706
AN GAOḊAL.
AN GEARḞIAḊ GEAL.
An Dára Roinn.
Tá an ṁaidin eiriġṫe go ciúin 's go
lonraċ. Tá fion-ḟuardas breáġ in san
aeḋear, agus tá balaḋ sgoṫ fiaḋain 'g
a n-iomċur air goaṫaiḃ ciúine. Air uile
ġéig ḃí na h-eunaċa aig sinnim go binn.
Tá smigeaḋ air ṗuisiḃ an ċodaltóra;
tarraingiḋ sé a anál go trom — mús¬
glaiḋ sé — fosglaiḋ sé a ṡúile. Aċt cia
a ṡeasas eidir é 's an ġrian a ḃí aig eir¬
iġe? Feuċaiḋ sé. Líonta le iongantas,
léimiḋ sé óna leaba drúċtḟliuċ. Maiġ¬
dean is mó agus is breáġṫa sgiaṁ atá
ann sin. Níor ċonnairc Doṁnal ariaṁ
aonḋuine ċo h-áluinn. Tá a ṡúile báiṫte
inte: Brisiḋ sí an sosd: "Na bíḋeaḋ
faitċíos ort! Ní'l aon olc agam duit!!"
"Ta d'aġaiḋ na ḃarrantas maiṫ go leor,
a ḃean áluinn," ar sé. Ċlis a ġuṫ; air
feaḋ moimeint, d'ḟan sé na ṡosd, arís
laḃair sé; "Insiġ, a ḃean uasail, cia ṫú
féin, no cad é fá do ṫeaċta air cuairt
agamsa?"
D' ḟeuċ sí go brónaċ air an talṁain.
In sin, ṡocruiġ sé a ṡúile uirri. An t-
eudan ċo geal, ċo caoṁ — sgaṫuiġṫe leis
na foltaiḃ breáġa gruaige dorċa — na
leicne coṁċruinne apuiġṫe — breáġaċd a
cruṫa — an cóta breáġ de ḋaṫ doiṁin-
ġlas — na seoid a ḃí ċo lonraċ le deor¬
aiḃ drúċda air a brollaċ!
"Go cinnte," ar sé " ní de 'n t-saoġal
so ṫusa."
"A ógánaiġ ṁaiṫ," ar sí, i n-guṫ
níos binne iona ceol, "táim go deiṁin
mar táir féin, daonda. Inneósad duit
mo sgeul i m-beagán d' ḟoclaiḃ."
"Laḃair — laḃair, lig dam do ċlos,"
ar sé.
"Maiseaḋ, ann sin," ar sí, " ċiḋ tú
an t-sleaġ úd, do ċuir do láṁ ann sin
í, cuireaḋ í os cionn brollaiġ na mná a
d'ḟág mise le fán le na cuid draoiḋ¬
eaċda, aċt d'ḟuasgail tusa mé : Ca ḃ-
ḟuil mo ḃuiḋeaċas?"
Misé, mise, d' ḟuasgaltóir!" ro ġoir
Doṁnal go luaṫġáireaċ, mar ḃí sé aig
pógaḋ a laiṁe a ḃí ag criċ. "M'ḟuasg¬
altóir," ar sí, go ciuin, "faoi an g-cruṫ
ann ar ċonnairc tú mé, i n-de — faoi
ċruṫ ġearḟiaiḋ ġil — ċaiṫfinn fanaċt air
feaḋ an ama a tugaḋ dam le h-aġaiḋ
mo rionluais saoġalta. Aċt do ḃris
tusa an draoiḋeaċt ṁailíseaċ."
"Táim ó ḃunaḋ daoine flaiṫeaṁuil.
Ḃí máṫair ġráḋaċ, ċeansa agam. Nuair
naċ raḃas aċt an-óg ṫóig Dia uaim í.
Ṗós m' aṫair [ mar cuireaḋ ialaċ air a
pósaḋ ] inġean taoisiġ ċúṁaċdaiġ ó
ḋeisċeart na h-Éireann. Ṗós sé bean
a raiḃ draoiḋeaċd aici." Ċrioṫnuiġ an
t-óg-ḃean. "O 'n momeint ar ṫainic sí
asteaċ a d-tiġ m'aṫar — noċ tá anois,
mar ċiḋean tú, sgriosta, bánuiġṫe — ḃí
fuaṫ aici orm. D' airiġ mé go raḃ fuaṫ
aici orm ; aċt níor raḃ fios agam cia
an fáṫ, Aċt anois tá ḟios agam."
"Aċt ċeana, in mo ḋeiċṁaḋ bliaḋain,
fuair m'aṫair bás. In sin do fágaḋ
mise i láṁaiḃ mo náṁaid buḋ duiḃe
Cuir sí d'ualaċ orm an foġnaṁ buḋ ís¬
le, gráineaṁla do ḋéanaṁ. D' ḟoilsiġ
sí a fearg niṁneaċ agus a fuaḋ ann
gaċ uile ḟocal a laḃair sí liom. D'ḟul¬
angas gaċ uile ḋócaṁal go foiġideaċ,
ceansa. Fa ḋeire, d'aṫċruṫuiġ sí mé
am ġearrḟiaḋ ġeal tre ċúṁaċd a draoi¬
ḋaċda, fós fágáil agam cleaċdaḋ mo
ċéadfaḋ corparḋa, ionnus go meudóċ¬
aḋ sí mo ṁí-áḋ. Faoi an b-pionús so
reaċtuiġ sí go ḃ-fanfainn go sáiṫfeaḋ
sealgaire ó Ṫír-Aṁalaiġ a ṡleaġ in a h-
uaiṁ. Níos mó 'ná sin, cuireaḋ oiblio¬
gáid orm ḋul h-uile oiḋċe aig an tobar
úd ó'r ḟiaġaċ tú mé, agus do ḃeiṫ air
m'ais sul raċfaḋ an ġrian faoi. B'uaṫ¬
ḃásaċ an pionús é. Ċiḋ tú na neiṫe ui¬
le anois. So í a h-uaiṁ, aḋlacaḋ í san
áit in a ḃ-fuair sí bás. Toġlaḋ na
ballaiḋ so le caoirṫeintiġ an oiḋċe tar
eis a h-aḋlacṫa. Aċt go g-coṁnuiġiḋ sí
i sioṫċán!"
Ḃí deora móra aig tuitim síos le
leicniḃ Ḋoṁnail, mar ḃí sí aig críoċnú¬
ġaḋ aiṫrise a mioraṫ. Ḃéarfaḋ se uiri
ċum a ċléiḃe, aċt ċuir sé cosg air féin.
Ċaiṫ sé é féin air a ġlúiniḃ; rug sé air
a láiṁ, agus ṫosuiġ sé aig pógaḋ na
láiṁe.
"O," do ġoir se aig eiriġ d'a ġlúiniḃ,
