h-aoiḃinn 's go h-aeraċ,
Ní 'l bricín san uisce aig rinnce 's aig léimniġ
Ní 'l filbín aig sgríoċ na feadóg no eun ann.
Tá 'n neanntóg ruaḋ air ċúl an ḃalla,
An fóṫanán cruaiḋ 's an ċupóg ġrána,
An fliġ 's gaċ luiḃ tá go tiuġ ag fás ann
Go socair, socair 's cosaṁlaċt báis ann.
Oċ, is forus d' aiṫne go ḃ-fuil an bás ann
Is forus d' aiṫne air lonnduḃ Nádúir,
Air ṫroime na spéire ḃí go h-áiḋḃeul
Go raḃ áḋḃar geur-ġoil air feaḋ an náisiuin.
Is bás níos measa 'na míle bás é,
Bás an aṫar buḋ ċiuin 's buḋ ġráḋaċ,
Aṫair árd na g-cléir 's na m-bráṫar
Oċ, is sé do ḃás-sa do ṁill an náisiún.
Áirdeasboig ḋílis, gráḋ na g-cléire
Gráḋ na n-daoineaḋ, 's croiḋe na féile,
Mórḋáil Ċonnaċt, mórḋáil Eireann
Mo ṁíle truaġ, a Ṡeáġain Ṁic Héil ṫú.
Ní ḟeudaim an sgeul sin do ṡeasaḋ gan caoineaḋ
'Sé an sgeul é, le éisteaċt, is measa lem' ċroiḋe-se,
D' ḟág Éire go ceusta, í féin a's a daoine
D' ḟág Connaċt go dona gan solus 'na cróiḋe 'stiġ.
Is tusa ḃí críonna, ciallṁar, gaċ am.
Ag seolaḋ na n-daoineaḋ 'san t-slíġe naċ raḃ cam,
Is tusa do sgríoḃfaḋ 'mar naoṁ le peann
Mar fuair tú ó Ḋia do ċiall 's do ċeann
