AN GAOḊAL.
517
BAILE Uí LÍĠE.
(Air — The Bells of Shandon.)
Ag teaċt ó 'n aifrionn dom lé toil na ngrása
Ḃí an lá mór báistiḋe 'gus d' árduiġ gaoiṫ ;
Casaṁ an ainḟir dam le taoḃ Ċilltártan,
Agus ṫuit mé an lá sin a ngráḋ le mnaoi.
Laḃair me léiṫe go múinte, mánla,
'Sa réir a cáiliḋeaċt do ḟreagair sí;
Sé duḃairt sí, "A Rafteriġ, tá m' inntinn sástaḋ,
'Gus gluais go ló liom go Baile Ui Líġe."
Le leisg an tairgsin leigan air ċáirde,
Tráṫ ċualas tráċt air do ġeit mo ċroiḋe;
Ní raḃ le ḋul againn aċ treasna páirce,
'Gus ṫugamar lá linn go tóin an tíġe.
Ḃí solas lastaḋ róṁainn ann, glainiḋe 's cártaḋ,
'Gus cúilín fáineaċ le m' ais 'na suiḋeaḋ;
Sé duḃairt sí, "A Rafteriġ, bí 'g ól, 's ceud fáilte,
Tá 'n soileur láidir a m-Baile Ui Líġe."
Ṡiúḃal mé Sasanaiġ is go leor de Éire,
An Spáinn, an Ġréig agus a ḃaile 'rís ;
Ó ḃruaċ Loċ Éirne go Beul-Áṫ-Ṡaṁna,
'S ní ḟacas féirín air biṫ mar ṡí.
Le na cúilín fiġte 'gus a mailiġe claona,
A h-aġaiḋ d'a réir sin 's a beul deas faoi;
Aċ ó ṁná na h-Éireann do ṫug sí an sway leí,
Sí an "posy" glégeal tá a m-Baile Ui Líġe
A reult' an eoluis 'sa ġréin an Ḟóġṁair,
A ċúilín bán, deas, 'sa stóir mo ċroiḋe,
Dá d-tiocṫá liomsa, 'nois 'teaċt an Dóṁnuiġ
Ag deunaḋ cóṁairle 'gus muid 'nar suiḋeaḋ,
Ḃeurfainn ceol duit gaċ aon tránóna,
Punch air bórd, agus dá n-ólṫá, fíon;
Aċ, a Riġ na glóire, go d-tiormuiġ an bóṫar
Nó go ḃ-faġ mé 'n t-eolas go Baile Ui Líġe.
Tá Mary Hynes ann, an stáid-ḃean ḃeusaċ,
Is deise méinn, agus is áille gnaoiḋ;
A gruaiḋ ṫré lasaḋ 'gus a mailiġe caol-duḃ,
A cum d'a réir sin, 'sa béilín mín.
Míle cléireaċ is a g-cur le ċéile,
Trian a tréiġṫiġe ní ċuireoċaḋ síos;
Aċ siúd í 'n féirín aig fear le breugaḋ,
An planda sgiaṁaċ tá i m-Baile Ui Líġe.
Naċ aoiḃinn, aeraċ do'n té ġeaḃaḋ le breugaḋ
An ponaire glégeal tá i m-Baile Ui Líġe;
Ag siúḃal ċois coilltiḃ baint cnuṁ 'gus smeuraḋ,
'Measg guṫ na n-eun ann mar ċeolta síġe. —
Cia 'n ḃríġ 'n méid sin go ḃ-fuiġṫeá leurgas
Air ḃláṫ na g-craoḃ is í le d'ais 'na suiḋeaḋ;
'S dá m-béiḋinn mo ríġ no mo Julius Caesar
Go n-deunfainn céile dí air ḃeagán maoin. —
Críoċ.
coillte Ḃlarnan. ?
bun
an ċraoḃ ?
deoċ
Maire ní
aiġin
air Petrie's AIM
No 1542 ?
Raṫḃeartaiḋe
