754
AN GAOḊAL.
ne an troid! I d-tosac, ḃíodar ag cóm-
ráḋ agus ag breasuireaċt air nós na
muintire eile, insin ṫosuiġ an ċaint ag
dul i n-áirde agus i nglóirḃeaċt, agus
faoi ḋeire ḃíodar ċó gleoḋaċ le beirt
ḃan-díolaċáin lá margaiġ. B'éigin do'n
t-Sasanaċ stríocaḋ faoi ḋeoiḋ. aċt
níor adṁuiġ sé go d-ti an ṁaidin go
raiḃ sé féin 'na Ḟéirriaġluiġṫeoir.
Ní geall leis an ḃ-fear sin an ċuid is
mó de na coigcriġiḃ a tá ag dul ṫart
anois, aċt is Éirionnaiġe iad ná sinn
féin. An oiḋċe ċeudna ḃí fear eile ag
cóṁráḋ liom i nGaeḋilge, agus go leor
daoineaḋ i láṫair, Sasanaiġ agus Éir-
eannaig. Ní raiḃ ḟios acu air dóṁan
cia an teanga í, no gur innseamar dóiḃ
é. "Cad ċuige nac d-tig liḃ-se," d'ḟiaf-
ruiġ Sasanaċ de na n-Éireannaiġiḃ,
"sean-teanga ḃur d-tíre a laḃairt?"
Stop sé a ngáire go luaṫ: ní raiḃ aon
ḟreagra acu ḋó, agus ní ḃéiḋead ceann
acu dá m-béidís da lorg ó ṡoin.
Nuair ḃíḋeas ag dul ċum suain ḃí an
ġealaċ ag snáṁ go mórḋa ṡuas 'san
spéir, agus ag dealraḋ go lonnraċ air
ḃárraiḃ na d-tonn. 'Siad so na tonnta
ṫríd ar ṫreaḃ clann Ṁíleaḋ fad ó, ag
iarraiḋ an oileáin do ċonnaic siad i n-
aisling,
O! cá ḃ-fuil an t-oileán, críoc ar slíġe
Do facas dúinn i d-táṁ ?
Mar rúd do ṡeinn, trá ḃí cóir-ġaoṫ
Ḋá seolaḋ ṫríd an t-snáṁ.
Agus cad é mar b'éigin dá g-croiḋtiḃ
léim a ṫaḃairt nuair ċonnaic siad uaṫ-
a tír ġlas na h-Éireann, a sléiḃte mór-
a, a gleannta saiḋḃire, clúṁara, agus
a h-aiḃne leaṫana.
Is air éigin fuair me táṁ codlaiḋ an
oiḋċe sin mar ġeall air scárdaḋ na d-
tonn amuiġ, mar riṫeadar ṫar mo
ċluais gan aċt clár eadruinn. Air mai-
din nuair ṫáinic mé aníos ó'n m-boṫán
codlaṫa a ḃí i g-coṁal an árṫaiġ ḃí an
ġrian ag éirġe ó'n ḃ-fairrge air nós,
liaṫróide duiḃ-ḋeirge — gaċ uile ṁóim-
eud ḃí sí ag dul i ngileaċt agus i n-
dealraċt, agus, faoi ḋeire, ḃris sí am-
aċ 'na glóir, agus ṫeilg sí a gaeṫe análl
ċugainn, ag déanaḋ boṫair ṁóir teintiġ
ṫar ḋromannaiḃ na d-tonn.
Bo geárr 'na ḋiaiḋ sin go raiḃ cíb
ar n-árṫaiġ ag sgréiḋeaḋ a bealaiġ
suas an t-Siúir, agus ní'l ḋá ḟuide
ċuaḋmar suas nár ḃ'aṁla dob' áilne
an raḋarc ḃí sínte ós ar g-coinne.
Is feasaċ gaċ einneaċ go d-tuiteann
an Ḃearḃa an Ḟeoir agus an t-Siúir a-
steaċ 'san ḃ-fairrge le ċéile san áit
ċeudna. Tá faill air gaċ aon taoiḃ de
'n ċuan tá deunta aig na trí n-aiḃneac-
aiḃ so — faill ṁillteaċ í, i súiliḃ ḋaoin-
eaḋ na h-áite, aċt ní fiú dada í le n-
ais faillteaḋ na Gailliṁe. Do réir mar
ġaḃann tú suas ó'n ḃ-fairrge tá 'n cuan,
no aḃainn ṁór, mar déarfá, níos cuṁ-
ainge. Ní ḟeicṫear mórán de'n tír air
an taoiḃ, mar ġeall air áirde na b-port,
no go ḃ-fuil tú tamall maiṫ suas. Insin
ċiḋeann tú cnoic Loċa Garmáin ag-
us Ṗortlairge ṫeas ad ġoire, agus i ḃ-
fad uait, ag bun na spéire, sléiḃte ṁó-
ra an Ċumraig. Is í so deataċ na caṫ-
raċ tá róṁainn anois — A g-ceann ta-
maillín eile támuid deunaḋ ar m-beal-
aiġ trí loingeas na h-aḃann — leigtear
an t-ancaire síos, agus riṫmid asteaċ
le h-ais na céiḃe.
NUAḊA.
As some of our readers may not fully understand
all the incidents treated of by
Nuaḋa
in his voyage from Dublin to Waterford, we shall
translate one of them —
“The same night a man was speaking with me
in Irish, and a large number of persons present,
Englishmen and Irishmen. They did not know in
the world what language it was until we told them.
'What is the reason that you cannot' queried an
Englishman of the Irishmen 'speak the language
of your country?' The laugh ceased quickly, they
had no answer to give him and they would not have
one for him if they were after it since."
The following letter is from a member of the
Dublin Gaelic Union. We expect to hear from the
Union often. What of
Craoiḃin Aoiḃinn?
BAILE AṪA ĊLIAṪ.
A Ṡaoi,
Sgríoḃaim na línte so ċugat mar
ḟeicimse go ḃ-fuilir fear eagair an ir-
isleaḃair darab ainm, An Gaoḋal,
Is rud iomċuḃaiḋe irisleaḃar aṁlaiḋ
sin sgiob-cloḋḃuailte san nGaeḋilge
ḃeiṫ agaiḃ in América, tír in a ḃ-fuil
