720
AN GAOḊAL.
AN GEARRḞIAḊ GEAL.
AN TREAS ROINN.
Buḋ é an treas lá tar éis an lae úd
a ċonnairc Doṁnal aig fiaġaċ go dúr¬
aċtaċ an geirḟiaiḋ ċoiṁṫiġiġ ġil. Aċt
ċeana níor raḃ an t-sealg sin gan gnó¬
ḋaċan eigín. Ṡmuainiġ sé mar ḃí sé
aig teaċt i n-gar d'a ḃaile, nár raḃ sé
aig filleaḋ air ais gan duais. Agus an
duais sin! Cia naċ n-oibreóċaḋ ċum
duais mar í sin d' ḟáġail? Ḃí caisleán
a aṫar anois ann a aṁarc. Do léim
a ċroiḋe le luaṫġáir.
Ṫarruing Eiḃlín osna, agus ann sin
riġne smíġeaḋ. Ċuadar asteaċ san g-
caisleán. Mar ṡiúḃladar tre na háll¬
aiḃ, d'uṁlaiġ gaċ foġantaċ dóiḃ agus
ḃíḋeadar aig feuċaint le iongantas air
an maiġdean áluinn a ḃí an sealgaire
óg aig treórúġaḋ.
Fa ḋeire fáiltiġiḋ a aṫair Doṁnal
le póg. Ḃí searcġráḋ aig Doṁnal na
g-cnoc air a ṁac tréanṁar. "A Ḋoṁ¬
naill, a ríméid mo ċroiḋe, ca raḃais air
feaḋ na d-tri lá fada seo a ċuaiḋ
ṫart? agus cia ṡí an ḃean óg, áluinn
seo a ḃeireas tú dár hallaiḃ?" Ṫain¬
ic lasaḋ an san mnaoi óig mar d'ḟeuċ
an taoiseaċ aosda liaṫ uirri.
"Is iomḋa riasg fiaḋáin agus talaṁ
fraoċṁar do ṡiúḃlas, a aṫair, ó d-fág
mé an áit feo go deirionaċ. Níor ġnó¬
ḋuiġeas rud air biṫ a d-taoiḃ na seilge
aċt do ṡaoras an bean óg seo: a nós
iongantaċ. Ṫugas go deiṁin sonas a
ḃaile liom." Ann sin d'innis Doṁnal a
sgeul brónaċ, ċóḟaḋ 's ḃí sise — na sea¬
saḋ sgaṫaḋ amaċ uaiḋ — aig sileaḋ na
n-deor go frás.
"A leinḃ ḃoiċt," ar Diarmuid leiṫe
go ceansa, aig breiṫ air a láíṁ, "ná bí
aig gol. Beiḋ mise am aṫair duit, beiḋ
Doḋnal na ḋearḃráṫair duit. Ní i n-
diu aṁáin a h-aiṫriseaḋ do sgeul daṁ¬
sa. Aċt do noċt Doṁnal an misteur
uaṫḃásaċ. Beiḋ an oiread cúirim orm
fútsa, a inġean de líne flaiṫeaṁail, as
dá m-buḋ mé d'aṫair. Ná sil níos mó
deora. Feuċ air an áit so mar do
ḃaile?"
Nuair bí ḋá ḃliaġain ṫart, ḃí Diar¬
muid na g-cnoc ann a uaiġ. Aċt tre na
bliaġantaiḃ seo d' ḟoġluim Daṁnal le
Eiḃlín do ġráḋuġaḋ níos teó, agus ṫug
gráḋ sgiaṫáin ḋó le eiriġe suas as aiḃ¬
éis dorċa an ḃróin ann ar ṫeilg bás a
aṫar é. Fágṫa gan maiġistir ní n-ion¬
gnaḋ gar ṫarla mian ḋó Eiḃlín do ṗós¬
aḋ. Creud tóróċaiḋe i mnaoi óig air
biṫ aċt suḃáilce agus sgiaṁ. Bíḋeaḋ¬
ar seó le fáġail in Eiḃlín.
Tá siad pósta. Tá an caisleán beo
le féilteaċt. Tá siomra-na-cuirme líon¬
ta le cairdiḃ agus le gaḃaltaiḋiḃ Ḋoṁ¬
nail Ḋuinn. Tig an fear nuaḋ-ṗósta
asteaċ aig treóruġaḋ a ċéile áilne. Tá
ceud súil a dearcaḋ go rímeudaċ orra.
Teiḋean an fíon dearg ṫart go líon¬
ṁar. Tá fear na ċláirsíġe go h-aoiḃ¬
inn 's go h-uaiḃreaċ aig ceoltóireaċt le
na ċláirsiġ. Aċt eist! an torann crú
capall é seo ? Tig uaṫḃás air luċt na
bainse. Tá an gleo aig teaċt níos goire.
Is iomḋa aoiḋiḋ, aig fágáil a áite suiḋ¬
te, a ruiṫeas ċum dorus an ċaisleáin.
Tá an gleo aig eiriġe níos áirde. Ní
ḟeicear duine air biṫ, na ní féidir le
duine air biṫ marcaċ na capall d'ḟeic¬
sin. Fa ḋeire, tá an gleo ċo binn 's go
ḃ-fuil sé mar ṫoirniġ ṫréin, úaḃásaiġ,
bóḋaraiġ, sgarann dorċadas, a úrḋuḃ¬
uíġeas soilse na g-coinneal, tar an h-
alla. Cluintear guṫ criṫeaglaċ ó ḃroinn
an dorċadais uaḃásaiġ:
"A ḋuine ḟuaṫuiġṫe," ar an guṫ, "ann
uair do ṡonais casgróċar ṫú! Tá an
draoiḋeaċt le 'r ċeangail mise ṫú bris¬
te. Aċt fós tá cúṁaċt agam ṫarat.
Tá fuaṫ agam air an dream ó a d-tain¬
icis. De 'n dream sin is tusa an duine
deire. Tá cuṁaċt aig aig ifrionn fós.
Anois" —
Cluintear troimpleasg ṁillteaċ, mar
ḃeiḋaḋ uaiṫníḋe na spéire leiṫne aig
tuitim. Sgarann balaḋ ruiḃeaċ tre na
hallaiḃ. Léimeann lasraċa dearga suas
mar ḋeaṁnaiḃ ó'n gcaisleán.
Lá air na ṁaireaċ, ḃí na ballaiḋ a
ṫug macalla do ġuṫ an ġrinn, ċo deir¬
ionnaċ sin, na g-carn dóiġte, agus coirp
