432
AN GAOḊAL.
Petrie's A.I.M.
No. 304.
See vol.
VIII. p.
136.
ṖLÁNÉID ṀAIĠEÓ.
(Air — Joe Mor McDonnell)
The following poem, the longing for
home sentiments of Rafferty while so¬
journeying in the county Galway, will
revive home thoughts in the minds of
many of our readers. We are indebted
to Mr. Martin P. Ward for it.
I
Anois teaċt an Earaiġ ó ṫárla 'n lá
síneaḋ,
Teaċt na Féile Briġide tóigfead mo
ċeol;
'S ó ċuir me 'mo ċeann é ní stata me
ċoiḋċe,
No go seasaḋ me ṡíos i lár Ċondae
Ṁaiġeó.
A g-Clár Ċlainn Ṁic-Muiris beiḋead
an ċeud oiḋċe,
'Sa mBalla, taoḃ ṡíos de, ṫoiseoċas
an t-ól;
Go Coillte-maġ raċfad, go ndeunad
cuairt ṁíosa,
A ḃ-ḟoisgeaċt ḋá ṁíle go Ḃeul-an-aṫ-
móir.
II
Tá ḟios aig an saoġal go n-éiriġeann
mo ċroiḋe,
Mar siolaḋ de 'n ġaoṫ no mar scapas
an ceo,
Trá smuainím air Ċeara, no air Ġeal¬
an taoḃ ṡíos de,
Air sgeaċaċa ṁíle no air Ṗlánaed
Ṁaiġeó.
Cilliadáin an baile ag a ḃ-fásan gaċ
níḋ ann,
Tá smeuraḋ súḃcraoḃ ann as measa'r
gaċ seod;
'S da mbéiḋinn-se mo ṡeasaḋ a g-ceart
lár mo ndaoiniḃ,
D'imṫeoċ' an aois díom, as ḃéiḋinn a¬
rís óg.
III
Tá coirce 'gus cruinṫeaċt, fás órna a¬
gus lín ann,
Tá seagal a g-craoḃ ann, arán plúir a¬
gus beoir;
Tá loċt uisge-ḃeaṫe gan license a díol
ann,
Agus mór-uaisle na tíre ag iṫe 's ag
ól.
Tá cur agus treaḃaḋ ann a's leasuġaḋ
gan aoileaċ;
'S iomaḋ sórt niḋ ann ná'r ṫráċt me
go fóill;
Tá áiṫte 'gus muíllte ag obair gan sgíṫ
ann,
Ní'l tráċt air ṗíġinn cís ann, no 'r niḋ
biṫ d'a ṡórt.
IV
Tá 'n t-uisge 's tá 'n loċ ann, a's na h-
aiṁneaċa líonta,
Na carraċa deuntaḋ, 's na coċail ag
gaḃáil;
Tá 'n liús, an breac, 's an easconn na
luiġeaṁ ann,
An portán 's an fiġeaċán, an ranaċ 's
an rón;
Tá 'n briodán 'san béalaċ na g-coṁnui¬
ḋe ó oiḋċe ann,
Na líġḃáiḋ ag triall ann ó 'n ḟairge
ṁór;
Tá turbait a's tá lobsteir is tá pluc¬
ain ann ṫríoḃṫa,
'S ta cnádain a's éisg ann ċó farsaing
le móin.
V
Tá gaċ h-uile ṡórt áḋmad da'r cuireaḋ
'riaṁ síos ann;
Sycamore, beech, coll, giuḃsaċ a's
fuinnseog;
Box agus cuileann, mulbarṫa san caor¬
con,
'San dair ġlas a dneuntar bád, long
a's crann-seoil.
Tá log-wood, mahogany, is gaċ áḋmud
d'a ḋaoire ann,
'San tear-wood d'a ndeuntar gaċ uile
ġleus ceoil;
Tá 'n tolltóir 'san sgeaċ d'a ngearraḋ
's d'a snaomaḋ,
'S tá 'n t-slat ann a ndeuntar cliaḃ,
cis, agus lód.
VI
Tá 'n ċuaċ 'san smólaċ a freagairt a
ċéile,
An lonnduḃ 'san ċéirseaċ air gor os a
g-cóṁair;
Tá 'n creaḃar 'san linet 'san goldfinch
a g-cage ann,
