AN GAOḊAL.
493
CONDAE ṀAIĠEO.
Fonn — Condae Ṁaiġeo.
Is air an loing seo Ṗáidií Loinse do ḃíḋim-se déanaḋ bróin,
Aig osnaiġil 'san oiḋċe 'gus ag síor ġol 'san ló ;
Mar m-beiḋeaḋ an doilġíos atá air m'inntinn is mé ḃ-fad ó mo
[ṁuintir,
Dar m' ḟírinn is mait do ċaoinfinn ṫú, a Ċondae Ṁaiġeo.
Tá cnoic na Ceaṫraṁna Caoile seo siansaṁuil go leor,
Tá coiliġ 's cearca fraoiġ ann agus eunlaiġ seinm ċeoil;
Tá aḃla blasda, buiḋe ann agus cuaċa 'r ḃárr na g-craoiḃe,
Agus géimniġ bó agus laoiġ ann teaċt Féile Ṁuire Ṁóir.
'Gus go ḃ-faca mise an ġreen sin gan caora, gan bó,
Agus cnoc na Ceaṫraṁna Caoile sin faoi ḟraoċ agus faoi ṁóin,
Tá na fásaiġe 'nois ṫart timċioll faoi aḃla cúṁra Geiḃre,
'Sgur mar sin a ḃíḋim-se smuaineaḋ air Ċondae Ṁaiġeo.
Dá n-deunfainn cóṁairle mo ṁaṫrín do ḃeiḋinn-se maiṫ go leor
Ag eisceaċt lé fíon Spáinneaċ is le cóṁluadar ban óg;
Aċ muna síor ól na g-cárta 'gus an dliġeaṁ a ḃeiṫ ro láidir,
Ní a Sainti Crús a d-fágḟainn-se mo ċnáṁa faoi 'n ḃ-fód.
Maiseaḋ liosdáil mé le sergeant mo ċreaċ ⁊ mo ḃrón,
Agus ċuaiḋ mé leis ṫair sáile do'n Ḟrainc ⁊ do'n Róiṁ ;
Fuair mise gunna gárda agus bagnet ann a ḃárr sin,
Agus ṡaoil mé go m-beárr sin 'na ḃeit a g-Condae Ṁaiġeo.
Uċ, is trom tuirseaċ, brónaċ táim dul no m-bóiṫre seo siar,
A smuainead air mo stóirín atá go síorruiḋe gul mo ḋiaiḋ;
Ní maoin a ḃí mé ṫóruiġeaċt aċ gráḋ mo ċroiḋe le pósaḋ,
San te ḃain díom mo rún ṡearc nár ċóiṁlíonaḋ sé an ḃliaḋain.
Is maiṫ an buaċaill peinn mé agus ḋeunfainn loing is bád,
Is foiḃléaraiḋe ó ḃroinn mé 'gus ṁarḃóċainn laċa 'r snáṁ;
Cúipéuraiḋe a d-tír mé agus ḋeunfainn soiġṫiġ fíona,
Sé mo leun naċ ḃ-fuil mo ṁian liom is mé siúḃal siar ċois tráiġ.
Tá buaċailliḋe seo Iarṫúil ag eiriġe go h-an ṁór,
Le cábaiġ velveteen agus ní áiriġim buclaiġ bróg;
Is dá m-beiḋinn-se féin mar iadsan ḃeiḋeaḋ mná óga dom' iaraiġ,
Aċ ní mar sin a d'orduġ Dia ḋam aċ 'sna cianta deunaḋ bróin.
Nár ḃainiġ siad an Fóġṁar na cóṁarsana a dúḃairt liom
Gur briste ḃí mo láirge no gur leonta ḃí mo ḋruim;
Má d' eiriġ bris ḃeag óg dam 'sgur ċaill mé 'n taca ró-ḋeas
Naċ feárr an fear go fóill mé na Doṁnaillín an ċlúṁaiċ.
air Petrie's A.I.M.
No. 568.
added
air. Petrie's
 A I. M.
No. 1382
Dear Sir — I send you for publication Lavelle's
Farewell to Mayo, and not as Hardiman's Mins-
trelsy has it. Lavelle was a native of Innis Bofin
one of the many islands of Clew Bay. He enlisted
in the Spanish navy and wedded a Creole lady in
Santa Crus, and, getting sick, he sang this song as
a lamentation for home. Mr. Hardiman has given
only a few verses of this song, though I am certain
I have heard three more verses than I have sent.
But as I have not those correct I will not attempt
to write them. I am told Lavelle came home to die
and that his remains lie in O'Malley's Tombs,
Westport.
M. P. WARD.
