490
AN GAOḊAL
A m-BÉIḊ ar d-TÍR ṀOĊT ÁLUINN SAOR go DEO?
(From the Chicago Citizen, — Translation on opposite page.)
A mbéiḋ ar d-tír ṁoċt áluinn saor go deo?
Sin í an ċeist tá fiafruiġṫe in ar measg
Air feaḋ níos mó 'ná ċúig ċeud bliaḋan trom
Fiafruiġear í le daoiniḃ a ċaras Éire, —
Daoiniḃ tá fíor do ċúis a slioċt 's a d-tír', —
'Gus fiafruiġṫear í le daoiniḃ ag naċ ḃ-fuil
Aon smuainte tíreaṁuil timċioll tír' a m-breiṫ', —
Daoiniḃ naċ ḃ-feiceann ins a ḃ-focal "Saoirse,"
Aċt cead a n-ainṁianta féin do ḋeunaṁ :—
"Talaṁ gan cíos," a's gaċ niḋ bun os cionn.
A m-béiḋ ar n-oileán sgriosta saor go deo?
Ní ḃéiḋ sí saor go bráċ go m-beirṫear ḋi
Clann le n-a g-croiḋṫiḃ lán de spioraid fíor
Na saoirse ;— clann ag naċ m-béiḋ míṁeas
Air neiṫiḃ ḃaineas le n-a slioċt 'sa d-tír, —
Clann mar na daoiniḃ rinne saor an Ġréig,
Nár ċleaċd aon teanga aċt a d-teanga féin
Nár ċrom a nglún roiṁ' neart a m-buaiḋṫeoir,
Nár ḟiafruiġ a saoirse aċt le claiḋeaṁ a's lainn,
'S nár ḟóġluim caint na náṁad a sgrios iad!
A m-béiḋ ar n-Éire ḋílis saor go deo?
Ní ḃéiḋ sí saor ċó fad a's ṁaireas ceann
Na g-cainteoir a ċreideas in a g-caint aṁáin,
Giġ teanga sgriosadóir gaċ focal deir siad
Ag laḃairt uim sgrios a g-ciniḋ 'gus a d-tír'.
A Ḋia ṁóir! ḃ-fuil ciall air biṫ in Éirinn?
An óinseaċ í measg cineaḋaċ an doṁain?
An iongnaṁ é go magann daoine fúinn
'Nuair laḃaireamuidne ḃeiṫ n'ar máiġsd'riḃ féin?
Iarrann sinn neiṫe gan aon ṁaiṫ air biṫ,
'S ní ċuireamuid suim 'sna neiṫiḃ taḃaċduiġe
Ḟoillsiġeas do'n doṁan gur ċóir dúinn a ḃeiṫ saór.
Is cosaṁuil iadso a ṫreoruiġeas Éireannuiġe
Leis an g-coileaċ saoḃ, mar innistear 'san sgeul,
Fuair seod mórluaċ a g-cárn aoiliġ,
Agus de briġ naċ raḃ sé maiṫ le iṫe
Do ḃuail é as a ḃóṫar le n-a ṡál;
'S duḃairt sé le na cearcaiḃ in a ṫimċioll,
"B'ḟeárr liom gráinnín órna 'ṁáin dá laḋad
'Ná 'n seod is áillne 'gus is mó 'san doṁan."
Is seod mórluaċ teanga tíreaṁuil Éireann,
Is seod ċo breáġ a ceolta caoṁ a's binn;
Naċ cosaṁuil treoruiġe laḃaraiġe ar n-daoineaḋ
Leis an g-coileaċ saoḃ sin; óir, naċ ḃ-fuil siad
Ag dearmuid neiṫeaḋ luaċṁair, 'gus ag ráḋ
Naċ fiú a g-cúirim, caint a's ceol a d-tír' ?
Guiḋeamuid Dia, malairt a ċur 'na g-croiḋṫiḃ,
A's ciall do ċur a g-ceannaiḃ clann na n-Gaoġal!
GALL GAOḊAL.
