AN GAOḊAL.
445
PHILA LA NODLOIĊ ḂIG, 1885.
A Ṡaoi ionṁuin :
Anois ó ṫárla an t-sean ḃliaḋain
ṫarainn agus muid a d-tús na Bliaḋna
Nuaḋ, is cóir dam luaċ an Ġaoḋail do
ċur uaim air feaḋ bliaḋain eile. D'a
ḃriġ sin, cuirim ċugad aon dollar air
mo ṡon féin, ní mór liom an luaċ sin duit
air ṡon do ḋoċair; do ċuir an ceaṫ¬
ar seo eile trí fiċid piġinn an duine liom.
Tomás Ua Cluiġinn, Domnall, Tomás
agus Pádruic Ua Cuinnealla. Tá siad
'nna g-cóṁnuiḋe ins a g-caṫair seo.
Ó ġlac na Sasanaiġ seilḃ air Éirinn
seaċt g-ceud bliaḋain ó ṡoin, no mar
sin, is iomaḋ slíġe agus bealaċ i feuċaḋ
le na n-díbirt air a n-ais. Is iomaḋ
fear maiṫ a ċaill a ṡláinte b-priosúin
Ṡasanaiġ, agus díbriġeaṁ na mílte 'na
n-deoruiḋ' air fuaid an doṁain. Mais¬
eaḋ, n-aiṁḋeoin gaċ gaḃaḋ, baoġal agus
buairt d'ar ḟulaing na daoine seo air
ṡon Éire, tá ar d-tír fós faoi ċuing
aig an náṁaid. Ní túisge fuair an
drong seo bunn a g-cos i n-Éirinn is é
an ċeud níḋ a rinneadar bacaḋ a ċur
air ar d-teangain agus air ar g-creid¬
eaṁ. Do ṫárla leo an Ġaeḋilge ċlaoiḋ¬
eaḋ aċ, buiḋeaċas do Ḋia, tá 'r g-creid¬
eaṁ buan-ṡeasṁaċ fós, agus béiḋ go
bráṫ. Ceist agam orraiḃ, a léiġṫeoir¬
iġe an Ġaoḋail, agus a ṁuintir mo ṫír¬
e. An measann siḃ gur féidir le daoin¬
e air biṫ 'sa doṁan a ḃeiṫ air mire ċo
mór sin is go m-beiḋeaḋ súil acu buaiḋ
d' ḟáġail air a náṁaid agus a ṫiom¬
áint ó na measg agus iadsan a laḃairt
teanga na náṁaide sin, agus i ceileaḋ
's deunaḋ neaṁṡuim d'a d-teangan
féin? Má ṁeasann, is mór atá siḃ a
dul amúġa no tá mise meallta. Dá m-
ḃeiḋaḋ gan aṫruġ'ḋ de réasún againn
an teanga seo d' ḟóġluim aċ go ḃ-fuil
an oiread de ġráin agus dúil i a ċur
síos aig na Sasanaiġe, buḋ ċóir dúinn
aon iarraiḋ aṁáin le gráḋ ar Éire & le
fuaḋ air Ṡasanaiġ do ṫaḃairt ċum go
g-cleachtóċ'muis an teanga seo & a cur in
a h-áit féin ameasg na náisiún eile.
Slán leat. Do Ċaraid,
SEÁĠAN Ua LEIĠEANN.
IḂ 19 SRÁID Ṁc ELDERRḊ,
Báltimóre Md., Seaċṁaḋ lá de
Ġionḃair, 1885.
A Ṡaoi ;— Glac mo buiḋeaċas air ṡon
do ṫráṫaċ i freagairt mo leitir. fuair
mé do ċárda air an deaċṁaḋ lá de ṁí
na Nodlog, aċ ní ḟuair mé an páipeur
go ceann ḋá lá na ḋiaiġ sin. Ḃí eagla
orm naċ ḃ-suiġinn iad; go n-deaċaiḋ
siad air seaċrán mar an ċeud ċeann.
An páipeur a ċuir tú ċugam i d-tús
na míosa imṫiġṫe, fuaireas i né é. Ní
maiṫ liom aon uiḃir do 'n Ġaoḋal a
ċailleaṁ, mar is sé mo ṁian gaċ leaḃ¬
ar a ḃeiṫ neiṁ-ḃriste. Cia 'n fát naċ
g-cuireann tú gaċ faoisgríoḃaiḋe faoi
eide, ionnus go d-tig leat clóḋ Gaeḋil¬
ge ċeannaċt? Béiḋ mise dollar nó ḋó
má tá siad iomlán sásta mar a g-ceud¬
na. Ní ṡaoilim go ḃ-fuil éineaċ a laḃ¬
ruiġeas Gaeḋilge naċ d-tiuḃairfeaċ
dollar ċum cúngnaṁ ṫaḃairt do'n ḟear
a tá d'a ḟoillsiuġ'ḋ. Buḋ ṁaiṫ liom fios
ḟáġail cia ṁéud taoḃ ḋuilleóg i ḃ-foc¬
lóir Ui Riaġlaiġ. A ḃ-fuil an focal a
nGaeḋilge agus a ṁínuġ'ḋ i m-Beurla,
no an focal agus an mínuġ'ḋ i nGaeḋil¬
ge? Iarr orm aon dollar íoc le clóḋ
Gaeḋilge ċeannaċt leis a' nGaoḋal a
ḋeunaḋ seaċṫṁainṁuil, agus cuirfiḋ
mise an t-airgead ċugad am air biṫ a
n-iarran tú é.
Do ċaraid ṁeas'ṁuil,
T. O'CUMMUÍĠIN.
(Ní'l an t-am apuiḋṫe fós le iarraċt
a ṫaḃairt air an Gaoḋal a ċlóḋḃualaḋ
go seaċtṁuin'ṁuil. Deunóċaḋ gaċ teag¬
airṫeoir a ḋíṫċioll teagaireórṫaḋ eile
ḟáġail ḋó, agus b'ḟéidir a g-cionn ḃliaḋ¬
an no ḋó go m-beiḋeaḋ sé 'nan é ḟéin
d' íoc. Breaṫnuiġeann muidne orrainn
féin, aṁáin, mar ṁaoir an Ġaoḋail, &
annsa maoirseaċt sin, ní mian linn a
ċur a g-contaḃairt le greim a ċuir in
a ḃeul naċ féidir leis a ṡlugaḋ.
Tá seaċt g-ceud dulṫaoḃa i ḃFoclóir
Ui Riaġailliġ; an focal i nGaeḋilge &
a ṁínuġaḋ i m-Beurla. — F. G.)
Send Sixty Cents for the Gael for one
year.
