AN GAOḊAL.
439
AIṪREAĊUS.
Ní'l maiṫ ḃeiṫ smuaineaḋ, no ní'l maiṫ ḃeiṫ caoineaḋ
Air na laeṫiḃ d'imṫiġ mar ṡéideóig gaoiṫ';
Ní'l maiṫ ḃeiṫ cráiḋte timċeall aimsir' caiṫte,
Agus uair na h-óige tá uainn a ċoiḋ'e.
Muna ḃ-ḟuilmíd feasda le craiḃṫeaċt lasta,
'Gus ár g-croiḋṫe tógṫa do Neaṁ go síor;
Muna ḃ-fuil ár smuainte 's ár n-innt'nne claonta
Air an ċóṁnuiḋe áluin na beaṫa fír'.
Ċum roṫa muilinn, mar go bráṫ ní ḟilleann
An t-uisge d'iompuiġ é aċt am aṁáin,
Mar sin ḋ' ár m-beaṫa 'gus a h-aimsir sgarṫa
Nuair dó ḃí ár g-croiḋṫe le dóṫċus lán.
Le dóṫċus líonta, aċt a n-diu, táid críonta, —
Óir na néiṫe ṡaoil'mar a ḃeiṫ ċo breáġ
Do riṫ siad ṫorrainn, 'gus níor ḃronn siad orrainn
Aċt ualaċ cúraim, le trom-ċúṁa 's cráḋ.
'San am tá láṫair, aig gaċ siúr a's bráṫair
Tá leaṫtrom croiḋe agus brón go leór;
Aig siúḃal an t-saoġail O! is iomad baoġal
A' teaċt 'nn ár m-bealaċ 'gus a' tarruing deór.
Muna raiḃ na bliaḋanta tá ṫarrainn sínte
Do Ḋia tugṫa mar buḋ ṁaiṫ linn féin,
Mar sin is ceart dúinn, go dian, le searc-rún,
Ár saoġal do leasuġaḋ gaċ lá, go treun.
'S anois le Nuaḋ-Ḃliaḋain bioḋ againn cruaiḋ-ṁian
Gan cionntaċd ḋeunaḋ, no gan níḋ a ráḋ
Do ḃeurfaḋ náire, no do ṡaoṫarfaḋ táire,
Aċt bímís ceart agus cóir go bráṫ.
Tá Ríġ na ḃ-Flaiṫeas in A ġráḋ 's A ṁaiṫeas
Go síoruiḋe féiṫeaṁ le peacaċ fán;
'Gus tá fáilte ḋílis agus dualgas mílis
Do luċt an aiṫreaċuis ameasg na slán.
"Pádraic."
Nuaḋ Eaḃraċ,
Mí-Nodlog, 1884.
SENTIMENTS OF OUR SUBSCRIBERS.
Ala. per F. S. McCosker, P. Golden. F. D. Mc¬
Cann, J. O’Grady, J. McManus. T. Keegan, Mrs.
W. O'Haire, W. O’Sullivan, J Connolly, M. Rob¬
ins. J. Sharon aud F. S. McCosker.
Canada E. Lynch, T. W. Harrington, D. J.
Holland, P. Crowley.
Conn. per Major Maher, J. Kelly, T. O'Callagh¬
an. Capt. L. O’Brien, J. Donovan and P. Maher.
Cal. Capt. J. Egan. J. Deasy, per P. McGreal
Dak. J. J. O'Connor, T. O'Connor, E. Fitzpa¬
trick, per J. J. O'Connor.
Ga. J. B. Killoughry.
lowa. J, Hagarty.
Ill. Mrs Ryan, per M. Darsey.
Ky. J. H. Jordan.
Kan. T. J. Fitzgelald, J. O’Sullivan.
Mass. D. O’Sullivan, J. McNally. Dr. O'Con¬
nor, C. D. Geran, C. Riordan, J. Hearn, H. Sul¬
livan.
Miss. P. Roach, M. Moore,
Mo. J. Finneran, M. Riordan, J. G. Joyce,
Mont. P. S. Harrington.
Nev. J F Egan. M A Feeney, M Crowley,
