744
AN GAOḊAL.
AN t-ASAL CIALLṀAR, DO'N ĠAOḊAL LE
UILLIAM RUISÉAL.
Fonn — "Gráinne Ṁaol."
Is asal duir mise — mar tuigṫear do ċáċ —
Oir is annaṁ do feictear mo ġliocas go bráċ,
Aċ 'nuair na fuil duine ar b'aiṫ leis mo ċreím,
Caiṫfiḋ mé seasaṁ a's laḃairt dom ḟéin :—
Is feárr í mo ċiall-sa ná ciall "Feara-Pail,"
Is fada faoi 'n ama ag Gallaiḃ d'a g-cráḋaṁ
Óir an t-ualaċ bo trom liom ní iomparóġainn fód,
Aċ ċaiṫfinn go h-obann mé ḟéin air an ród.
Biḋeann saṫa dailtíniḋe go minic am ḋeoig,
Buailid mé, priocaid mé — déinid ḋíom geoin;
Aċ spreaċaim iad, leagaim, fós gearaim le greiḋim,
No fágaim iad sealaḋ a laiṫig na laiġe:
'S dá m-béidís na Gaoḋail leaṫ ċo gasta as taoim,
Do ċaiṫfidís graṫain na Breatan d'á n-druim;
Óir an ceann a ḃiḋeann ceannaċ air, teanntar í leis,
'Sa drom a ḃiḋeann fonnaṁar, buailtear air breis.
Bo ḃinn liom an Ġaoḋailig, do ċloisinn fad'ó,
Trí ċlár glas na h-Éireann d'á laḃairt gan ġó;
Bo láidir, bo líoṁṫa, bo ṁilis í fuaim,
Sean teangan na riġṫe, na ḃ-fileḋ 's na n-druaḋ;
Ag Pádraic do ḃí sí san t-Seanċas-Mór,
'Sa saltoir doiġinn Ċaisil síos sgríoḃṫa go cóir;
Sí teanga na nGaoḋal í, na h-éagfaḋ le'm ḋeoin,
Aċ Béarla na Breataine séidim óm' ṡróin.
'Nuair ḃearraim-se aigean, air maidin, go moċ,
Ní leigim do ḋeilgniḃ cimilt leam ṗus —
Fós, tabac ná píopa ní ṫigeann am ḃeul,
Na beaṫuisge 'n donais — sin tuille dem' ċéill —
As colaiġṫiḃ daora ní ġlacaim áiḋḃéis,
Na a d-tiġṫeannaiḃ móra ní ċuirim aon spéis —
Fós tuigeaḋ an dream atá breun lé mór-ċúis
Gur am ṁainséar do ċodail an Dúiliṁ air d-túis.
Do léiġeaḋ siḃ air Sampson — bo cara ḋom é,
Lan-ṁíle Ṗilisteaċ do ṫreasgair leam ġeill,
'S an uair do ḃí tart air d'á ṫaċta 's d'á ċráḋaṁ,
Mar ġluais ċuige uisge amaċ as mo ċnáṁ;
Agus rod ná raiḃ riaṁ ag aon ċapall le ráḋ —
Do ḃí Críost air mo ṁuin agam annsa t-sean-traiṫ,
'S do ṫug sé a ċros dom, go follas don t-saoġal —
'S ní Págánaċ mise — dar m'anam — aċ Gaoḋal.
Do ḃí Saul air mo ṫuairisg 'nuair fuair ríoġ-onóir —
Do laḃair mé le Bálaam, 'sa t-aingeal am ċóir;
Agus deirim anois le Seon-bul- -an búrr claon
Tá gan ċoinsias, gan ċreideaṁ le fada a réim',
