Vol 4, 10
AN GAOḊAL.
481
PEURLA DEAS AN t-SLÉIḂ ḂÁIN.
Fonn — Loċ Léin
Sé mo leun geur gan mé 'nn mo laċa ḃeag ḃán ;
Do raċfainn de léim a m-beul gaċ sruṫ is gaċ snáṁ;
Mar ṡúil lé Mac Dé go réiḋteoċ' Muire mo ċás,
'Sgo g-casfaiḋ orm féin í Peurla Deas an t-Sléiḃ Ḃáin.
Bliaḋain 'san oiḋċ' réir do reub na capaill an fál,
Ba ċuma liom féin é ní me ḃí a ḃ-farraḋ na mná;
Go Slige na sgéiṁe ma ṫéiḋim-se ní ṗillfiḋ me slán,
Agus biḋeaḋ a roġa céile ag Peurla Deas an t-Sléiḃ Ḃáin
Téiḋmid ag ól go n-ólfamuid cuide de 'n leann,
'Sa ḃ-fuil de ṁná óga gan pósaḋ tóigidís linn;
Biḋeaḋ coróin air an dís agus íocaiḋ na fir air na mná,
'S biḋeaḋ gini orm féin agus air Ṗeurla Deas an t-Sléiḃ Ḃáin.
Ceíṫre lá ḋeug gan ḃréig a ċaiṫ mé air an sliaḃ,
A síor aiṫris sgéil do ḃéilín ainḟir na g-ciaḃ,
Mo ḃeul air a beul is í ag éigneaḋ ṫaram a n-iar,
Is ḃí me d'a breugaḋ gur éiriġ ṫarainn an ġrian,
A ċuisle 'sa stór na pós an seanduine ċoiḋċ'
Aċ pós an fear óg ma ḃrón mar mairfiḋ sé aċ mí;
O, tá me bog óg 'sgo fóill naċ d-tainic mo ċiall,
'Sgo ḃ-fuil tuille 's lan báid de ṁna breáġ' deasa mo ḋiaiḋ.
A goid mná ma ṫéiḋir na teiḋ gan mise ḃeiṫ leat,
O tá ḟios ag an saoġal gur leo ċaill me mo raṫ;
'Sé duḃairt ainḟir na g-ciaḃ 's me taréis a breugaḋ go deas,
Is tú an buaċaillín sgéiṁ' is go n-éiriġe an obair sin leat
I went to the fair one day is mé g-cualuadar mná,
They brought me up stairs san áit ar ċoṁnuiḋ mo ġráḋ,
They placed me at table is é lán de iṫe 's de óil,
Is síleas lá 'r na ṁáraċ na raḃ an oiḋċe caiṫte go fóill.
D' iaras air maidin cia raḃ me g-caiṫeaḋ na h-oiḋċ',
'Sé duḃairt na mná óga go raḃ me ḃ-farraḋ mo ṁnaoi,
Is naċ m-beiḋinn feasda ċoiḋċe mo réic ag imṫeaċt le fán,
Óir pósaḋ mé aréir le Peurla Deas an t-Sléiḃ Ḃáin.
air — Petrie's A.I.M.
Nos. 1113 + 1114.
ma ṫeid
mise
I send this fine old song for the Gael, I would
like to see it in print as it is one of the many favo¬
rite songs which I often heard my father sing in
his cheerful hours at the old fireside, and now I
hand it down to coming generations, hoping the
day is not far distant when such songs, and our
mother tongue, will be appreciated. Yours
MARTIN P WARD
Is maiṫ an t-aḃrán e seo. Deunfa¬
muid ar n-diṫċioll sean aḃráin na h-Éi¬
reann a ċruinniúġaḋ asteaċ san nGao¬
ḋal. Anois, buḋ ċóir do gaċ h-uile Éi¬
reannaċ an cúram ceudna a ḃéiṫ air
faoi an nGaoḋal a's tá orrainn-ne. Ca
ḃ-fuil cáirde na teangan ó Ṗaterson,
Naishuá, agus bailte móra eile noċ do
ċuir cumainn Ġaeḋilge air bun? Sgar
an Gaoḋal; ní'l an cosdas mór d'a m-
b'éigin do ḋuine féin é íoc. Cuirfimid
Hardiman san nGaoḋal ó seo amaċ.
