AN GAOḊAL.
609
SAN ṖRIONNSIAS, MÍ ṀEÁḊON
An t-Saṁraiḋ, 1886.
D'Ḟoillsiġṫeoir an Ġaoḋail. —
A Ṡaoi Uasail: Iarraim maiṫeaċas
ort a d-taoḃ mo ḃuain le d'aimsir mór
luaiġ leis an sgríoḃ suaraċ so a ċur
ċugat le súil go g-clóḋḃuailfeá tú í, air
d'uain, ann do ṗáipeur measaṁuil, lán-
toileaċ. Ḃí mian orm le aimsir fada
sgríḃin éigin a ċur ċugat agus cúntas
a ṫaḃairt duit air ár g-cúrsa 'san
teangain Ġaeḋilge i n-iarṫar so an
doṁain ; aċt ḃíḋeaḋ náire orm agus
eagla a g-cóṁnuiḋe go m-beiḋeaḋ na
sgoláiriḋe beaċta san atá ann na bail¬
tiḃ móra ṡoir ag maga fúm mar do ḃí¬
dís air a ċéile bliaḋain nó ḋó ó ṡoin;
agus air an áḋḃar san do ċuireas siar
í ó h-am go h-am, ag meas gaċ lae go
m-beiḋinn ag dul a ḃ-feaḃas, agus go
raiḃ sé ró luaṫ ḋam tosuġaḋ fós, óir
ní'l aċt ṫrí bliaḋna ó do ṫosuiġeamar-
na anns an g-caṫair seo air an aibidil
d' ḟóġluim.
Atá mórán d'ár sgoláiriḋiḃ annso
acfuinneaċ go leor anois ċum toraḋ
réasúnta a ṫaḃairt uaṫa; aċt creid¬
im go m-bíḋeann an t-aegla ceudna or¬
ra do ḃí orm-sa, agus mar atá siad
níos ceannsa agus nías glice 'ná mise,
gur ḃ-feárr leo fanṁuint go réiḋ air
feaḋ tamaill ḃig eile níos túisce 'ná
cúis fonóṁaid do ċur amaċ orṫa féin
mar do riġneas-sa.
Buḋ ṡé an Saoi Ṁáirtín P. Mac an
Ḃáird, noċ do ṫánaic annso go déiġio¬
naċ ó'n Árd-ṡoir, do ṫug an meisneaċ
buḋ ṁó ḋam-sa í seo do ċur ċugat [an
té sin, tairéis a ṫeaċta air ais ó n-a
ċuairt go h-Éirinn, do ṫug an méid sin
de na "sean-aḃráiniḃ cois na teinne"
do'n Ġaoḋal]; óir do ṫug sé tuairisg
maiṫ ḋam air do ṁóḋ agus air do ċáil;
agus, deir sé liom gur ḃ-feárr leat,
air son tairḃe do'n Ġaoiḋilig, aire ṫa¬
ḃairt dom' leiṫéid-se atá ag déanaṁ a
ḋíṫċioll é féin a ċur air aġaiḋ 'ná ḋóiḃ
seo atá suas go leor 'na ḃ-foġluim
ċeana.
Do ṫug an duin' uasal so Mac an
Ḃáird oráid i nGaeḋilig dúinn a h-alla
Curaḋ na Craoiḃe Ruaiḋ anns an ċeud
Doṁnaċ do 'n ṁí seo, agus ḃí an teaċ
líonta le daoiniḃ a rugaḋ ann na h-áit¬
iḃ a ḃ-fuil an Ġaoiḋilig cleaċta fós,
óir do cuireaḋ furḟógraḋ anns na
páipéaraiḃ laeṫeaṁla go raiḃ a leiṫéid
le tuitim amaċ. Ní raiḃ aon t-seanḃean
ná seanduine, a ċóṁnuiḋe 'san g-caṫair
seo, ó Stuaiḋ Naoiṁ Colluim tre Maġ
Mór an Aonaiġ go Caṫair na Mart
naċ raiḃ ann; agus as san ó ḋeas cois
fairge go léim Cucullainn, ag leanṁ¬
uint ó ḋeas fós go Daingean ui Ċúise,
agus go cuan Béara, an áit do báṫaḋ
Donn Mac Mileaḋ air a ṫeaċt go h-Éi¬
rinn le n-a ṁuintir [ deirtear gurab é
an Donn so atá 'na riġ ós cionn "daoi¬
ne maiṫe" an ċontae Luiminiġ; is minic
do riġneas seilg 'na ḟearann-oiġreaċd¬
a a g-Cnoc Fírine ] agus as cúl na h-
áite sin soir-ó ḋeas go h-Oiléin Mór
an Ḃarraiġ, a's soir cois Oiléin o' Ḃric
go h-Inḃior Sláinġe Alloċ Garmáin, an
áit do ḃuaileadar na Gaill malluiġṫe
i n-Éirinn air d-tús le cuireaḋ ó'n árd-
ḋeaṁan, Diarmuid Mac Muraċaḋa.
Ḃí cuid ṁaiṫ as áirdiḃ eile na h-Éir¬
eann, mar an c-ceudna, do ṫáinic ann
tre cúirialtaċt; aċt ṫuig siad aon ḟo¬
cal d'á n-duḃairt an t-urlaḃarṫeoir,
má ḃ' ḟíor leo. Deireann siad, giḋeaḋ,
dá m-b' ḟéidir leo an Ġaniḋilig d'ḟaġail
le ceannaċ náċ m-beiḋeaḋ siad a ḃ-fad
d' á h-easbaiḋ; agus creidim-se, go
deiṁin, go laḃrann siad dá ríriḃ, óir
is iad a sean-ṗóirneartuiḋṫe atá cion¬
taċ leis agus ní ṡiad-san. Anns an uile
do ṫug Mac an Ḃáird lán-ṡásaḋ ḋuinn
go léir 'san ocáid, mar, go deíṁin, is
maiṫ a deireann sé caint.
Deir sé liom dá ḃ-fáġaḋ sé inġean
d'aon d' ár mórán milliúnóraċ le pós¬
aḋ agus go d-tógfaiḋe a ċósa as an m-
bóṫar cruaiḋ noċ is riaċtanaċ do ṡiúḃ¬
al anois ċum a ċuid aráin laeṫeaṁla
d' ḟáġail, go soicreoċaḋ sé síos 'nár
measg 'na ḋiaiġ seo, mar taiṫniġeann
ár n-aer leis; agus, tairis sin, dá m-
beiḋeaḋ an sonas reamhráiḋte a n-dán
dó, go d-taḃarfaḋ sé, annsan, an méid
uaine do ḃeiḋeaḋ aige gaċ aon lá, ċum
an Ġaoiḋilig do ċur air aġaiḋ; sé sin,
