398
AN GAOḊAL.
see Petrie's
A.I.M.
No. 1579 also
Gaelic Journal.
No. 171 p. 694
(s)
Art Ṁac
Cúḃaiḋ.
cct.
ÚIR ĊíLLE ĊREAGAIN.
An Bard
Ag úir Ċille Ċreagain seaḋ ċodail me raoir faoi ḃrón,
'S le h-éiriḋ na maidne ṫainic aindir fa mo ḋéin le póg;
Ḃí gruaiḋ ġrís-ḋaite 'ci, 's laindir 'na ciaḃ mar ór,
B'é aoiḃneas an doṁain ḃeiṫ ag aṁarc air an ríoġain óg!
An t-Síġeog.
A ḟiall-ḟir ċarṫannaiġ na caiṫear ṫusa a n-galraiġ bróin,
Aċ éiriḋ go tapaiḋ 's tair liom-sa siar 'sa ród;
Go tír ḋeas an Ġeallaiḋ naċ ḃ-fuair Gaill ann cead réim go fóill,
Ġeaḃair aoibneas air h-allaoiḋ dod' ṁealla le siansa ceoil.
An Bard.
A ríoġain ṁilis, an tú Hélen fó 'r tréaġdaṁ Slóiġ,
No 'n do naoi mná deasa Ṗarnassus tú ḃí déanta 'g-clóḋ ;
Go dé 'n tír sa g-cruinne ar h-oileaḋ tú, a reult gan ceo,
Le 'r ṁian leat mo ṡaṁuil-se ḃeiṫ cogarnaiḋ leat siar sa ród?
An t-Siġeog.
Na fiafraiḋ ḋíom ceist, óir, ní ċodluim air an taoḃsa ḋo'n mBoínn,
Aċ is naoi beag leiniḃ me a h-oileaḋ le taoiḃ Ġráinne óig ;
A m-bruiġin ceart na n-ollaṁ bím go follus ag dúsgaḋ an ċeoil,
Bím traṫnóna ag Teamair 's air maidin le taoiḃ Ṫír Eoġain.
An Bard.
Ní ḋiúltain do ċuireaḋ air a g-cruinnean na Rioġ do 'n ór,
Aċ gur claḋarta liom sgarṁuin óm' ċara ta sa tír go fóill;
Án céil' úd a ṁeallas lem' ġeallaiḃ trá ḃí sí óg,
Da d-tréigfinn anois í na'r ḃ-siosaċ ḋam go m-béiḋeaḋ sí 'm-brón.
An t-Siġeog.
'S é ṡaoilim naċ caraid ḋuit a maireann do d' ġaoltaiḃ beo,
Tair gan éideaṁ gan earraṁ aċd arraoideaċ baoṫ, gan dóiġ;
Naċ m-bearr duit seal tamuil le h-aindir na n-dlaoiġ ḟolt óir,
No 'n tír a ḃeiṫ fonoṁad fó gaċ raḃán a n-déin tú ċeol.
An Bard.
'S é mo ġeur-ġoin teinnis gur ṫeasda uainn Gaoiḋil Ṫír-Eoġain,
'S go ḃ-fuil oíġre Ḟeaġa gan seaġas faoi liaġ d' ar g-coṁair;
Géaga glan daiṫte Néill Frasaiġ naċ d-tréigċaḋ ceol,
Is ċuirfeaḋ éideaṁ fo Nolluic air na h-ollaim ḃiaḋ a géile ḋóiḃ.
An t-Siġeog.
O ṫreaġdaṁ na treaḃa sin ann Aċruim 's foraoir sa m-Boínn,
Slioċt Ṁileaḋ na ḃ-flaiṫ ḃéarraḋ fosgaḋ do gaċ druiġ gan ġleo;
Naċ m' ḟearr duit 's na liosaiḃ agus mise led' ṫaoḃ gaċ nóin,
Na saiġde clann Ḃilliġ ḃeiṫ tolloṁ faoid' ċroiḋe go deo?
An Bard.
A rioġain ṁilis, ma's cineaṁuin duit me mar stóir,
Taḃair léaġsa 'gus geallaḋ sul fo d-téiġim leat siar sa ród;
Ma éagain fó 'n t-Seanainn, a d-tir Ṁainnín, no fa Néiṗte ṁóir,
Gurab g-Cill cúḃarṫa an Ċreagain leagfar me a g-cré faoi ḟód.
We are indebted to Mr. H. Murray, Washington, for this poem.
Pub. also in Transactions of Ossianic Soc. Vol. II
p. 87
