AN GAOḊAL.
561
Though the following poem has already appeared
in print it is in such demand that we consider it
desirable to reproduce it. Mr. James Tobin, of
Westport, Jackson co. Mo. sends it through the
Rev. Father Fitzgerald, St Peter's, this city, who
states that he is an excellent Gaelic scholar and
the author of several pieces in his native language.
We would be highly pleased to hear from Mr.
Tobin. The manuscript was transcribed in the co.
Waterford, where Donchadh Ruadh taught school
EAĊTRA ĠIOLLA AN AMALLÁIN.
Do ṫuit amaċ air Ḋonnċaḋ Ṁac Ċon-mara, míle seaċt g-ceud agus ċúig
ḃliaḋna 's daiṫċiod, an ceaṫraṁaḋ lá deug de ṁí na Bealltaine.
Do riarfainn sgeól dom ċóṁarsa air aonrad,
A mbriaṫraiḃ beóil dob' eól do ċeudṫa,
Air Ḃrian Ḃóirṁe air ṡlóġ na Féinne,
'S air ċliar Mac Lóbuis Ṁóir a's Ṁaonuis.
Níor ċóra ḋam teaċt tar ġreas dá saoṫar,
Ná air an nuaḋaċt do ḃuain dam deasga 'n tsaoġail
Do ḃríġ go raḃas-sa gann fá gréiṫriḃ,
'S gur fríṫ go fannlag dream na h-Éireann.
Gan ċíos gan ċaḃair aċt spionns as bréige
Dá g-cíorḃaḋ ag clanna Gall is tréine,
Ag múnaḋ sgoile dob' obair dom laeṫiḃ,
'S bo rún don ṗobul go m'ḟolaṁ an ċéird sin,
'N uair ṫugáḋ mo ċóṁarsain cóir a's gleus dam,
Cuideaċta spóirt ó neóin go ċéile,
Níor ċruinniġ mé ór nó stór air aon ċor,
Aċt an sgilling do ġeabainn d'ól go h-éasga.
An san oiḋċe am luiġe 's mé am aonar,
Ḃíḋeas ag smuaineaṁ air ġníoṁarṫa an t-saoġail,
Air ċaiṫeaṁ mo ḃeaṫa gan anrag gan eudaċ,
'S gur ṁór go m'ḟearraḋ ḃeiṫ tamal mar ṁaol beag,
A g-cóṁar na g-capall nó ag cartaḋ na cré seal,
Nó ag ól bainne a d-tiġ Ṁaoilṡeaċlainn Ui Ṁaonaḋ.
Nó óigḃean ċailce do ġlaca mar ċéile,
Nó fós dá raċainn as talaṁ na h-Éireann
'S go m' eól dam sealad do caiṫeaṁ am ċléireaċ,
S go raċfainn fá ṡeól le feoiṫne air séideaḋ,
Go Sagsanaḋ Nuaḋ más dóiṫ go m'ḟéidir.
Air ṫeaċt na maidne do ṗreabas go h-eudtrom,
As mo leabuiġ le taiṫneaṁ an sgéil sin;
Beirim air mo ḃata 's ní stadfainn air aon ċor.
Ḃí feirc ann mo hata 'san ḃ-faisean a's faoḃar air
Do riġneaḋ ḋam jackets beag gearraḋ le sméideaḋ
As léintreaċa breaca go barra mo ṁeurra.
Do ċuireas slán rem' ċáirde a n-éinfeaċt,
'S le cuid níor ḟágḃus slán le foiréagan.
Dá g-casfaḋ ḋam ártaċ d'ḟáġail a n-Éirinn,
Do raċfainn tar sáile a n-áit nár ḃaoġal dam,
Bíoḋ ḟios ag an talaṁ 's ag maiṫiḃ geal' Paoraċ',
A liaċt beaṫaḋ mion-earra a's gréiṫreaḋ
Ṫug an pobul a ḃ-foċair a ċéile,
Ċun mo ċoṫuiṫe a g-cogaḋ nó a spéirlinn,
Stór na caillfeaḋ suim do laeṫiḃ,
'S córa doiṁinn 'na d-tollfainn féin ann.
Publ. by Sealy.
Bryecs + Waker
Dublin
earraḋ
