718
AN GAOḊAL.
DÓ'N AṪAIR DOIARUID O'MAOINEAĊÁIN.
Air Ċríoċnuġaḋ a ḋá Ḟiċead bliaḋan mar Ṡagart 'san Eaglais.
Beaṫa 'gus sláinte, a ṡagairt! sin paidir do ċarad go léir,
Beaṫa 'gus sláinte, a ṡagairt! sin paidir na d-tuataḋ 'sna g-cléir,
Sláinte, a ṡagairt! sin paidir do ċarad i m-baile 'sa g-cian, —
Sláinte dó'n té, fíor-ṡeirḃíseaċ Dé, i n-deireaḋ a ḋá ḟiċead bliaḋan!
Giḋ fada do ṡeirḃís, a ṡagairt; giḋ fada do ṡaoṫar 'san t-saoġal, —
Saoṫar ḃí líonta go minic le buaiḋreaḋ le brón agus baoġal;
Níor ṫréig tú do ċúram aon agaḋ ; níor ċaiṫ tú do ḃeaṫa go sáṁ,
Oir ḃí sólás duit ann, a's ḃí Riġ ós do ċeann a ċuir meisneaċ 's neart in do láiṁ.
Is iomḋa an t-aṫruġaḋ, a ṡagairt, do ċonnarcais teaċt air an doṁan
Ó ṫosuiġ tú saoṫar do ḃeaṫa — saoṫar naċ g-cruinniġeann lón ;
Saoṫar naċ n-díoltar 'san t-saoġal so; saoṫar gan tuarasdal óir,
Aċt saoṫar ḃéideas beó ins an ḃ-Flaiṫeas go deó, in a m-breaṫnuiġṫear obair go
[cóir.
Do ċonnarcais riaġla na tírṫeaḋ ag tuitim roiṁ' ḟeirg a g-clann,
Do ċonnarcais impiriḋe 's riġṫe 'na n-deóraiḋiḃ ísle 'gus fann',
Do ċonnarcais éadan na cruinne ag aṫruġaḋ ó lá go d-tí lá, —
Do ċonnarcais brón agus buaiḋreaḋ an doṁain, naċ n-eugfaiḋ 'measg daoineaḋ
[go bráṫ.
Níos measa 'ná iadsan go h-uile, do ċonnarcais sgiobṫa ód' ṫaoiḃ
Gaċ cara ḃí agad in d'óige; gaċ cara nár ḋearmadais 'riaṁ;
'S do ċoṁluċta fíora 'san eaglais ag euluġaḋ ód' láṫair go deó, —
Tá tú fágṫa gan aon de na sean-ċairdiḃ treun' a ḃí agad 'sna laeṫiḃ fad' ó.
Go cinnte d'ḟág sneaċta na n-geiṁreaḋ a luirg go bán air do ċeann,
A's tá d'eudan ag taisbeánt na roc a d'ḟág bliaḋanta na buaiḋearṫa ann;
Aċt tá teine do ċroiḋe ḟír neaṁ-ṁúċta, tá tapaṁlaċt d'anma mar ḃí,
Oir an croiḋe sin go deó 'na ḃ-fuil suḃáilce beó, ní féidir a spioraid do ċlaoi.
Ní féidir na maiṫeasa rinnis ḃeiṫ curṫa i ḃ-foclaiḃ aoin dáin,
Ní féidir iad uile ḃeiṫ sgríoḃṫa, aċt Léisean, do Maiġistir, aṁáin,
Is Dó-san a ṫug tú do ḃeaṫa; is Éisean tá acfuinneaċ ráḋ
Mar líon tú gaċ dliġe, mar ṡiúḃal tú an t-sliġe a riḋeas gó Flaiṫeas A ġráḋ.
Do ḃrosduiġis cráiḋḃeaċt a g-coṁnuiḋe i g-croiḋṫiḃ na n-daoineaḋ ḃí ceart,
Agus iadsan ḃí lag in a g-creideaṁ, do spreag tú a g-croiḋṫe le neart;
Do ṫóg tú an peacaċ ró-íosal ċum bóṫair na ḃ-fíor a's na slán,
Ní le teagasg do ḃéil, a ḃí líonta le céill, aċt le sómpla do ḃeaṫa, aṁáin.
Tá d'ainm i m-beulaiḃ na n-daiḋḃir le beannaċtaiḃ ceart' agus cóir,
Tá d'ainm i m-beulaiḃ na saiḋḃir le onóir, le urraim a's glóir;
Oir ṫaisbeán tú ḋóiḃ-san ḃí daiḋḃir gur boċt ḃí an Slánuiġṫeóir féin,
A's dó'n t-saiḋḃir a ċoiḋċ' ba h-é so do ġuiḋe :— "Na dearmaid na boiċt in a
[leun!"
Tá 'n t-aṫair 'san ṁáṫair ag altuġaḋ mar ċoiméad tú beaṫa a g-clann,
Tá 'n ḃaintreaḃaċ ag guiḋe air an t-sagart d'ḟág dídean a tiġe ós a ceann;
Tá 'n dílleaċta molaḋ do ċarṫanaċt a d'eudtromuiġ ualaċ a ċráḋ, —
Tá siad uile mar aon taḃairt molta ḋuit féin a's doiṁne a n-geana 'sa n-gráḋ.
Ní iongantaċ go ḃ-fuilir mar tá tú; ní iongantaċ linn maiṫeas do ċroiḋe,
Oir naċ d-tainic tú ċugainn ó'n tír sin, — fíor-oileán na Naoṁ a's na Riġ?
