562
AN GAOḊAL.
Do ḃí seaċt ḃ-fiċṫid uḃ circe 'san anlan éisg ann,
Le h-aġaiḋ a n-iṫe ċóṁ minic 's buḋ ṁéinn liom;
Cróca ime do dingeaḋ le faoṫar,
'S spólla soille bu ṫruime do'n méiṫṁart,
Ḃí seaċt g-cloċa min ċoirce glan créiṫre ann,
'S dríodar ċroiḋte na loisde re ċéile;
Ḃí lán barraille do b' ḟearraḋ ḃí 'n-Éirinn
Do ṗotátaiḋe leaṫanna air eagla geurḃruid.
Do ṫugus caig leanna ann do lasfaiḋ le sméideaḋ
'S do ċuirfeaḋ na mairḃ 'na m-beaṫa dá m'ḟéidir.
Leaba a's clúda a g-ciúṁais a ċéile,
Ceangailte air ḋrom mo ṫronc le teuda;
Ḃí bróga astig ann, Wig a's béaḃer,
A's stór mar sim anois ná déarfad.
Go Portláige de 'n stáir sin téiḋimse,
Ċoṁ foránta le Conán na Feinne;
ġlacas mo lóisdín, bord bíḋ a's féasda,
Farrais an ógṁnaoi bu ċóraiḋe ḃí 'n Éirinn.
Do ḃí sí fáinneac, fáilteaċ, feusdaċ,
Bo ċiúin, tais náireaċ an Drawer le glaoḋaċ í,
Gaċ sórt dá d-tagaḋ a blaiseaḋ ní ṡeunfaḋ,
D' inneosaḋ eaċtra stárṫa a's sgeulta;
Ní ġlacfaḋ sí falaḋ no fearg go h-eug leat
An ḟaid ḃraiṫfeaḋ sí airgiod agad gan traoċaḋ,
Do ḃí sí cuṁraḋ air áit 'san t-saoġal di,
Ó imeall a sál go bárr a céiḃe,
'S a g-cúrsa mná ní ṫráċtain féin air,
Aċt cúis mo ġáire, fáṫ mo sméide,
Do rin sí mo ċlú dá m' ḟiú mo ṡaoṫar,
'S do ċuireaḋ sí am ċúl-sa púdar glégeal.
Ḃíoċ deoċ air maidin 's mé am leabiġ dá ġleus dam,
O ḃonn go baṫas sí ḃearraḋ go léir mé,
Bo ṁór m' iongantas a soineandaċt féile,
'S feaḃas a buime ċun pingine d' eilioṁ.
Ní maiṫfeaḋ a máṫair cáirt no braon dam,
Do ċaiṫfeaḋ an táiḃle d' ḟáġail gan ṗléiḋ uaim,
D'ḟanas 'na ḃ-feiḋil sin suim do laeṫiḃ,
Ag faire air luing do ráġaḋ as Éirinn.
Ḃí Caiptín Alen, fear meanmeaċ aoraċ,
Ag teaċt fá 'n m-baile 's níor fada gur réiġeas leis,
Gleusaim orm go h-obann re féirsge,
Mé féin 's mo ċosdus air sodar a n-éinfeaċt.
Do ċuaḋas do 'n ṗusáisde air Ġearrán Curraoire
'S ualaċ Sgadán dom' ṁeáḋaċan air ṫaoḃ de,
Do ċuaiḋ mo ċófra air bórd go h-eusga,
'S uaisle an ṗoirt ag ól gan traoċaḋ.
Fiafraid go h-abaiḋ an laḃaraim Béarla,
's d'ḟiadas a ḃ-freagairt a Laidin air éigin,
Níor ḃ-fuláir dom m'ainm do ṫaḃairt do'n ċléireaċ,
'S Mac Ċon-mara ċuir treasna 'san Day Book
Dob' éigin mo ċófra ṡeolaḋ air ṫaoḃ díom,
'S mé ag deunaṁ ceóil as spóirṫ 'san State Room.
a cláir go lár
a cléiḃe
