AN GAOḊAL.
597
ĊUN ṪOMÁIS RUAḊ.
The following poetic letter from An
Paoraċ to Tomás Ruaḋ is the modern
language as spoken in Munster,
A Ṫomáis Ruaḋ Táiliúir,
Gaiḃ anois mo leiṫsgeul
D-taoḃ gan sgríoḃ go d-tí sa ċúġat.
Ná tráċt do ḋéunaḋ ort féin.
Dá m-beiḋinn ag deunaḋ culla nuaḋ,
Is 'mó tomáint agus séide,
Do ḃeaċ ormsa le fonn
Ag dul fé d' ḋéinsi.
Aċt anois o ṫanga anall.
Is doiṫ liḃ go léireaċ
Ná fuil meas ná beann
Ná suim agam ann aenne.
Ní mar sin é deirim féin leat,
Mar ní d'iarṫinn go bráċ de ġreann,
Aċt seanċus ḃeiṫ aguinn araonaċ
Ó ṫanga air an taoḃra anall.
Is miṫid dam, mo léir!
Sgeula ċuir ċúġat anann
Ag fiosrúġaḋ ḋíot féin,
Cionnos 'tá do ḃean 's do ċlann.
Aċt "Is feárr déanaċ ná ċoíḋċe,"
Mar ag deireaċ na sean daoine,
Anuair ag ṫagaċ sgeula ṫar taoide,
Ó'n te ná beaċ aon ċaoine air.
Oiḋċe Ḋoṁnaċ Cásga,
'S mé 'g ól braon díḋe,
Bo ḃreáġ liom do láṁ ag ḋ'ḟásga
Anuair ag buail an ríog am ċroíḋe.
Mar ċaoiniġ mé gur 'mó ċasg geal
Do ċaṫamair 'sa t-Sean-tír ṡoir,
Gan ċaoine aguinn go bráċ air ṫeaċt
Anall annso ṫar taoide.
Má ḃí an aimsir go h-olc,
Agus an saoġal go dealḃ,
An ḃeaṫa 'g teipe 's daoine dul
Na sluaiġte ṫar calla.
'S an te ná faíġaċ triall ṫar fairge,
Ná obair do ṡ'láṫar i air aonaċ ná mar¬
(ga,
Ná mórán aige ċun é ċoṫúġaḋ
Aċt crioċáin ḃeag' as prátaíḋe dúḃa.
Ná ḋiagsan bo ḃreáġṫa
Do ṁuintir Ínnse Fáil ṡoir,
Aer na g-cnoc a's na m-bánta
Ċun neartúġaḋ le na sláinte,
Ná ḃiaḋ annso ḋá ḟeaḃas,
Agus ná deoċ dá ṁílseaċt,
Ná ór as airgiod raḃar,
Ná gusdal ’s ná saíḋḃreas.
Anuair a ḃíos féin sa m-baile,
Air ḃiaḋ boċt na h-Éireann,
Ḃí mé ḃ-fad níos nearṫṁaire
Agus go deiṁin, níos tréine.
Bo ḃreáġ ḃeiṫ sa m-baile, go deiṁin,
Lá ag obair agus lá díoṁaoin,
Seoċas ḃeiṫ anso air spice na b-pian,
O Luan go Saṫurn ag obair go dian.
Fé 'r ḋ'ḟágas féin an baile,
Ḃíḋinn ag tráċt air ḋul anann,
Aċt anois do ċíḋim an deifir
Ó ṫanga air an taoḃra 'náll.
Ce ná'r ċeart dam gearán,
Mar 'tá tig agam a's áit
Ceannaiḋṫe go deo ṫar a ḃár
Ó ċearḃaċ iomṫarṫa Puncáin.
Ní'l dada am ṫeaċ o ḃun go bár,
Aċt aḋmad geárrṫa le tuaġ a's † sá,
Ceann a's díon, falla a's urlár,
Gan cloċ na bríc aċt a ḃ-fuil sa deat¬
[aċán,
Ce go ḃ-fuil an tír seo taomnaċ
Agus go leor daoineaḋ ag faiġilt ḃáis,
'Tá sláinte ṁaiṫ agam féin ann
Míle molla le Ríġ na nGrás.
Anuair a ḃím cois na teine,
A's mo ġearcaċ air mo ċuisle,
Buailean ríog am ċloigean,
'S is doiġ liom go mbíḋim sa mbaile
[ guiḃse.
O! ná'r ḋeas é an baile?
Is 'mó lá ḃímair leat ag tnúṫ,
Is minic 'ċuir mo ṁáṫair fáilte róṁat
Ḃíoċ áṫas oruin go léir tú ṫeaċt ċúġain.
Ċum a ḃeiṫ ag ínnsint sgeulta ḋúinn.
O! ná'r ġleóiġte é 'n baile ?
Do ġealaċ mo ċroíḋe dar ndoġ,
Gaċ uair do ḋeuntá ḋam culla nuaḋ,
Ní ḋ'iarṫinn greann na spórt,
Aċt a ḃeiṫ a'd' ṫeanta air a m-bord.
O! ná'r ḃreáġ é an baile ?
Ḃíoċ na coṁarsain bailiġṫe 'steaċ,
Ag éisdeaċt le seanċus deas;
