482
AN GAOḊAL.
O BLAME NOT THE BARD
(DR. McHALE)
Air — Caitilín Ṫiriall.
1
Ná tóig air an ḃ-file má euluiġeann faoi 'n g-cluan,
'N a m-biḋeann soġ-ċlaon aig fonóid fá árd-tuaḋ go buan.
Níor ṫair ḃí ḋóiġ sinsir 's le uain 'gus le trá
Go clútaṁuil, do ḋeunfaḋ gníoṁ gaisgiḋ, gan sgáṫ;
An teud, tá 'nois sínte air an g-ceol-ċruit go fann,
Do ṡeolfaḋ a g-croiḋe an náṁaid an bás-ġaṫ go teann;
'S an teanga, naċ sileann aċt mil-ṡruṫ na g-claon,
Buḋ tuilteaċ í aig brosduġaḋ gráḋa tíre na ḃ-Fian.
2
Monúar d'a ṫír áluinn! tá a caiṫréim 'nn a luiḋe,
'S an croiḋe cróḋa briste, nár ḃ' ḟéidir a ċlaoiḋeaḋ;
Caiṫfiḋ éagċaoin a fíor-slioċt ḃeiṫ faluiġṫe ó'n t-saoġal,
Óir is bás-ḃreiṫ a ċosaint, 's ní'l a cumann gan baoġal.
Tá a clann gan aon ċeannas, mar n-deunfaiḋ siad feall,
'S mar d-truailliġid a sinsear aig inmpógaḋ le Gall;
'S an trillsean, tá aig lasaḋ sliġe céime, gaċ lá,
Naċ sgiobṫar ó'n g-cárn é, air a ḃ-fuil Éire 'ga cráḋaḋ.
3
Ná tóig air an ḃ-file a ḃeiṫ síor ḋeunaḋ rann,
'S an t-olc naċ n-dán leiġeas, do ḋíbreaḋ le greann;
Biḋeaḋ aige aċt leus dóċuis, is lasfaiḋ go beo
A rósg tre ḃrat cúṁa mar an ġrian tre sláṁ ceo:
Deunfaiḋ íoḋḃairt do Éirinn de na beusaiḃ a ḃíḋeann
'Ga ṡeolaḋ air mearḃall le fánaḋ a ċlaon,
'S le dlaoiġ na g-craoḃ glas, a tá fiġte air a ċeann
Mar an Greug, aig imirt ḋíoġaltais, falóċaiḋ sé a lann.
4
Aċt giḋ gur eulaiġ do ṁór-ċéim, mar aisling na h-oiḋċe,
Béiḋ d' ainm 'ga luaḋ aig an ḃ-file a ċoiḋċe,
An trá is mó suarcas air aigne le seun,
Béiḋ aig seinnim go h-árd-ḃinn do leaṫ-trom 's do leun :
Cluinfiḋ an coigríġeaċ do ġárṫa-croiḋe fíor',
Raċfaiḋ éagċaoin do ċláirsiġ ṫar ṁuir a's ṫar ṫír,
'S do ṫiaġrnaiḋ, aig teannaḋ na slaḃraiḋe dod' ċlaoiḋ',
Silfiḋ deora na truaiġe le teann ḃriste croiḋe.
B' feárr linn ḃeiṫ 'nan an t-aḃrán sin a ṡeinnim 'na saiḋ¬
ḃreas Ṡeóirse. 'Sé an t-aḃrán é is breáġṫa i seinneaḋ a
riaṁ. Aċ is an ṁór an difir a tá eidir an ama seo agus
an t-am ar cumaḋ an t-aḃrán. D'ḟeudóċaḋ cláirseaċ na
h-Éireann a ḃeiṫ seinnim a h-eugċaoine go liaṫóċ' a ceann
agus ní ċorróċaḋ sé smuainte truaiḋe a g-croiḋṫiḃ a tíġ¬
rneaḋ. Ṫeannadar na slaḃruiḋe ċo fad a's d-feudaḋar,
aċ tá 'nois timċioll ċúig ṁilliún ḟiċead Éireannaḋ sgapṫa
air feaḋ an doṁain, armaiġṫe ċo maiṫ le na Sasanaiġ, &
is le torann agus éifeaċt an airm seo a éistfeas a d-tíġ¬
rnaiġe in áit eugċaoin a cláirsiġ. Aċ seinnfiġear an t-aḃ¬
rán i g-cuiṁne na sean-aimsire, a's dánaraċt Ṡ. ṀicÉil.
