576
AN GAOḊAL.
Ḃí croiceann duḃ-ḟoísge air a ṫóin mar eudaċ,
A's níor ḃeag liom go deó air mar ċoṁarṫa an
méid sin.
Ní ṫaḃarfaḋ Sagsanaċ tarsna gan reul ġeal,
A's ní laḃarfaḋ dada leó aċ Laidónn no Gaoiḋilg,
An uair ċonairc sé Aoiḃinn binn a's mé aice,
Do ċriṫ a ṁaoil a's bo sgióċṁar a ḟeaċain,
A duḃairt mar ṫarḃ go feargaċ, fraoċda,
"A ċrúsda ṁallaiġṫe 'sa ṡeana ċailleaċ ṁeírgreaċ,
Is dana ṫugair-se duine a gcruṫ ḋaonda,
An áit naċ d-tigeann aon sgiolla de ċré air biṫ,
A's dá m'ḟiú liom mursantaċt cumuis do ḋeunaṁ,
Do rúsgainn tusa 's do ġiolla mar aon leat.
Fóill a ċuraḋ ar an ṁioċarḋa ṁaorḋa,
Tóg do ċuṫaċ 's glaċ iomarca réiḋtig,
Duine gan ḃuairt do fuair mé a n-geurbruid.
De 'n Ċinne ṁór a's ḋ'uaisliḃ Éireann.
Do rugan macáṁ air bárr mo ṁeuraiḃ,
A's do rin sé gáir, ós árd a's béiceaċ,
Le fuaim a goṫa do ċriṫeaḋ na speurṫa,
Do ċualaḋ an ċruinne é 's ċuir ifrionn géim as.
Tiġeam tar sróṫán san gcuracán caolġuiḃ,
Is déineam aiṫ-geárr go cnocán beag aoraċ,
Go rángamair anaiḋe 'na raiḃ geataiġ gan aon ġlas,
An áit 'na raiḃ maistín ag glaṁġail gan traoċaḋ,
Ní breáġ do Virgil a deir iona ḃearsa,
Gur ab é so Cerberus do ṫeiḃe an réiḋteaċ.
'Na ċodla ḃí ar ċeart lár an ċosáin 's gan féi an,
Aċt soparnaċ piseain 's é ag sronán 's ag séideaḋ,
Do rug an fear fóirnirt de ṗóir ṡlioċt Éirinn,
Go duḃ air a sgornaig le fórsa a ġeuga.
Níor léig don ṁadra feacaḋ ná staonaḋ,
Gur riṫeamar ṫairis faoi eagla ár ndaoiṫin,
Níor fanaḋ linn go barra cnuic de'n réíṁ sin,
Mar ar stadamair ag maċtnaṁ 's ag feuċain,
Gur aṁarcas uaim an sluaġ air gaċ taoḃ díom,
Ag tarraing má g-cuaird 's ag ruagaḋ a ċéile,
A duḃairt liom suiġe go n-innseaḋ sgeul dam,
Cúntas díreaċ buiḋinne 's beusa.
Feuċsa ṫall uait clann Ġadélus,
Agus banntaċt ṁoḋaṁuil na h-Éireann.
Feuċ mar a leanid an aicme 'na d-treunruiṫ,
Ag buainṗriaċ as an talaṁ dá g-carta 's dá g-caoċa
An ḃ-feicir an raide tá 'dir ḟir Ṗersia 's Fénias,
A's Tuaṫa de Danánn ag sgreadaḋ 's ag sgreuċaṁ,
An ḃ-ḟeicir-se Donn a's é lán go faoḃraċ?
Ag teilgean ceann a ngaḃail a ċéile,
An ḃ-feicir fir ġroiḋe na Traoi 's Gréige,
Hector 's a ċloiḋeaṁ ag maoiḋeaṁ a laoċuis,
An seanduine Anchises crom le laeṫiḃ,
A ṁac le na ṫaoḃ a's a ṡínsear eucṫaċ.
An ḃ-feicir an obair úd ag Romalus 's ag Remus?
(To be concluded in the next)
