(25)
6Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 1. BEALTAINE 1887
NUAḊAĊT NA MÍOSA.
Ní'l mórán aṫrúġaḋ a stáid na h-
Éireann o sgríoḃamar ċeana. Aċ tá
bun na spérie ag gealraḋ, gealraḋ de
ḃriġ go ḃ-fuil na h-Éireannaiġ ḋa d-taḃ-
airt féin faoi n-dearaḋ. Tá spreac-
aḋ a téaċt ionnta. Foilsiġeaṁ é seo
go soiléir a ḃ-Piledelphia an la ċeana,
nuair a ruaig ar g-cinne ó'n g-clár na
h-aisdeaċóiriḋe noċ do ḃí maslúġaḋ
a d-tíre. Is cosaṁlaċt é má leanann
na Sasanaiġ a maslaiḋṫe mórán níos
fuide go ruaigfiġear ar Éire iad le
airm níos cruaiḋe agus níos deine 'ná
uiḃeaċa loḃṫa, giḋ gur cruṫuiġ na h-uiḃ¬
eaċa éifeaċtaċ go leor.
Is maiṫ an nuaiḋeaċt í seo agus
moruiġeann muid ar léiġṫeóiriḋe aisti.
Is sé saoṫruġaḋ na teangan a tá
taḃairt an spioraid seo do na daoin-
iḃ air an áḋḃar sin, is cóir dúinn ar
n-diṫċioll a leasuġaḋ in a taoḃ, agus is
sé fóir-leaṫnuġaġ oiḃreacha mar an
Gaodal an leasuġaḋ is éifeaċtsiḋe atá
in ar g-cuṁaċt a deunaḋ.
Deir cuid de na Sasanaiḋe go ḃ-fuil
Párnell 'na ṫeintreóir; ḋeaṁan baoġ-
al air.
Bíḋeaḋ an smuaineaḋ seo air ḃeul, ⁊
a n-inntinn gaċ Éireannaċ: Saoirse na
h-Éireann gan clampar más féidir, aċ
a saoirse air aon ċor.
Tá na Sasanaiġ an t-sunda má ṡaoi
lean siad go g-conḃóċaiḋ siad na hÉir-
eannaiġ faoi ḃruid mórrán níos fuide.
Tá arm maiṫ aig na daoiniḃ anois.
Mar do ḃímar a críoċnúġaḋ na sgrí
ḃinne so fuaireamar os cionn ḋá ainm
deug ó'n Saoi Mac Inírġ, agus deir sé
naċ stadfaiḋ sé no go m-buailfiḋ sé 'n
Saoi Feeniġ. Aċt ċualamar ó'n Saoi
Feeniġ freisin.
