27
6Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 3. LÚNÁS. 1887
CÓṀRÁḊ na MÍOSA.
Ta bróid orrainn go m-ḃreaṫnuiġ-
eann cúis na h-Éireann beagán níos
feárr 'ná ḃreaṫnuiġ sí mí ó shoin. Ní
n-ionann inntleaċt na n-daoineaḋ anois
agus an t-am a raḃ an t-Sean Ċailleaċ
Ruaḋ, mar duḃairt an Saoi Mac En-
éiriġ, a riaġluġaḋ Ṡasanaiġ. Ní ċoisg-
iḋ na Sasanaiġid laḃairt na Gaoḋail-
ge anois mar rinreadar an t-am sin,
de ḃríġ go ḃ-fuil gleus cogaiḋ éifeaċta¬
aṁuil i réiḋeaċt na n-Éireannaċ, agus
sin é an fáṫ
Ag aṁarc air an méid a rinne na
Sasanaiġiḋ n-aġaiḋ na teangan is mór
an t-iongaṁ linn-ne naċ n-deunann Éir-
eannaiġiḋ níos mó iaraċta le n-a com¬
eud. Dá n-oibridís i g-cúis na teang-
an mar a táid i g-cúis na talṁan is an
ġeárr go m-beiḋeaḋ sí i m-beul gac Éir-
eannaiġ, mar buḋ ċóir. Saoileamuid-
ne go ḃ-fuil cúrsa Ṡasanaiġ bunáite
riṫte. Tá Rúise dul a g-cinn 'san Oir
go ciúin, stuamaḋ, agus an nFrainc d'a
bacaḋ in Éigipt. Agus tá níos mó 'ná
sin uirre — Tá faitċíos uirre roiṁ ċú-
ṁaċt Ridiriḃ na h-Oibre, agus ní ṡé a-
ṁáin tiġearnaiġiḋ Sasanaiġ acht tiġear¬
naiġiḋ na h-Eóirpe go h-uile. Tá grian
an t-saṁraiḋ a lasaḋ, aċ an uair 'ṫioc-
fas saṁraḋ na h-Éireann, cia ḃ-fuiġe
Éireannaiġiḋ iad ḟéin? Ġeaḃfaiḋ siad
iad féin gan teanga aċ teanga an tíor¬
ánaiḋ, má ḟanann siad ċo neaṁṡuimea¬
ṁuil a d-taoḃ a d-teangan a's atáid a-
nois. Is an ṁór an náire é seo do ḟir
agus mná na h-Éireann, agus ní'l aon
dul as aca. Ní'l aon ḟear sa tír naċ
ḃ-feudfaḋ beagán no mórán a ḋeunaḋ
d-taoḃ a ṫeangan. Cuireaċ léiġṫeóiriḋ
an Ġaoḋail é seo in uṁall d'a g-cóṁur-
sanaiḃ, agus b'ḟéidir go g-cuirfeaḋ sé
spreacaḋ ionnta. Caiṫfiġear rud a
cínt a ḋeunaḋ no béiḋmíd gan teanga.
