648
AN GAOḊAL
"Le do ṫoil ná bí magaḋ," dúḃairt sí;
"Ní'l mé mo ṗeurla mór éamaċ,
Go d-tuitfeá i ngráḋ liom, air n-dóġ',
Mar 's óig-ḃean úirísioll de'n tír mé,"
Dúḃairt Cailín Deas Crúiḋte na m-Bó.
"Ní'l na h-índiaṫa i seilḃ aon t-seóda,
Ċoṁ mór-luaċ, ċoṁ lónraċ no glé,
Ná h-iar mórtas mo ċion ort a ṁeaḋaṁ
Taḃair gráḋ ḋam, a stóir ġil mo ċléiḃ'';
Gaḃ truaḋ 's ná diúltaiḋ mo ġean ort,
'S ná fág mé nios fuide i n-anṡóġ,
Ó ! gráḋ mé no eugfaiḋ mé i n-geall leat
A Ċailín Deas Crúiḋte na m-Bó."
"Ní ṫuigim cad tá tú ráḋ, a Ṡaoi,
Ní raḃ mé mo scláḃ 'riaṁ do ġráḋ,
Air na smaointe sin ní'l agam eólas,
Ní h-áil liom a leiṫid ċoṁráḋ ;
Pósaḋ ní ṫig liom duit geallaḋ,
An stáid sin ní'l spéis agam ḋó,
D'a ḃriġ sin glac mo leiṫsgeul, óig-ḟir,"
Duḃairt Cailín Deas Crúiḋte na m-Bó.
"Dá m-beiḋ' agam mór ṡaiḋḃris Démuir,
No a ḃ-fuil air ṫráiġ Africá,
Is dá mbeiḋ' agam cisde ṁór Deḃonsir,
No agam deiċ n-uaire níos mó,
No dá m-buḋ liom lampa Alaiddin,
'S agam a ġliocas fá ḋó,
B' ḟeárr liom ḃeiṫ boċt air ḃárr sléḃe
Le Cailín Deas Crúiḋte na m-Bó."
"Guiḋim ṫú tréig 's ná pláig mé,
Go do ṫréarṫaiḃ ní'l agam claon,
Is feárr liom ḃeiṫ sinġil 's a g-curaċ,
Go ḃ-feiciḋ mé tuille de'n t-saoġal;
Ní ḋeunaḋ cúis nuaḋ aċ mé ṁeasgaḋ,
Is ní'l fortún mór agam gan ġó,
Go n-eiriġ mé saiḋḃir ní ṗósad,"
Duḃairt Cailín Deas Crúiḋte na m-Bó.
ṪÁRLEM, Mí na SAṀNA, 1886.
A Ṡaoi. — Do ċonnairc mé i Nuaḋaċt
Ṫuama go ḃ-fuair buaċaill óg darab
ainm Ua Mongáin an duilgne buḋ luaċ¬
ṁaire i g-Colláiste na bainríġeana, i
n-Gailliḃ, in lá ċeana, & ċuir sé g-cuiṁ¬
ne ḋam fear-maoir de'n ainm sin cia
ḃí 'na ċóṁnuiḋe in mo ċoṁursanaċt-sa
sa t-Sean Tír.
Ḃí Páidín Ua Mongáin i maoirseaċt
i g-Cnoic-Ui-Faiṫ, i b-paráiste Ḃaile-'n
Ṁuilinn, timċioll seaċt míle o Ṫuaim,
ċúig ṁíle o 'n g-Clár, agus sé ṁíle o 'n
Maolla.
Ní ḃeiḋeaḋ Páidín sásta muna m-
beiḋeaḋ sé deunaḋ cleas a ciant air a
ċoṁursain, giḋ ní raḃ aon urċóid in a
ċleasuiġeaċt aċ buḋ ainṁian leis tais¬
beánaḋ naċ raḃ aonduine ċo h-abuiġ
leis féin.
Lá áiriġṫe, timċioll tús an Ḟóġṁair
ċuaiḋ capall a ċóṁursa, in anaċuin a
steaċ sa ḃ-feilm a ḃí faoi ċúram Ṗáid¬
ín; buḋ é seo aimsir ṫarrainte ḃaile
na móna, agus do ṁeas Páidín fánuiġ¬
eaċt an ċapaill a ċur a saoṫar dó
féin. Mar sin, do ġaḃ sé an capall &
do ċuir sé reult ḃán i g-cláir a eudain,
ġleus sé faoi 'n g-cairt é agus ṫomáin
sé leis é i g-coinne ceis ṁóna. Air
ṫeaċt air ais o 'n móin ḋó casaḋ leis
an fear ar ḃain an capall ḋó, & d'inn¬
is go Ṗáidín go raḃ sé tóruiġeaċt a
ċapaill, d'euluiġ amaċ ar an ngort
uaiḋ ; "Agus m' anam," a deir sé, "mur¬
aċ an reult i g-cláir eudain an ċapaill
sin déarfainn gur b'é mo ċapall-sa é."
"O," arsa Páidín, "so é'n capall a ċean¬
nuiġ an Máiġistir air aonaċ Ṫuama
an lá ċeana, cineál capall ṫigeas as A¬
rébia." D'imṫiġ an duine boċt leis, &
in uair a ḃí an ṁóin tarraingte ḃaile
aig Páidín, i n-deireaḋ na seaċtṁuine,
niġ sé an reult ar clár eudain an ċap¬
aill & ṫug sé cead a ċinn ḋó. Aċt in
am ġeárr na ḋiaiġ sin d'innis sé air an
g-cleas a d'imir sé air Ṁártan Ua
Flannagáin, an fear ar ḃain an capall
leis.
Is íomḋa cleas de 'n t-saṁuil seo a
d'imriġeaċ Páidín air a ċóṁursanaiḃ.
Am eile ḋúbail sé iarball capaill agus
d'oibriġ sé é mar an g-ceudna, aig inn¬
sint dó'n te m-ḃuḋ leis é, gur cineál
capall é ar Demaréra ar ḟás a n-iar¬
baill dúbulta.
Aċ giḋ gur ṡaoil Páidín naċ raḃ
aonduine ċo h-ábulta leis féin fuair sé
a ṡaṁail faoi ḋeireaḋ.
Ḃí mac óg aig Páidín dárab ainm
Paidiḋ, agus, mar buḋ dual aṫar ḋó,
