696
AN GAOḊAL.
BLIAḊAIN NA D-TRÍ N-OĊT.
Uilliam Ruiséal Cécinit
Fonn — An Stáicín Ornan.
NOTE — The following song was composed in the
year 1873, and is written in the allegorical style of
the Jacobite bards of the last century. The pro¬
phetic hint it contains in regard to the year of the
three eights is based upon the figurative significa¬
tion of the name of the number eight in Hebrew,
in which language it implies fame and elevation.
And hence the composition has allusion to the year
1888, when its author supposed, or hoped, that
some tangible amelioration of the condition of his
native land should take place, by the force of cir¬
cumstances and the operation of political destiny.
W. R.
Maidin aoiḃinn, aoraċ, am aonar ċois
coille ḋom,
Ag maċtnaṁ air anacraḋ na n-Éir¬
eann, gan loċt;
Do ḋearc mé ainḟir ṁaorga, bo seiṁe,
bo ġrinne cruiṫ
'Na an ḃéiṫ do ṫug Banba faoi ġéiḃ¬
ionn doċt:
Bo finne, ġile, aolda a h-Eadan sa ma¬
ṁa-ċnis,
Ioná gné sneaċta tuitiġṫe air ṡléiḃ¬
tiḃ go moċ;
'Sa gruaḋna mar na caoraiḃ, is craor-
ag le deirge
Air úr-ḃrollaċ torṫáċ Inse-Eilge, na
loċ.
Mar omra buiḋe na gréine, bo dreim¬
reaċ, le snas ag fiġe,
Tar ġuailliḃ a feacaḋ lei go niaṁ¬
raċ, a folt;
'Sa dearca mar na reultaiḃ air spéir,
oiḋċe seaca ḃí,
Am aṁras, ċo daite le salċuaċ
ġrínn na ngort.
Doḃ aibig í 'sba leiġeanta, a n-éifeaċt
gaċ tuigsiona
Do réir mar a ṁeasas d'éist ċum
cainte lei dul:
'Sa pearsa leaḃair gan ḃeim ḃí mar aon
de na n-aingealaiḃ,
Do ṫearnas le teaċtaireaċt ċum
naoṁaiḃ gan ċol.
Fionnaim-se do'n aoil-ċnis cia an taoiḃ
ċúgam ar ṫaisdil-sí —
Ann o ċríoċaiḃ ṫar fairge do ḃí sí
ag teaċt
No ar ċoṁnaiġ-sí 'san d-tír ġlais le
dliġe cam d'a creaċaḋ ḃí,
Ag siolṁaċ na Sacsanaċ, le ciantiḃ
faoi smaċd
Ar ḃise maiṫir-ṡinsir ċlainn Ṁíleḋ, na
g-cine glan —
Scoitín do fuair urraim ann ard-
laoiṫiḃ na scan;
Fós Gormflaiṫ na m-banntraċt o
Ċeann-Ċorann sionaine,
No an ġéis d'ar ṫug Conall Ḃinne-
Éadair a ġean?
Do ḟreagair sí le seiṁe, a nGaoḋailig
ḃúig-ḃlasda mé,
"Ní h-aon-ḃean de'n ḟuirionn mé do
spréagais ad ċeisd;
Fós, sgéiḋfeaḋ mé ḋuit sgeul tá dis-
creideaċ a's iongantaċ,
Mar is léir ḋam go ḃ-ḟuilir-se fíor¬
aonta, a d-teist:
Aṡ ainim ḋóṁsa Éire, is 's faoi spéir
ġorm ḟlaiṫis ní'l
An te úd de'm ṡaṁailt tá 'gá crei¬
meaḋ gan tosd,
'Sas doilig liomsa staonaḋ cé faon me
ag feiṫeaṁ air,
An ḃ-faoiseaḋ do ṫiocfaḋ ċúġam le
bliaḋain na d-trí n-oċt."
BAILE NAOṀ ṠÉAMUIS, MISH
An cúige lá fiċid, mí na Féile
Bríġide, '87.
Do Ċlóḋaire An Ġaoḋail:
Ṡaoi Ḋílis ;— Cuirim ċugad anns an
leitir seo aon dollar agus fiċe piġinn,
luaċ an Ġaoḋail air feaḋ aon ḃliaḋain
air mo ṡon féin agus air ṡon Ḋoṁnaill
ṀacCaṁlaiḋ.
Is sé mo ṁian ḃeagán foclaiḃ laḃairt
a d-taoḃ a "National League" a tá air
bun anns a tír seo agus ann gaċ tír
eile ann a ḃ-fuil Éireannaċ ann. Ní'l
ḟios agamsa aon niḋ rinne an cumann
seo air son na tire. Támuid ag éist¬
eaċt gáċ lá & gaċ oiḋċe go ḃ-fuil Sac¬
san ṡíos & go ḃ-fuil Éire ṡuas anns an
g-coṁraic a tá eidir a dá d-tír. B'ḟéi¬
dir gur mar sin atá, aċt sé mo ṁar a
