AN GAOḊAL
659
óide sé "síos go trom" air Ṫaḋg Gaoḋ¬
alaċ, ce sgríoḃ agus laḃair an Ġaeḋil¬
ig ceud bliaḋain ó ṡoin, sul do laḃar¬
uiġeaṁ aon teanga eile in a ċóṁursan¬
aċt. Taisbeánfaiḋ sé díṫċéilleaċt an
ḟir seo, agus laḋadóċaiḋ sé a ċúṁaċt
níos mó díoḃála ḋeunaḋ do ṡaoṫar na
teangan.
Mar dúḃairt P. J. Creiḋċín i sgeul
an Ḟir Feasa Áḋ'ṁuil, "Dá ḟad a's ḃí¬
ḋeas an crúsga dul in a ḃalla, bris¬
tear air deireaḋ é." Agus ḃris an
Saoi Ruiséal a ċrúsga nuair i d' ionn¬
suiġ sé Taḋg Gaoḋalaċ. Ní'l aon aṁ¬
ras naċ saoileann an Ruiséalaċ go ḃ-
fuil sé ḟéin ċeart, aċ is galar é naċ
féidir leis i ċraṫaḋ ḋe.
Más mian le Éireannaiḃ a d-teanga
a ṡaoṫrúġaḋ caiṫfiḋ siad "suiḋeaṁ
síos go trom" air ḋeaspóiriḃ mar an
Ruiséalaċ.
Seo dán ó Ṫaḋg Gaoḋalaċ, gan aon
aṫrúġaḋ,
DUAIN AN t-SLÁNUIĠṪEÓRA.
Fonn — "Eamon an Ċnoic."
"Mo ġráḋ-sa mo Ḋia,
Mo ġárda, mo Liaġ,
Mo ġráḋ geal mo Ṫíṫearna trócaireaċ;
Mo ġráḋ milis Críost,
'S gráḋaim uile a ċroíḋe,
Mo ġráḋ ar fad tú Ríġ na Glóire:.
Mo ġráḋ-sa do ṡúil
Mo ġráḋ-sa do ṡiúḃal,
Mo ġráḋ-sa do ċlóḋ 'sdo ċóṁaċta:
Mo ġráḋ tu le fónn,
Cia táim bunoscionn,
'Sná deárnaḋ, mo ċúṁaḋ, do ċóṁairle!
Mo ġráḋ-sa do Naoiṁ,
A n-áileaċt 'sa ngníṁ,
Mo ġráin bearta baois na h-óige:
Mo ġráḋ-sa do ḋlíġ,
A ḃreáġṫaċt sa ḃríġ,
Mo ġráḋ-sa, fó ṫrí, do ṡomplaḋ :
Ar ḃeárnas dod' riaġail,
Le sgláḃaċt an diaḃail,
D'ḟág san gan ċiall me stóir-ġil :
'Sa ṁáġaistir na g-cliarr,
O raobas do riair,
Slánaig-si a Ḋia mo ṁór-loit!
Mo ġráḋ-sa go léir,
Do ráiḋte 'sdo réir
'Sdo ṁáṫair, mo Réiltion Eóluis :
Bainríoġain na n-aingioll,
Bainríoġain na n-apstal,
'S bainríoġain na ḃ-flaṫas órḋa:
Bainríoġain an t-sonuis,
Bainríoġain an t-soluis,
Bainríoġain na g-cros, na g-c'róinneaċ:
'S bainríoġain na ngrás,
A n-am sgeíṁle an ḃáis,
Mo ċrann-díġin 'smo ġráḋ-sa an óġ-ġlan
Mo ġráḋ tusa Aṫair,
Naoṁṫa na n-Aingioll,
A ḃlaṫ-ġlain na ḃ-flaiṫ 'san aoiḃnis :
Mo ġráḋ-sa do leaca,
Áluinn gan aiṫis,
D'áitriġ do ċeart le caoineas;
Mo ġráḋ-sa do ṫeagasg,
T-árus 's t-aiṫris,
Mo ġráḋ-sa gaċ aċt dod' ḋlíġ-si:
Mo ġráḋ-sa gaċ aga,
Cráiḃṫeaċ do ċaiṫim,
Ad ġráḋ 'gus ad ġairm IOSA.
Mo ġráḋ-sa na súirt,
Naoṁṫa so ad ċúirt,
Mo ġráḋ-sa do ċom, do ċlóḋ ġeal:
Mo ġráḋ-sa do ṫréad,
Fáigíḋe na séad,
Mo ġraḋ-sa do ṁéinn, do ṁórḋaċt:
Mo ġráḋ-sa do ṗearsa,
Ad ṗáis sinn do ċeanaig,
Mo ġráḋ-sa do ċaṫair ċeólṁar :
A IOSA na ḃ-feart,
Ná daor mé led' ċeart,
'Sgur tú mo ṡoíllse, mo neart, mo ḋó¬
(ċas.
Mínig-si méirlig,
Mílteaċ an éirlig,
An ḃuíḋin ḃuile, ċraosaċ, ċóisreaċ :
Ná straocan do ḃriaṫra,
Naoṁṫa na cléire,
Aċt ċoíḋċe go faoḃraċ, fórsaċ:
Fuil Iosa dá spalpa,
An t-saoire dá straca,
A síor-sgrios 'sa creaċa a g-cóṁarsan;
Mo sgeíṁle-si an srian,
A d-teínte na b-pian,
Cuir na mílte gaċ bliaġain faoi ḃrón-
ḃruid.
