AN GAOḊAL.
575
EAĊTRA ĠIOLLA AN AMALLÁIN,
(Continued.)
Nó ann san g-Creatlaiġ a g-cleaċtaḋ mo ġaoltaḋ
Nó an Luimneaċ for Soininn na g-caolḃarc,
Nó an Sliaḃ geal g-Cua rug ḃuaḋ na féile,
Ag riar luċt duanta druaḋ a's cléire;
Nó a ḃ-foċair Uilliam uí Ṁóráin, fonn-árd léiġ'nta
Do ḋeunfaḋ sean dán os cionn cláir m' euga.
Ceud níḋ farrais naċ d-tagan am ḃeulsa,
Béas do cleaċtan luċt fadtuirse a ngéiḃean.
Eisdiḋ tamall go n-aiṫrisim sgeul díḃ,
A's tar éis na sparainne geallaim naċ breug sin,
Air lár mo smaointe a's m' inntinn traoċda,
Do ṫáinig an t-síṫḃean ṁíonlaḋ, ṁaorgaḋ,
Ḃí a cuaċa sgaoilte síos go feur léi,
A's a gruaḋ mar ċaor ag suiġeaṁ a sgéiṁe,
Air ḟíġair a pearsan d' aiṫin air éigin,
Aoiḃinn, Cleasaċ na Carraige léiṫe.
Do ċuir sí láiṁ air ċlár lag m' eudan
A's do ṫóg sí in áirde as m' áras féin mé ;
Do ṫarraing an ḟaiḋḃean ṁánla léi mé,
Gur stadag linn laiṁ le báinsig réiḋtig.
D' aṁarcas uaim a ngluaiseaḋ gaoṫ as —
Sgeaċ air a ḃruaċ leas t-suas a's fraoċ glas.
Do ṁaċnaḋ mé an cás go h-árḋaċt eudṁar,
Cia an taċarán fáġain ionar ḃ'aill léi mé ċur,
Do ṫug sí go h-aibiḋ orm freagraḋ a n-éiric —
"Ná cuireaḋ beart air biṫ fearg ná fraoċ ort,
"Ná déin iongantas do neiṫiḃ an t-saoġail ;
"Ná tréig mise go ḃ-filir, 's ní baoġal duit,
"Raḋarc ná fuair fir Ṫuaṫ Ṁuṁain le ċéile,
"Do ġeaḃair sé uaim é a's luaċ do ṡaoṫair."
Do ġluaiseas léi go eudtrom, éasga,
'San uaiṁ sin síos air ṡoillse laé ġil;
Go ḃ-feucamuir uainn ann cuanta 's geurṁair,
As Acheron fuar ag gluaiseaċt taoḃ linn.
So an tanac 'na n-gaḃaid an drong noċ d'éagan
Gaċ anam easuṁal a n-geall do ḋaorṫar,
Na mílte ceann do ḃí ann go daoraċ,
Naċ ḃ-fuiġeaḋ dul anúnn tar aḃainn don ċéim sin,
Ní h-ionann mar do ṫuitean le Virgil 'san AEneid,
Gur le h-uireasbaḋ a g-corṫa air an saoġal so.
Aċt sluaiġte ċaiṫean le rabuirne a saoṫar,
Ag ól 's a carbus go ḃ-fainid gan aonrad,
Gan Caḃacuin aco na'n leiṫṗíġin ḋéanaċ,
Le taḃairt don ċalaiṫ muna ḃ-facaḋ mar ḋéirc í,
Is é a ċluinim dá ráḋ ag loċt ráiḋte 's léiġin,
Gur b'é duine ḃí a m-bád ann Cáron meírsgeaċ.
A dirim-se leo gur dóiḃ is bréag sin,
Aċt cleiċire mór de ṗór na h-Éireann.
Do ċíḋmís an seanḃád dá tiomáin go saoṫraċ,
Ag an díṫreaḃaċ golánta, Conán na Féinne.
an dara Roinn
