AN GAOḊAL.
635
AN FREAGRAḊ ṪUG TOMÁS
RUAḊ AIR AN bPAORAĊ.
SRÁID AN ṀUILLINN, IN ÉIRINN.
20ṁaḋ la Lúġnása, '86.
A Ṗaorig an Ċroíḋe:
Do fuaireas do leitir roínt lae¬
ṫanta o ṡoin, & níor ḃ-féidir liom a
ḋ'insint duit go de'n t-áṫas & an mis¬
neaċ ċuir sé orm sgeula ḋ'ḟáġailt uait,
ó ṁac t-aṫar & do ṁáṫar. Ḃí luṫġáir
orm a ċlus go ḃ-fuil tú go maiṫ sa
t-saoġal agus ad' ṡláinte.
Ce go ḃ-fuil an aois ag drideaṁuint
liom & mo ċois air ḃruaċ na h-uaiṁe &
mé crom & liaċ ċoṁ maiṫ le "ruaḋ," mar
sin féin, do ṫugas léim as mo ċorp le
áṫas nuair ag ċualaig mé an cúntas
léir cruinn do ṫainig a ḃaile uait sa
teanga ṁilis Ġaoġalainn Is mór an t-
aistriúġaḋ tá air an saoġal anois seo¬
cas mar a ḃí sé fad'ó nuair a ḃíos am
ḃuaċaill óg, agus tusa ad ġarsún.
Tá roṁór na n-daoineaḋ anois ag
laḃairt Béarla, iad go léir, naċ mór
air fuaid ná h-áite seo. An ait seo
naċ raiḃ mórán Béarla ḋá laḃairt ḋá
ḟiċid bliaḋain ó ṡoin, aċt feilíḋe Ġae¬
ḋilgé go fairsing, ṫall 'sa ḃus, ag
deuna aḃráin agus dánta, ag ínnsint
sgeulta fánaiġeaċta agus eaċtaraíḋe
agus an páidrín páirteaċ dá ráḋ ann
gaċ tig, & mná caointe gur ḃreáġ leat,
éisteaċt leó ag cuir síos ár deid-ġnío¬
ṁṫara & air ṁuintir an te ḃeaċ sínte
fuar, marḃ air an g-clár lá soċraide,
nó oíḋċe ṫórtaiṁ, agus ce go n-deir
daoine gur beag an ḟoġluim ḃí orṫa, bo
ḃreáġ, deas an caointeċán do ḋéinidís.
Ní'l daḋa 'ge clann na h-aimsise seo
aċt Bearla agus gan iád ábulta air
eaċtara ráḋ ná aḃráin a ḋeunaḋ. Is
doċa naċ ḃ-fuil a leiṫéid seo le ráḋ
age aon tír fé 'n ngréin aċt 'ge Éire.
Naċ caṫaċ, naċ dúḃaċ, naċ brón¬
aċ & naċ dealḃ an sgeul é ḋuinn?
Ċíġim-se daoine annso agus gan focal
Béarla aig a n-aiṫir na 'ge a máṫair
agus ní laḃarṫaċ an ċlann leo an Ġaeḋ¬
ilinn aċt Ḃéarla. An dream a ḃíon tím¬
ċioll tíġte móra agus an iarball uais¬
le na Sasanaċ, is gnaṫaċ leo ḃeiṫ mar
seo. Ni ċeart dam luċt ḋ' ḟaġail air
aene. Nuair ag laḃaraim Gaeḋilinn le
clann mo ċlainne is Béarla laḃaraid
liom tar n-ais go minic. Tá 'n galar
ceudna air aos óga na dúiṫċe. Tá na
sgoilleana Galla-sa ag cuir deire leis
an nGaoḋailinn mar atá na daoine óga
'g éiriġ suas ag laḃairt Béarla, agus
ag taḃairt a n-aġaiḋ air na fairgíḋe,
mar ní'l dada annso le deunaḋ aco.
Ní'l na daoine ábalta air b-páḋa ṫaḃ¬
airt dóiḃ tá uaṫa, mar ní 'l strus ná
geall aco féin aċt ag iarraḋ maireaċt
ann ó 'n láṁ go d-ti an m-beul. Na
maiġistiríḋe dá g-caṫaḋ amaċ air na
bóiṫre, ċó dona 's ḃíodar annsna droċ
ḃliaḋ'nta, & gan obair ná gnóḋ dá ḋeun¬
aḋ. Is ḃeag naċ ḃ-fuil Éire ḃoċt na fá¬
saċ; gaċ aon áit uaigneaċ earṫa, gan
ann aċt fáinaire desna seanna coṁar¬
san ṫall 'sa ḃus air suaid an ṗaróiste.
Sgoṫ na ḃ-fear agus plúr na m-ban ag
imṫaeċt tar sáile uainn, gan sa mbaile
aċt na seandaoine agus na daoine óga
naċ féidir leó cuir díoḃ amaċ, agus
gan mórán díoḃ-san féin ann.
Bo ṁaiṫ an sás sgeal fianuiġeaċt
ḋ' innsin tú no eaċtara ráḋ ḋúinn air
ṫóraṁ no cois teine ḃreáġ ṁóna oíḋ¬
ċe Ġeiṁre.
Coimeád an creideaḋ; taḃair suas
do ċlann a ngráḋ agus ann eagla Dé,
agus le sgoil 's léiġean faoi smaċt.
Bíoċ cion agat air an teanga Ġaeḋil¬
ge. Ṫaḃair aireaċus ḋod' ṡláinte.
Seaċain an braon aċt le fíor-ġáḋ.
Bíon sean-annduiríḋe na h-áite seo
bailigṫe steaċ gaċ tráṫnóna Doṁnaig
ag éisteaċt le leitir Ṗádraig Ṗiarais
agus le do leitir-se. Is mór an sásaṁ
aigne ċuir do leitir ormsa, mar. —
Ní ḃ-fuairaes féin a leiṫéid de ċúntas
Riaṁ am ṡaoġal ó ġaol ná cóṁgas
Is atá léiġte as an leitir seo ċúġamsa
Do ṫainig anall ó Ṡaġsana Nuaḋ uait.
Do ċuir sé mise seaċt mbliaḋ''na ann
óige,
An sgeul a ċuir tú anall ṫar mór-ṁuir
Go ḃ-fuil tú go saṁ 'sad ṡláinte fós
