AN GAOḊAL
585
SGEUL AN ḞIR-FEASA ÁḊ'ṀUIL.
Some of our readers complain from time to time,
that we do not give some Gaelic prose in the Gael,
we are pleased that Mr. Crean has now given us
an opportunity to place a very interesting story
before our readers. On account of being short of a's
we have saved it wherever we could do so without
any very gross error in Gaelic orthography, and
we hope the learned conductors of the Gaelic Jour¬
nal, or at least its reviewer, will “hold hands off"
in its regard, excepting the subjunctive mood of
verbs which we have printed as the language is
spoken. For that we make no apology, and will
acknowledge custom rather than critical rules.
Ḃí a n-am aṁáin, a g-Cúig-Ulaḋ na
h-Éireann, fear naċ raḃ aige aċ aon ḃó
aṁáin, & le olcas na h-aimsire b'éigin
do an ḃó seo a ḋíol no go n-deunóċaḋ
sé suas an cíos ḋon tiġearna. Ṫug sé
leis an ḃó an aonaiġ, agus ḋíol sé í air
ċúig ṗunt. Ċuaiḋ sé 'steaċ go tiġ an
ósda no go n-ólóċaḋ sé braon biotáile.
'N-ḋiaiġ a ṡáiṫ a ól go croiḋeaṁuil, do
ṫuit sé 'na ċodlaḋ & air a ḋúiseaċt ḋó
ní ḟuair sé piġinn eige ḟéin naċ raḃ
goidṫe uaiḋ. Ní raḃ fios aig Peadar
(buḋ é seo ainm) cia rud a ḋeunóċaḋ
sé, mar is sé g-cóṁnuiḋe an cás, 'nuair
a ṫainic fear an taḃairne naċ raḃ aon
airgiod aige, ċaiṫ sé 'maċ air a t-sráid
é. Ḃí 'n oiḋċe an dorċa & b'éigin do'n
ḟear boċt lóisdín a ṫógḃáil i sean
teaċ naċ raḃ aon ċóṁnuiḋe ann i g-
ceann a' ḃaile. Ní raḃ sé ḃ-fad in seo
no gur ṁoṫuiġ sé triúr fear deunaḋ
poll aig cois an dorais & a cuir rud a
ciant ann. Air an máraċ ṡiúḃal Pead¬
ar ċum an ḃaile, & ċluin sé gur goid¬
eaḋ go leor do ṗeurlaiḃ luaċṁaire as
teaċ seodóra, & gur raḃ ċúig ṗunt
tairgṫe mar ḋualgas go ḋuine air biṫ
a ġaḃóċ' na gaduiġṫe. Buḋ ṡeo nuaḋ¬
aċt ṁaiṫ do Ṗeadar; ċuaiḋ sé in a t-
siopa a's ġeall sé, naċ ṡé aṁáin go d-
tiuḃaróċ' sé na h-earuiḋe air fáġail,
aċ dá ḃ-fuiġeoċ' sé seisear fear ṁaiṫ¬
e, láidire go ngaḃóċ' sé na gaduiġṫe.
Fuair sé sin, & ins an oiḋċe ċuaiḋ sé
ḟéin a's a ċuid fear don áit seo, agus
ní raḃadar ann a ḃ-fad no go d-tainic
an triúr fear eile a taḃairt na n-ear¬
aiḋiḋ leoḃṫa. Ġaḃ Peadar & a ċuid
fear iad, & ṫugadar leoḃṫa in a ḃaile
mar ṗríosúnaiḋe iad. Fuair Peadar an
dualgas, & do ċuaiḋ sé ḃaile in a ṫiġ
féin sásta go leor.
Ċuaiḋ cáil Ṗeadair mar ḟear feasa
i ḃ-fad agus i n-geárr, no gur ṁoṫuiġ
duine uasal as Condae Ḋoire é. Ṫai¬
nic sé in a ṫiġ aig Peadar agus d'innis
ḋó go raḃ go leor earraiḋe luaċṁaire
aig imṫeaċt uaiḋ, agus dá ḃ-fáġóċ' sé
'maċ iad go ḃ-fuiġeoċ' sé íocuiġeaċt
ṁaiṫ. Ní raḃ fios aig Peadar cia do
ḋeunóċ' sé, aċ ṁeas sé dinnéar maiṫ
ḟáġail air ċum' air biṫ. Duḃairt sé
leis an duine uasal go n-deunóċ' sé a
ḋíṫċioll, aċ go gcaiṫeoċ' sé úsáide
seomra ḟáġail ḋó féin air feaḋ trí h-
uaire, a ḋinnéar agus trí cárta leann¬
a. Ṫug an fear uasal an méid sin ḋó.
Aċ in uair a ṁoṫuiġ na searḃḟoġanta
go raḃ fear-feasa 'sa teaċ ḃí siad sú¬
taiḋe buaḋarṫa.
Cuireaḋ Peadar 'steaċ in a ṡeomr¬
a breáġ, aoiḃinn in áit ar ċuireaḋ cárt
do 'n leann ċuige leis an ḟeaḋmán¬
aċ, no 'n buitléaruiḋe, "Seo ceann ac¬
a," arsa Peadar, ( s. s., ceann de na
cárta). 'Nuair ṁoṫuiġ an buitléar¬
uiḋe é seo d' imṫiġ sé agus d' innis sé
d'a ṁnaoi go raḃ fios air a ċurṫa. "A
amadáin," a deir sí, "an faitċíos atá
ort? raċfaiḋ mise leis an g-ceann eile
ċuige." Ann sin ṫug sí ċuige an cárt
eile, agus in uair i d' ḟosgail sí an do¬
ras dúḃairt Peadar, "Seo péire aca."
Ḃí sise ċo h-uaḃásaċ agus ḃí a fear,
"Agus cia rud i ḋeunfamuid," ar sí,
"croċṫuiġear a leig sinn." — oir buḋ
coir ċroċta gaduiġeaċt 'san am sin.
"Cuirfiḋmuid an buaċaill stábla ċuige
agus má aiṫiniġean sé eisean, ḃeurfa¬
muid duais ṁaiṫ ḋó aċ gan laḃairt."
Ċuaiḋ an buitléir ċuig Uilliam agus
d'innis ḋó 'n sgeul ó ṫús go deireaḋ.
Faoi ċeann an treas uair ṫug Uilliam
an cárt eile ċuige, agus dúḃairt Pea¬
dar, "Seo é an treas agus an ceann
deire aca." D' iompuiġ an buaċaill
stábla daṫ, agus dúḃairt sé le Peadar
dá m-beiḋeaḋ sé gan laḃairt go d-tiúr¬
óċ' sé na h-earraiḋe ḋó, agus suim air¬
gid 'na g-ceann. Do ġlaoiḋ an fear
uasal in sin air aig fiafruġ' ḋe cia 'n
ċaoi 'r éiriġ leis. Dúḃairt Peadar go
ḃ-ḟuiġeoċ' sé na h-earraiḋe, aċ go raḃ
