734
AN GAOḊAL.
go goirid."
"Go bréi, baile an Riġ, no Sagsanaiḃ
atá tú ag dul, is dóċa ; no b'ḟéidir do
'n Ḟrainc ? "
"Ní'l baoġal orm," d'ḟreagair mise,
"aċt raċfaiḋ mé mar a g-cluinfiḋ mé
Gaeḋilge dá laḃairt."
Dar ndóiġ, ṡaoil sé go raiḃ mé aig
magaḋ faoi, aċt nuair a ċonnaic sé go
raib mé daríriḃ, ḃí iongantas air, deir¬
im liḃ.
D'imṫiġeas mar duḃairt mé, agus
tar éis teaċt air ais, ṡaoileas go mbu
ṁaiṫ le léiġṫeoiriḃ an Ġaoḋail, dá g-
cuirfinn cuntas beag air m' aisdear a
g-ceann a ċéile ḋóiḃ. Anois, a ḃ-foc¬
laiḃ an ḟileaḋ. —
"Cuirim sin ċúġaiḃ air siuḃal gan spás
tar lear,"
Níor 'ḃí so an ċeud uair do ḃuaileas
amaċ air lorg na Gaeḋilge, agus mar
sin, má ḟeiceann tú annso, a léiġṫeoir,
focla ó ṡléiḃtiḃ Ċonnamara, agus foc¬
la eile ó ḃán-ċnocaiḃ na Múṁan, ná bí¬
ḋeaḋ iongantas ort.
Ní'l aon rud le ráḋ agam air m'ais¬
dear suas go baile Áṫ-Ċliaṫ; & ní ḋéar¬
fainn aon rud air an m-baile mór sin,
muna m-beiḋeaḋ gur casaḋ an Saoi
Seáġan Pléimionn dam ann. Mar is é
céann gaeḋilgeoiriḋeaḋ na n-Éireann é,
d'ḟeudfá a ráḋ leis, mar duḃairt an
file ceudna i do luaiḋ mé ṡuas le Pól
O'Longáin. —
"A ḃile gan ḃéim, réiltinn soluis na
suaḋ."
Tá Seáġan Pléimionn aig oibriuġaḋ
air son na Gaeḋilge, in aisge, air feaḋ
a ṡaoġail. Ní'l aon obair ṁaiṫ ḋóiḃ
so a ṫainic amaċ 'san nGaeḋilge láiṫ¬
riġ le fiċe bliaḋain, naċ raiḃ a láṁ
innte. Agus anois féin, agus é 'na
ṡean-ḟear aosta caiṫte, is beag leis
airteagail agus litreaċa do ċur a g-
ceann a ċéile, a ċuirfeaḋ eud air an
Doċtúr Céitinn féin.
Tar éis cóṁráiḋ le tamall (i nGaeḋ¬
ailge, dar ndóiġ,) leis an b-Pléimionnaċ,
ṡiuḃal mé síos mar a raiḃ an long-gaile
a ṫéiḋeas go Portláirge, agus a gceann
leaṫ-uaire ṫriallamar amaċ, agus d'
ḟág sinn glór a's torann na caṫraċ
'nar ndéiḋ.
NUAḊA.
(Le ḃeiṫ leanta.)
Jackstones, — Sgreaga [ Arann Islands ]
Wire, — teinnteán iarainn — [ Meath. ]
[ Is ait linn clos uait go minic, a Ṡaoi
Nuaḋa. Stróiceaḋ d'ainm a fosgailt
na leitire, agus, más sé do ṫoil é, cuir
ċugainn arís é. — F. G. ]
i Eoġan Ó'Coṁraiḋe.
AN t-ASAL agus a Ċingaire.
D'imṫiġ Asal, a ḃí d'a ṫomáint air
faid an ḃóiṫir le 'na ṁáiġistir, as an
m-bealaċ réiḋ, agus ċuaiḋ, ċo luaṫ as
b'ḟéidir léis, a n-aġaiḋ a ċinn go bruaċ
aille. Nuair a ḃí sé air ṫí titim síos
riṫ a ṁáiġistir agus rug sé air ġreim
iarbail air, aig iarraiḋ a ṫarraint
siar; aċ do ċuir an t-Asal a n-aġaiḋ.
Lig an máiġistir a ġreim uaiḋ, ag ráḋ,
"Maiseaḋ, a Ṡeáġain, má ḃéiḋis máiġ¬
istir, ní'l gar agam air, caiṫfiḋ beiṫ¬
eaċ dána ḋul a ḃealaiġ féin."
THE ASS AND HIS DRIVER.
An ass that was being driven along the road by
his Master, started on ahead, and, leaving the
beaten track, made as fast as he could for the
edge of a precipice. When he was on the point
falling over, his Master ran up, and seizing him
by the tail, endeavored to pull him back, but the
Ass resisting and pulling the contrary way, the man
let go his hold saying, “Well Jack it you will be
master, I cannot help it. A willful beast must go
his own way.”
HERCULES agus an CAIRTEOIR.
Mar do ḃí tuata ag tomáint carta
tré ḃóiṫrín greallaiġe, ċuaiḋ na roṫ¬
aiġe síos san dóib ċo dian as gur ṡeas
na caiple. An sin, gan iarraiḋ ar biṫ
a ḋeunaḋ é féin, do ġlaoiġ sé air Her¬
cules a ṫeaċt agus congnaṁ a ṫaḃairt
ḋó. Aċ duḃairt Hercules leis a ġuala
ċur leis an roṫa, aig deiṁiniuġaḋ ḋó
go d-tiuḃarfaḋ Neaṁ fóir do'n dream
ċuideoċaḋ leo féin.
HERCULES AND THE WAGONER
As a Countryman was carelessly driving his
wagon through a miry lane, his wheels stuck
so deep in the clay that the horses came to a
stand still. Upon this, the man, without making
the least effort of his own, began to call upon
Hercules to come and help him out of his
trouble. But Hercules bade him lay his shoulder
to the wheel, assuring him that Heaven only
aided those who endeavored to help themselves.
It is in vain to expect our prayers to be heard
if we do not strive as well as pray.
