AN GAOḊAL.
3
'Nis dam anois cá ḃ-fuil d' áit,
Ṫeas no Ṫuaig air fuaid na Stait?
Déiseaċ. —
Eist do ḃeul & ná h-abair dada,
Nó sgríḃig air fad sgeul Ṡéamuis Fada;
'Tá n-iomarca 'g ruċ róm ċun mórán
caínte,
Do ṫaḃairt anois dod' léiṫéidse, ġlínge.
(Specially written for THE GAEL).
These verses are written in the pure Munster id¬
iom, and are the natural extempore production of
one well versed in it. Some may notice that
words are employed which do not appear in the
dictionary, but we are told that the late Dr. Mc¬
Hale has compiled a manuscript in which are se¬
veral thousand words in common use among the
people which do not appear in the dictionaries.
ĊUN SEAĠAN BEAG CÉITINN.
Ó RUISTEARD-
A Ṡeáġain,
Is fada me 'g braiṫ, aċt ní bíoċ agam
uain,
Air sgeula ċuir ċúġat aḃaile no duain;
Annsa teanga ḃreáġ ṁilis Ġaoḋalainn
Do laḃairtaíḋe fad' ó ṫall a n-Éirinn.
Is 'mo cur cuircaċ agus iompóġaḋ
Do bainag asam sa féineaċ,
Ó ḋ' ḟágas an baile fad' ó
Ċun teaċt análl air an taoḃsa, —
Aċt ó tá me anois fé 'n uim,
Caiṫfiġ me brúġaḋ fúġam le foíḋne,
A's breiṫ air a ngnóḋ is túisge ċúġam,
'Sgan gearán 'g ḋeunaḋ le aenne.
T'réis dam teaċt ṫar taoide análl,
Is minic a ḃíos go curṫa cráiġte,
'Sgur ḃ' ḟeárr liom go ḃ-fainṫinn 'sa m-
baile ṫáll,
Nuair a ḃíḋinn air ċeann na h-oiḋċe
tnáiġte.
Ce naċ ḃ-fuil cúis ro ṁór 'gam ċun
gearráin,
Aċt ní maiṫ liom ċuige an greím
Ḃeiṫ orm annso gaċ aon lá,
'Sgan fáiġil 'gam air é leíġeas.
Is 'mó fear dearṫúil golánta
Ḃí fé ṁeas mór 'sa m-baile,
Tá annso go ḃrónaċ mánta
A lorg páġa lae no seaċtṁaine —
A's is 'mó buaċaill boċt ḃí air fán,
'Sgan meas air dóṁan air a n-Éire;
'Tá annso go socair, sáṁ
'Sgan beann air biṫ 'ge air aenne.
Is mo duine d'ḟág Éire le maga
Gur suarṫaċ annso iad le fada;
'G imṫeaċt na spailpíniḋe ó áit go h-áit
A lorg tuarasdal ó Stat go Stat.
An ṁuintir ḋ'ḟágan an baile le fíor-ġáḋ
Is gnáṫaċ gur leo 'g ḋ'éiriġean an t-áḋ
Ċiḋfeá féin gaċ lá go bráċ,
Ga m-baineann san annso do ċaċ.
'Tá uasal a's íosal annso 'g tuilleaṁ-
páḋ',
Cuid díoḃ le cleite a's tuille le rán,
Bíon sgillinn le caṫaḃ a,s ceann le línn
gáḋ,
Agus ceann eile le cuir annsa spurán.
Na ḋiaġsan ní'l saoġal 'gam ċo breáġa
A's ḃíoċ sa m-baile fad' ó,
'G dul díon aonaċ anuair bo ġáḋ
'G díol caoira no ceannaċ bó.
Mar ní ḃíoċ maor orm air dóṁan,
Ná me ceangailte fé greím
Pé áit a m-ḃuailṫaċ fonn me
Ġeóġḃainn ḋul ann gan ṁoíll
Bíon mo ċroiḋe go dúḃaċ a's mo ṡúile
'g sile,
Ag cuiṁniuġ'ḋ air an am a m-ḃíġinn 'g
siúḃal na cille;
Agus port feaduíġala 'gam, no liúḋ
aḃráin,
A ndiaiġ seisreaċ ag treaḃaḋ báin.
Slán go fóil leat anois, a ḃráṫair,
Ní,l uain 'gam air a ṫuille 'g ráḋ leat;
Ná bíoċ uaigneas ná buairt ort,
Mar sgríoḃṫadsa arís go lúaṫ ċúġat.
(Le ḃeiṫ leannta.]
