478
AN GAOḊAL.
LAOĊRA NA h-ÉIREANN 'SAN Ḃ-FÉIS SASANAĊ.
Tá dúil ag an íolar i ngeḃionn ḃeiṫ 'sa spéir';
Tá cuiṁne aige air ḋídean 'measg na m beann.
Tá an bárd seaċrán 'g osnaġail fá 'n am a ḃí saor,
'S fá ḟallaing ḟionn 'n áit eudaiġ ḋearoil', ḟan'.
Aċt béiḋ báiṫte súil an íolair le bliaḋaint' na n-deor,
'S gan cuiṁne laeṫe ḃí sé 'd-timċioll na n-aill;
Béiḋ fuar an bárd le boċtaċ 'gus mí-ċóir,
Béiḋ líonta a ċeol le náire, gan luṫ a ḃaill.
Aċt éist! tá 'n t-íolar i ngeḃionn trom ag clos
Árd-ġuṫ na saoirse; 'gus feuċ! ċiḋ sé ṡuas
Eun eile na saor-sgiaṫán 'gus saor-ċos —
Briseann sé 'cuing, 'gus eitiolan sé le luas.
'Gus feuċ! cluineaḋ an bárd fonn binn, síor-ḃuan —
Sean-ḟonn, a ḃáiṫeas smuainte air an d-tíorán feall;
A's éist! tá a ċruit ag dúsaċt ó ṫrom-ṡuan,
'S a teuda ag criṫ faoi ċaiṫ-ḟuaim 's bás na nGall.
Mar súd, 'nuair a d' éiriġ íolar Éireann-Ṁóir,
'Gus 'nuair 'ċuaiḋ aḃrán saoirse ṫar an lear,
Ṫug Éire air fáir, do ḃí faoi ċreaċ go leor,
'Gus beagnaċ ḃris sí a cuiḃre ró-ġeur.
Ḃ-fuil bárd-sgiaṫán an íolair sin go fóill
Ag brosduġaḋ i n-Éirinn dóiġ na laoċ a's fó ?
Tá — 's briseann cuing 'ḃí fáisge ann a ḃ-feoil,
'Gus éiriġeann siad mar ḋoineann ḋíoġaltais teo!
beañ regard
beiñ proper word
misused, this means
that the goorgar was
on first
AN CÚILḞIONN.
(Le Maitiú Ua Dúḃagáin)
Da ḃ-feicfeá-sa an Ċúilḟionn agus í ag siúḃal air na bóiṫraiḃ,
Ag ionsaiḋe na h-úr-ċoille a's an drúċt air a bróga;
'S í mo ṡearc í 's í mo rún í, a's ní'l tnúṫ aicí le h-óige,
Agus rug sí bárr áilne air ṁnáiḃ ḃreáġṫa na Fóḋla.
A m-beul-áṫ-na-gár atá an stáid-ḃean ḃreáġ ṁóḋaṁuil,
Ḃ-fuil a gruaiḋ mar na caorċon agus sgéiṁ in a clóḋ geal;
Buḋ ḃinne guṫ a béíl-sin 'ná an ċéirseaċ 's 'ná 'n smólaċ,
No an lonn-ḋuḃ air na coillte le soillse an tráṫnóna.
Éiriġiḋ a'd' ṡuiḋe a ḃuaċaill, agus gleus ḋam me ġearrán,
No go leanfaiḋ mé an stuaid-ḃean úd ṡuas air na cnocáin;
Tá sí d'a síor luaḋaḋ liom ó ḃíḋ sé 'na leanbán,
'S go m-bu ḃinne liom naoi n-uaire í 'ná 'n ċuaċ a's 'ná'n orgán,
Má ṫug mo ċroiḋe gráḋ ḋuit 's gur áilne gaċ sólás,
'S gan mo ṁuintir sár-ṡásta leat, a rúin ġíl na g-comann;
Páirt ṁór de m' ċruaḋtán, a's me ag cruaḋ ġol go daingean,
Faoi mo leanán ḃreáġ uasal do luaḋáḋ liom a m' leanḃ
A stóir ḋíl mo ċroiḋe! bí dílis agus daingean dam,
Na tréig rún do ċléiḃ a ngeall air é ḃeiṫ dealḃ,
Air — Petrie's AI.M
No 599.
41
