472
AN GAOḊAL.
HARLEM.
An Deiċṁaḋ lá de Ṁárt, 1885.
D'Eagarṫóir an Ġaoḋail.
Molaiġ Aċoiḃinn.
D' eoile mé a ḃ-fail, 's cois taoide,
Mar a scapṫar an fíon air bórd,
Ní náire ḋam i ainm a ínsint:
'S é Aċoiḃinn bríġ mo sgéil.
Bíḋeann ceol 's maiġistiriġe rínnc' ann;
A's sagairt aig suiḋe ċum bórd,
'S fáilte ġeala tintínsir,
Aig an marcaċ aig leaġai-ċrí-bóird.
Do ṡiuḃalas ċallaiḋ Portláirge,
Na Déiseaċa féin do ġaḃas;
Cill-ċuinne, Cill-ḃuird, Cill-áirníġ,
Gaċ imeal dá áile 's gleann.
Am ṡiuḃalta n' ḟacás aon áit eile
Buḋ ḃinne 's buḋ ḟáilte dream,
Ná 'g an imeal so 'n aice na sáile,
,S mo ḃeannaċt mór fágaim ann.
Laḃurann ċúiċín 'sa g-Cáisg ann,
'San spideog binn beag teann;
Bíon an smólaċ, an lún, 'san ċáġag ann,
Aig neaduġaḋ air ḃárr na g-crann-
Bíḋeann uaisle seala deun' aeḋir ann,
A ḃ-ḟuiṫin na g-craoḃ ’s na g-crann;
Bíḋeann lúr 's taiṫnioṁ ó'n ngréin ann
,S taisdiol ban-déa ċuġainn ann.
Bíḋeann fiaḋna meanuiḃ air saoṫar,
'S an snag-ḃreaċ aig sreuċant ann;
D' réir mo ṫaisdiol ní breug dam,
Gur beárraḋam féin dul ann.
Bíḋeann aḃalla breac agus bán ann,
An pluma 's an t-áirne donn,
Raḋarc air ċuanta 's air ċallaiġe na
ṁ-ḃád ann,
Go bríoġṁar, réiḋ 's air ḟeaḃas.
Tá tuille agam-sa le áireaṁ,
Ṗil-ṗilip, ná'r luaṫ mé fós.
B' é rúd buḋ túisge 'san m-beárna,
No meáḋon buíḋean cruaiġ gleo,
Dá ṁéid "Clann Usnuiġ" le áireaṁ,
Aig imearascáid 's an ngleo;
Dá seasóċaḋ an lá 'sé mo ṫuairim,
Ní leigfeaḋ sé an báire leo-
Tá suiḋeaċán sagart 's ḃráitre ann,
Luċt léiġin go h-árd a laḃairt,
Dóṁnall, Diarmuid, 's Mártan,
's ḋá luaṫfuinn Seáġan 'n a ġeaṁuil.
Aċt an íllion deas do ṫáinic,
Ó ḃroinn an ṁnaoi ċrob laḃar;
Gur buan a ṁaireaḋ a sláinte:
Luċt riaraḋ na féile ann.
AĊOIḂINN,
We publish with pleasure the following effort of
a member of one of the philo-celtic classes to put
in rhyme his exultation at the route of the Brit¬
ish forces by the Mahdi. What an appropriate
air he puts to it?
RUAGAḂ NA nGALL Ó'N SOUDAN.
Fonn — Aistir Ṗáidín Uí Ċonċoḃair do
'n Ġealaiġ.
Air — Paddy O'Conor's Trip to the Moon.
1
Taḃair cluas dam, a léiġṫeora 'n Ġaeḋil
A's ċíḋfiḋ sib puinnte mo sgéil,
'Sé a ṡuim, noċ d'adṁuiġim le greann,
Ruagaḋ na nGall 'san Soudan.
2
Arsa Wolesley, lé prionsa na Sacsan,
Is é triall do 'n ċogaḋ a nonn,
"Béiḋeaḋ ḃaile lá Nodlog, gan maoiḋ',
'Réis an Mahdi a ruagaḋ 'sa ċlaoiḋ',
3
Arsan Mahdi, air ċlos dó 'n sgéil sin,
"Is deacra é ḋeunaḋ ná 'ráḋ,
Gealfaiḋ cnáṁ' a ṡaiġdiúr na gleannta,
A's béiḋ mise 'n a seilḃ gan sgáṫ."
4
Anois atá 'n Mahdi na ṁaiġistir,
'S na Sacsan a teiṫeaḋ le gáḋ,
'S d'ar ṫáinic beo 'ca ó 'n sleaċdaḋ,
Is furas a g-cóṁaireaḋ gaċ lá.
5
'Sa 'n-áit a ḃeiṫ ḃaile faoi Nodlaic,
"Taréis an Mahdi a ċlaoiḋeaḋ,"
Tá Wolesley teannta 'sa ḃ-ḟásaiḋ,
'S gan dóiġ go ḃ-fillfiḋ sé ċaoiḋċe.
6
Sa 'nois aig críoċnúġ' mo rann,
Noċ a ġníḋim le uaḃar a's greann,
'G aṁarc air cúṁaċt Ṡasanaiġ tráġ'ḋ,
Mar ṡneaċt' an Earraiḋ i leáġaḋ!
