(23)
5Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 11. MÁRT, 1887.
DO 'N LÉIĠṪEOIR.
Feicfiḋ an léigṫeoir go ḃ-fuil aṫrúg-
aḋ deunta g-cruṫ an Ġaoḋail an ṁí so,
aṫrúġrḋ, támuid cinte, a ḃeiḋeas taiṫ-
neaṁaċ leis. Ní ḟeiciġear o seo amaċ
aon ḟocal de 'n Ḃéarla Gallda i g-clár-
innse 'n Ġaoḋail, ionnas go m-beiḋ ḟios
aig gaċ h-uile ḋuine a ṫóigfeas suas é
cad ata ann.
Tá muidne deunaḋ ar n-díṫċill tean-
ga ar sinsear do ṫaḃairt os cóṁair an
doṁain, agus is sé ar m-baraṁuil naċ
ḃ-fuil aon ṁoḋ níor éifeaċtuiġe leis an
meaḋon sin a ċur i n-gníoṁ 'ná scapṫa
na teangan go fóir-leaṫan i measg na
n-daoineaḋ.
Tig le gaċ Éireannaċ rod éigin a
ḋeunaḋ i saoṫar na teangan, biḋeaḋ sé
mór no beag, agus an t-Éireannaċ naċ
n-deunfaiḋ an iarraċt ní fiú é áiriúġ'.
Mar sin, tá sé dlíġte de gaċ duine a
ḋiṫċioll a ḋeunaḋ.
Tá an Ruiséalaċ aig an t-sean-obair
arís. Dúḃramar ċeana gur galar é
naċ féidir leis a ċrataḋ ḋé, aċ tais-
beánan a ċóṁráḋ déiġionaċ go ḃ-fuil
níos mó 'ná galar air — go ḃ-fuil mío-
ṁúinteaċt air ċó maiṫ leis an ġalar,
Is mór an t-áḋḃar luṫġáire ḋúinn, a
ḋearḃráiriḋ, stáid na teangan i n-diu
ḃ-faras a stáide deiċ m-bliaḋna o ṡoin,
agus ní ṡé aṁáin stáid na teangan aċt
stáid an ċiniḋ go h-uile. Ní raḃ ċúis
féin-riaġluiġṫe na h-Éireann níos dóiġ-
ṫeaṁla le seaċt g-ceud bliaḋan : agus
taisbeánan sé go measfaiḋ an saoġal
sin do réir ar meas orrainn féin.
Tá súil againn go m-béiḋ níos mó
clóḋ Gaoḋalaċ againn a g-coinne na
míosa so ċugainn, a rioċd go ḃ-feudfa-
muid ar n-iarráisdiḋe íoc. 'San am
ceudna deunaċ gaċ duine a ḋiṫċioll an
Gaoḋal a scapṫaḋ i measg a ċóṁarsa-
naiḃ.
