AN GAOḊAL.
681
URLAḂRAḊ an DÚIḂĊE d' UILLING¬
TON i ḃ-Féis na d-tiġearnaḋ Sacsanaċ
'san m-bliaḋain 1829, ag tagraḋ a d-
taoiḃ an Ḃille Saoirsiġ Catoiliciġ. Tóg¬
ṫa go neiṁḋíreaċ o'n "Iris Seaċtṁain¬
iġ," de'n aonṁaḋ lá air ḟiċid de'n Lúġ¬
nas, 1875, agus aistriġṫe do'n Ġaeḋil¬
ig ag caṫair Sain Ṗroinsiais i míṁeáḋ¬
ain an Ḟóġṁair, 1886, le "Seanġual¬
ainn."
"Tá sios agaiḃ go maiṫ ċeana, a ṫiġ¬
earnaiḋe, gurab iad Catoiliciġe Róm¬
ánaċa do riġne suas leaṫ, dá lúġa, de
na sluaiġtiḃ ba ṫoil le n-ár riġ ngrása¬
ṁuil a ċur go muinġíneaċ faoi ṁo ṫreó¬
ruġaḋ air feaḋ an ċogaiḋ, — Cogaḋ toin¬
sgnuiġṫe go fíor ċum na súiḋiġṫe sona
agus féin-ċúṁaċd na tíre do ċúmduġaḋ
A ṫiġearnaiḋe, anuair ġlaoiḋim ḃur
g-cuiṁne do'n niḋ seo, táim cinnte naċ
gáḋ níos mó a ráḋ. Is maiṫ atá fíos
agaiḃ, a ṫiġearnaiḋe, air an aimsir ḟa¬
da & air an obair ċruaiḋ do ḃí aca ag
congḃáil na himpireaċda suas go h-eud¬
rom air ḃárr na tuile do sgrios agus
is beag nár ḃáṫ air fad gaċ n-daóineaḋ
eile : agus mar ċongḃaiġeadar beó an
t-aon spré aṁáin saoirse fágṫa gan a
ḃeiṫ múċta 'san Eórp, agus mar le h-
iarraċdaiḃ gan coiṁionannas, do ċuir¬
eadar sinn fa ḋeoiġ, ní aṁáin a ḃ-fad
os cionn an uile ḃaoġal, aċt a stáid
sonais níos áirde 'ná ḃí aon súil againn
roċtain a ċoiḋċe. Tá na neiṫe seo buan¬
aċ agus naoṁṫa go leór, a ṫiġearnaiḋe,
ċum buiḋeaċas an náisiúin do ṫuilleaṁ.
Atá sé beag naċ neiṁriaċtanaċ ḋam-
sa, a ṫiġearnaiḋe, do ḋearḃuġaḋ ḋíḃ
go ḃ-fuaras mo ṡaiġeadóiriḋe Catoil¬
iceaċa Rómánaċa a g-cóṁnuiḋe ċóṁ
foiġideaċ faoi h-easḃaḋaiḃ, ċóṁ deiṫ¬
nasaċ ċum an ċogaiġ, agus ċóṁ socruiġ¬
ṫe agus ċóṁ meisneaṁuil san maġ-ċaṫa
le haon ċuid eile de ṡluaiġtiḃ a Ṁór¬
aċta Ríoġaṁla; & a ḃ-ponc dílseaċd¬
a agus díograis d'a d-tír agus d'a riġ,
níor sáruiġeaḋ riaṁ iad.
Ni iarraim aon luaiḋeaċt i n-innsin
gur ḃ' ḟéidir le ceannairt eile stoirm
an ċaṫa é ṫreórugaḋ, ċóṁ gaosṁar
lem' ḟéin. Ní ḃ-fuil againn aċt feuċ¬
aint siar air análaċaiḃ ár ngníoṁ cog¬
aṁuil ċum a ḃeiṫ deiṁniġṫe gur beagán
d'ár g-ceannḟeaḋnaiḋiḃ naċ raiḃ acfui¬
neaċ go leór air spioraid neaṁċlaoiḋ¬
teaċ ár sluaiġteaḋ a ṫreóruġaḋ agus
air ġlóire úra do ċas timċioll na h-an¬
ma Breatanaiġe. Aċt, a ṫiġearnaiḋe,
an ḟad atámaoid saor ċum é seo do
ṫógḃáil asteaċ, caiṫfimid adṁuġaḋ mar
an g-ceudna nár ḃ' ḟéidir aon ḃuaiḋ d'
ḟáġail riaṁ gan fuil Catoiliciġ agus gan
cróḋaċt Catoiliceaċ, agus go m-beiḋ¬
eaḋ na h-intleaċda cogaṁla do b'ḟeárr
'san Eórp gan tairḃe ós cionn a n-arm¬
áilte. A ṫiġearnaiḋe, dá laiḃeórainn
mar seo lem' ṡluaiġtiḃ Catoiliċeaċa
Rómánaċa a d-tánóna roiṁ aon de na
laeṫaiḃ dian-troidṫe seo air a ḃí agam
an onóir iad d'órduġaḋ :— "Atá fios a¬
gaiḃ go maiṫ go ḃ-fuil aṁrus ag ḃur n-
dúṫaiḋ air ḃur n-dílseaċt, no go ḃ-fuil
fuaṫ aice air ḃur g-creideaṁ, mar naċ
leigeann sí siḃ asteaċ ameasg stáide
a caṫruiġṫeóraċ eile; má ṁeasan siḃ
air a ṡon san go ḃ-fuil sé éagóireaċ air
a páirt d'iarr orraiḃ ḃur ḃ-fuil a ḋór¬
taḋ air a ċosnaṁ, tá siḃ saor ċum im¬
ṫeaċt;" - táim lán-ċinnte, a ṫiġearnaiḋe,
gíḋ searḃ na cuiṁniḋe a ḃí músgailte,
go dteilgfidís uaṫa an tairgsin le tar¬
ċuisne; mar is uair na glóire agus an
ḃaoġail an uair is mó aiṫniġeann an t-
Éireannaċ cróḋaċ, deáġċroiḋeaċ, a ġnó,
agus an uair is mó atá sé socraiġṫe
air é do ḋéanaṁ Aċt, a ṫiġearnaiḋe,
dá m-beiḋeaḋ sé air an móḋ eíle: dá
d-tógfaidís mar róġa an ċúis a ḃí róm¬
pa do ṫréigean, bíoḋ go g-coineoḃaḋ an
ċuid eile de na sluaiġtiḃ suas, gan aṁ¬
rus, ónóir na n-arm m-Breatanaċ, fós,
mar dúḃras, níor b' ḟeudfaḋ aon d' a
n-iarraċtaiḃ aon lán-ḃuaiḋ d' ḟáġail
riaṁ. 'Seaḋ, a ṫiġearnaiḋe, is do na
Catoiliciġiḃ Éireannaċa a tamaoid go
h-uile i ḃ-fiaċaiḃ air ár n-áird-ċéim uaiḃ¬
riġ in ár g-cúrsa cogaṁuil; agus is
dóiḃ atáim-se féin- a b-pearsain, faoi
ḟiaċaiḃ air na láḃrasaiḃ le ba ṫoíl liḃ
mo ṁalaiḋe d'óirdniuġaḋ, air na h-ón¬
óiriḃ do scair siḃ orm ċóṁ fial-san, a¬
