512
AN GAOḊAL.
Tenn. P J McCabe.
Utah. E F Delahunty (one of the fathers of
the Gael).
Wis Daniel O'Sheridan.
W Va Rev, Father Keleher
Ireland — Louth, J Durnin, per Mr Durnin La
Mayo, Rev Father Durcan, per Mr Crean, Pa.
There could be no readier way of carrying on
a monthly correspondence with friends in the Old
Country than by sending the Gael, it is merely the
price of postage,
Mr Taylor, who advertises on the cover of
the Gael, told us the other day that he got a cus¬
tomer from the extreme West through the adver¬
tisement.
CUR FÁ. NO CARANT
h-Éiġ no an tiġearna
'S na daoine ḃí ann
Náċ n-íocfaḋ a g-cíosa
Go d'ḟágfaḋ é lom.
Náċ n-íocfaiḋ tú mo ċíos —
A ġreusaiḋ, a ġreusaiḋ?
"Má ḟáġaim an t-airgiod síos,
Aċ muna ḃ-fáġaim ní ḟeudaim."
Caiṫfead as an talaṁ tú
A ḃodaiġ air an móimint,
"Más éigin siúḃal naċ ḃ-fanfaiḋ tú
Go gniḋ mé péire bróga."
Náċ n-íocfaiḋ tú mo ċíos
Aṫáiliúir, a ṫáiliúuir?
"Ní 'neosad breug, ní íocfad
A ṁáiġistir, a ṁáiġstir."
Caiṫfead as do ṫalaṁ ṫú
A ḃodaiḋ air an móimint.
"Más éigin siúḃal náċ ḃ-fanfaiḋ tú,
Go leasaiḋ mé mo ċóta?"
Náċ n-íocfaiḋ tú mo ċíos
A ġoḃa dom, a ġoḃa?
Atá mé deunaḋ píce
A's ná bí 'g am' ḃoḋ'raḋ."
Caiṫfead os do ṫálaṁ ṫú
A ḃodaiḋ air an móiṁint.
Is foigse ḋuit-se glacfaiḋ mé
'S mo ṗíce liom) mo lóistín."
Náċ n-íocfaiḋ tú mo ċíos
A ṁic na dealḃadóra?
"Ní ṡé mise ċuir an líon
Is mé do gnigeas róṫa."
Cáiṫfead os do ṫálaṁ ṫú
A ḃodaiḋ air an móimint.
"Is olc a ḃéiḋ tú deunaḋ
Ḋuit féin agus dod' ċóṁarsain."
Náċ n-íocfaiḋ siḃ mo ċíos-sa
Siḃ-se a sgológa?
"Go d-tugaiḋ Dia ciall duit
Ní'l píġinn air ḃullógaiḃ."
Caiṫfead ar ḃur d-talaṁ siḃ
Gaċ ceann aguiḃ 'sa móimint.
"'S dúiseoċaiḋ tú a's geaḃfaiḋ tú
Gan doḃat do ṫeaċ-sa dóiġṫe."
Náċ b-fuiġfead uaiḃ mo ċíos-sa
Siḃ-se a ḟeilmeiriḋe?
"Aċ caiṫfiḋ tú a ísliúġaḋ,
'S ró ṫrom agus ró ṁór é."
Caiṫfead ar ḃur d-talaṁ siḃ
Gaċ ceann aguiḃ sa móimint!
Aċ cia an áit a g-codlóċaiḋ tú
'S do ṫeaċ-sa féin fút dóiġte!"
Ċruinniġ siad le ċéile
Nuair a ḃí sé imṫiġṫe.
Ḃí gleoḋaċ agus béiceaḋ
A's caint ag h-uile ḋuine.
'S buḋ é an ċeud-ċeist a ḃí acu
S gaċ ceann acu ag fiafruiġe,
"Cia ṁéid a ḃ-fuil an goḃa
Ag iarraiḋ air ṗíceannaiḃ.
Ċuaiḋ ceann acu amaċ
Ag iarruiġ an ġoḃa,
A's nuair ṫainic sé asteaċ
Do ṫosuiġ ag laḃairt.
"Má ḃ-fáġ siḃ féin na cosa
Ḃeurfaiḋ mise an t-iarrann
Ċo saor agus is féidis liom,
Air ċoróin agus sé píġniḃ,
Cróin agus sé píġniḋe!
A's sílim féin gur saor é,
Is Swedish é an t-iarrann,
A's feicfiḋ siḃ náċ daor é,
Tá cúig cinn réiḋ liom deunta,
'S má ḃ-fáġ siḃ féin na cosa
Cuirfiḋ mé le ċélie iad,
A's cuirfead faoḃar orṫa."
Is mar sin do sgaoileaḋ iad
A's fuaradar na píceanna,
Ḃí eagla air an d-tíġearna,
A's d'ḟág iad mar ḃiadar.
An Ċroiḃín Aoiḃinn, in THE TUAM NEWS
