458
AN GAOḊAL.
a' spideaḋ sa' díṁeasaḋ a ċéile. Ní
léiġeann an deiċṁaḋ duine dod léiġ¬
ṫeóiriḋ iad; an te a léiġeas ní'l de ṫo¬
raḋ air a ṡaoṫar aċt mio-ṡásaḋ; agus
níor b'iongantaċ liomsa da n-éireoċaḋ
taiḃse Ossainne & roinn doiḃ seo do
ṁúċaḋ, atá, go dian, a' tarċuisneaḋ
na h-eaḋ-lána uasal a ṫug céim ḋó &
a ċongḃeoċais a ainm i meaḃair agus i
n-urraim na g-cinneḋiḋ go críoċ an t-
saoġail.
Is doiġ, a Ṡaoi, go measfair an scrí¬
binn seo do ḃeiṫ ro-lom agus ro-ḃorb¬
ṫa. Aċt tá muinín agam anns an n-
Gaoḋal: ní áill liom aon níḋ d'ḟeic¬
sind ann a ṁeasaim do ċuirfeaḋ ḃac
air, agus d'iomċaraḋ áḋḃar mo ċas¬
aide ċo fad as go "g-críoċnuiġeann
sostaċt do beiṫ 'na ṫiodlaice." Ní ṡé
mo ṁian aiṫisean do ṫaḃairt no mío-
sásaḋ ċur air aoineaċ; aċt sílim nar
ċóir liginn do aoineaċ da ḟeaḃas seas¬
aḋ i solus na ċúise. 'S air ṫaoḃ na
cúise do'n ceist a ḋearcaim-se — "Ní go
ngráḋuiġim iadsan níos lúġaḋ, aċt go
ngráḋuiġim an Ġaeḋilge níos mó."
Feudfaiḋ siad seo, ġan aṁrus do
ḃeiṫ níos dúraċtaiġ 'ná táim-se d-tim¬
ċioll na cúise; aċt má tá, ní ḟeicṫear
ḋaṁsa go d-taisbeánainn siad é anns
an doiġ is cóir.
Le críoċnuġaḋ, deirim leat, a Ṡaoi,
Congḃaiġ brat an Ġaeḋil mar ḃrataċ
uaíṫne Inse ar n-dúṫċaís, gan smál, go
h-árd os cionn euda, baoṫ-ġlóire no
ain-ṁiana fir no buiḋeán. Coisgiḋ iad-
so atá go dian a' loċtaḋ a ċéile anns
a nGaoḋal. Drid do ḋuilleoga orṫa.
Agus ibse, a léiġṫeoiriḋ, biḋige cin¬
eálta da ċéile agus fial don Ġaoḋal.
Tuilleann sé ar ngráḋ agus ar n-deiġ
ḋiṫċiolláiḃ. Ċiḋmid go ḃ-fuil sé riaċt¬
anaċ don ḟoilliġṫeoir, d'iarruiġ air
gac léiġṫeoirḋe, aras agus arís, luaċ
a b-páipéir do ċuir ċuige. Ḃeiḋeaḋ sé.
náireaċ mar be naċ féidir gur ísleaċt
intinne no mí-ionracas is ciotaig leis,
Ní ṡé aċt failliġe. Tá ainm againn, ce
biṫ ar loċta, do ḃeiṫ fial mór-ċroiḋeaċ.
Ná breugnamuid an deáġ-ainm seo' oir
is follus naċ m-biḋeaḋ oiread cárnáin
basain dó ċroiḋe ag an te a léiġeaḋ an
Gaoḋal seal bliaḋna gan íoc air a ṡon.
Seaċnuiġmid an ḟailliġe ġráineaṁuil
seo ó seo suas. Cuireaḋ gaċ aon a
ḟaoi-scríoḃa uaiḋ go tapaiḋ; tá siad
uile ḃ-feadm go cruaiḋ air an b-ḟoill¬
siġṫeoir. is ḃeag uiṁir na muintire
naċ ḃ-fuil saiḋḃir go leor le dollar
'sa m-bliaḋain do ḋíol air son an Ġae¬
ḋil. Deunfaḋ cúpla "riobail coiliġ"
níos lúġa 'sa m-bliḋain suas an diṫfir
do gaċ aon againn. Tarrainn d'ḟiċead
piġinn, cúig-ċeud uair, go d-ti ḋá ċeud
dollair. Ní ċruiṫneóċaḋ aon nduine
na piġineaċa & buḋ deas na brontanas
an dá ċeud dollar don Ġaoḋal. Tá
tuille clóḋ a ḃ-feaḋm: & ṫárla go
ḃ-fuilmid uile a' roint i d-tairḃe na h-
oibre maiṫe tá 'n Gaoḋal a' ḋeunaḋ, buḋ
ċóir dúinn uile roint 'sa ċostas — láiṁ
ċuidiḋ ṫoirṫ do ċomann Gaeḋilġe
Ḃruaiċlinne — fóireaḋ leo an Gaoḋal do
ċóiruġ'ḋ suas i g-culaiḋ úr, de ċlóḋ
nuaḋ Gaeḋilge, á ḃunn go bárr, i ḋ-túis
na bliaḋna seo ċugainn.
An te nach feidir do an dollar do dhiol (agus fos
an te a d-tig) faghadh se leightheoir ur don phai¬
peur. Cuireadh gach aon roimhe anois, ag tuis
na bliadhna uire, maith eigin, da ladhad, do
dheunadh do chuis ar d-teangan ; agus ni feidir
d'aoinneach nidh air bith do dheunadh nios tair¬
bhidh don chuis seo 'na cuideadh le (feudaim de
radh] aon teachtaire na teangan sin i b poiblidh¬
eacht mhor na leitir.
Ma nidhmid seo agus do bheith cuideamhuil,
carthanach le cheile beidh deagh-thortha ar bh-
feile 's ar ndeagh-iomcear'a, soileir, i nghearr, ann
ar m-biseach fein & i bh foirnoamh na cuise ; &
fos, cuirfimid an Gaodhal air a bhunnaibh go dain¬
gean, i ndealbh, cuis ar d-teangan do ghreasadh
ann tossaidh go brioghmhar, & i bh-fuirm le
sleagh do bhriseadh go laochradh le aon nduine,
no le paipeur air bith ann aon teangain a feach¬
fair le tromchuis do chur orrainn no le olc no ur¬
choid do dheunadh dhuinn.
ROSSANAĊ.
(Do shileamar nach rabh an leitir seo cho fada sul
do rinneamar usaide de'n chlo Gaodhalach. agus
do bhi an roinn dheigeionach di cho taithneamh¬
ach do chrnidhe an fhoilsightheora is nach d-tig¬
eadh leis sgur gan a criochnughadh. F. G.]
The fact that the "Red headed” Irishmen have
thrown aside the shillelah and have adopted a
more effective weapon, causes the owls of the pro-
British press to shriek venomously — A ducking in
the E. River might cool these bloodhounds.
