588
AN GAOḊAL.
MO ṀÁIRE.
[ From the N. Y. "Seanaċuiḋe." ]
Aig féis no dáil,
Ní'l bean le fáġail
Ċo sgiaṁaċ le mo Ṁáire;
Tá aici cneas
Bog, bán a's deas
Do ċuireoċ' lil' faoi náire;
'San doṁan seo ní'l
Aon ċroiḋe ċo dí'l,
No cailín tá níos fíre;
'Measg óg no sean
'Sí plúr na m-ban;
Is sisi bród na tíre.
O mo Ṁáire, mo stór is sí, mo Ṁáire!
Mo rún is sí,
Gráḋ geal mo ċroiḋe,
Mo ṁuirnín dílis, Máire!
Tá gruag mo stóir
Mar ḟáinniḃ óir,
Aig tuitim síos go talaṁ,
Ṫar ṁuineul bán,
A's gualaiḃ lán'
'Gus cuma tá mar ḋealḃ.
Giḋ glan soiléir
Gaċ reult 'san spéir,
Tá súil mo ġráḋ níos gloine;
'S is binne glór
Mo ċailín ċóir'
'Ná cláirseaċ ċiuin na cruinne.
Ó mo Ṁáire, mo stór is sí, mo Ṁáire!
Mo rún is sí,
Gráḋ geal mo ċroiḋe,
Mo ṁuirnín dílis, Máire!
Ameasg aos óg,
[I leaṫar m-bróg]
Air urláir cúirt' no pailliúin,
Níor ṡeas le taoḃ
Treun-ḟir ariaṁ,
Bean-rincteoir leaṫ ċo h-áluinn,
Má ḃris sí croiḋe
Aon ógánaiġ,
Gan ḃréig do ḃris sé ceudta;
'Gus tá na mná
Fáġail ḃáis gaċ lá
Le troime 's neart a n-euda.
Ó mo Ṁáire! Ná marḃuiġ iad, a Ṁáire
Aċt deun aon ċroiḋe
Saṁ, sona ċoiḋċe',
Seo ḋuit mé féin, a Ṁáire !
NAOṀ ṖROINNSIAIS
An fiċṁeaḋ lá Márta, 1886.
Do'n t-Saoi Ui Lóċáin :
Ó tá mé mall gaḃaim leiṫ-sgeul leat
Mar ḋeunas moiḋeaṁ sgríoḃ roiṁ raé
ċuġat;
Tá cár air m'inntinn an ṁoíll so ḋeu¬
naṁ,
Cé gur ṁinic m'ḟonn go d-taḃarfainn
sgeul duit.
Tá bliáḋain go beaċt agus seaċt de
laeṫeaḋ
Ó ċuireas ċúġat air son do ṁúinteóir
Gaoiḋilige.
Le dúraċt ceart 's teas mo ṁeinne,
Dolléar gan maoiṁ ó ċroiḋe go spéis¬
eaṁuil.
Is cóir arís air ċríoċ gaċ féile,
Aṫ-núaḋuġaḋ na gnóṫuiḋe ceudna;
Dá ḃríġ sin a ṁín-ḟir léiġeanta,
Fá'n g-cúdaċ sínte gaḃ díol 's ḃuiḋ'ċus
Tá beannaċt ó m' ċroiḋe, go fíor ní
breug sin,
Dod' ṗáipeur díonṁar, míos'ṁuil Gae¬
ḋilge,
Ṫugan aḃráin ṁíne tír na h-Éireann,
Tá'r-ais 'nár d-tímċioll go bínn le h-
éisdeaċt.
Tugan fá n-deara có-ċeangal le ċéile,
Tugan dúinn teagasg na teangana
Gaoiḋilge,
An teanga ársa ṁúin mac Fíonnas,
Air Ṁaċaire Ṡeanaár faoi roiṁ traċt
air Ḃeurla.
Teanga na m-bárd, na ḃ-flaiṫ 's na ḃ-
fille,
Teanga ṡíġ na mín lis aoroċ;
Teanga Oisín, an Riġ-ḟear preaṁ'ṁúil,
Teanga 's milse faoi luíḋ' na gréine.
Arís, cuirim mo beannaċt agus beann¬
aċt Dé ċúġat,
Agus go m-buanuíḋe Dia gaċ bliaḋain
dá d-teiḋtear,
Ċum ḃriaṫra ár sínsear a sgríoḃ le h-
éifeaċt,
Agus ár d-teangain ċoṁéad go bráċ
gan euga.
S. McCRAIṪ.
