418
AN GAOḊAL.
HÁRLEM, an Ceiṫre Lá Ḟiċid de
Ṡaṁna.
Do Eagairṫeóir an Ġaoḋail, —
Ní'l duine ċó caoċ leis an te ná ċíḋean;
Ní'l duine ċó dall leis an te ná aiṫnean;
Ní'l duine ċó táire le danaire a ṁas¬
luiġeann;
A's ní'l duine ċó feargaċ le fear ag
bruíġean.
Déiseaċ and his defenders ( with the
exception of Seáġan Ó Gríoṁa ) rem¬
ind me of the lawyer "with the bad
case."
So let the madmen growl and whine,
When they read this communication
of mine,
And show me where that I am wrong,
In this my effort at a grammar song.
A Ṡaoi,
Tá trí no ceaṫair de leitreaċa;
Clóḃuailte ins an Gaoḋal,
Do ṫainic ċúgam an ṁí so,
Taḃairt droċ ṁeas orm féin, —
D-taoḃ mé fáġail loċt le Déisi,
Do sgríoḃ duanta ċugan féin,
An sgoláire breaġ sin mór-ṁúinte;
Aḋa ḋeiṫ, — ba ṁór an náire é, —
An loċt, a Ṡaoí, do fáġaiṁ-se,
Air na duanta do sgríoḃ sé féin,
'S é 'n ċaint, a ṁic-ó, na h-aimsire,
Do sgríoḃ sé ionnta go léir. —
Is ró olc gur lot sé a ḃ-ḟéarsuiġ,
Le caint (diction) Ċúige Múṁan;
Mar buḋ ċóir go m-beiḋeaḋ fios aiġe,
Go g-cuirfeaḋ sé gaċ mac-léiġin amúġ —
Táid siad, go deiṁin ró áiteaṁúil,
Ní h-ait liom-sa áiteaṁúileaċt air biṫ,
Táid siad leis, ró ċúigeaṁuil,
Sgríoḃṫa go h-olc, aċ deunta maiṫ. —
Do ḋaoine ó gaċ cúntae i n-Éirinn;
Naċ mór aguinn ins na sgoile 'nois;
A nglacfuiġ siad caint Déisi?
Smaoin air is cóṁaruiġ do ḃris!
B'ḟeárr liom go ḃ-ḟáġainn ó Ḋéisi,
Ainm an ġraimméir tá aige féin;
Le críoċnúġ'ḋ briarṫa na Múiṁniġ
Cá b-ḟuil sé le fáġail, 'nnis dam é ?
Is ioma graiméar 's leaḃar do léiġ mé,
'S is ioma uair do ċuir mé fúm;
Do ló 's d' oíḋċe gan ḟios d' aon-nea',
Ag lorg críoċnuġ'ḋ briarṫa ċúige Mú¬
ṁan. —
N' ḟacas fós in aon ġraiméir
Na briarṫa, "raiġaċ, tógag, beaċ 's bíoċ';
Leis an críoċnuġaḋ sin aon uair
Riaṁ, níor sgríoḃ gramudaċ iad.
Aċ do ċualas iad sa m-ḃaile,
In ar Í ġlas ṫall ṫar na d-tonn;
Aig cailín, buaċaill, sean-ḟear 's cailliġ,
Laḃarṫa mar do sgríoḃ sé ḋúinn. —
Do sgríoḃ sé go h-olc, a Ṡaoi, an líne,
"Tá le seal ann Saġsana Nuaḋ;"
Is mar seo do ċluin sé é sa m-baile,
"Tá le soal i Sasana Nuaḋ." —
Mar ta "a" no "i" de'n peartuic laḃ¬
arṫa 's sgríoḃṫa
A n-ionnad "ann" no "in" roiṁ áitiḃ 's
tíriḃ;
Urdúḃann sí cuid aca 's anállon sí cuid
eile.
So sampla ḋuit do Déisi —
"An ḃ-fuil do ṁac i n-Albuin a Ḋéisi,
I Sean Ṡasanaiġ, no i m-Baile-ċoitín?
Ní'l, aċ ta sé i Sasana Nuaḋ le míosa,
Fuair me leitir uaiḋ Diaṫorduín."
A ndeir aon níġ uim an Ġaoḋailge?
No uim an coileán sin Aċoiḃinn?
Ta a gaḃailt air an Déisi,
Mo ċreaċ naċ ḃ-fuil sé 'g-Capuċoínn!
An áit is fearr ( mar ḋeaġ ) i d-talaṁ
na h-Éireann,
Go labartar an Ġaeḋlig ḃreáġ ḃlasta
ḃinn;
Fuaid na Déiseaċa 's na h-aite go léir
ann,
Agus siar ḋeis cúpla míle go Aċoiḃinn
P. S. Cuirean sgríḃinn Ḋéisi am ċui¬
ṁne pictiúr do conarcas uair le iom¬
aiġ fear léiġeanta ann. Nuair do iom¬
pófá é, ċíḋfeaḋ ceann asal, agus do
léiġ sé,
Is fear mór, léiġeanta mé, teann:
Aċ iompuiġ me' ċiḋfiġ tú asal ann.
