AN GAOḊAL
755.
uiḃir iomadaṁuil muinntire na h-Éir-
eann, agus d'a slioċt. Isé teanga Ġae-
ḋealaċ, le laḃairt ċó cneasda, an aon
ċanaṁuin a ḃainis leis an sloċt go uile,
ciḋbé áit in a m-beiṫ sé. Agus is taiṫ-
neaṁaċ agus cóir, irisleaḃar mar an
Gaoḋal, nó níos mó i meud 'ná é, do
ḃeiṫ ann, agus níos moide a g-céin ón
a d-tir duṫċais, ina g-cuirfiḋear róm-
pa, briaṫra agus smuainte do'n ṗobul
g-coitċinn. Creud fá naċ m-beiḋeaḋ
ag an nGaoḋal a litíreaċ agus a ḟorm
cáinte féin, ċo maiṫ le tír ar biṫ eile?
An eaḋ do ḃríġ go raiḃ toirmeasg o'n
dlíġe ṡanntaiġ éigċeart na Sacsannaiġ
airre, agus air ṁuinntir na nGaoḋal?
O! ċuaiḋ ṫart go deó an t-am aingíḋe
sin, agus anois tá an teanga ċeudna,
buiḋeáċás le Dia, agus leo-san a ḃ-fog-
us nó a g-céin atá ag deunaḋ a n-diṫċill
ar a son, ag fásaḋ go maoṫ agus glas
iar aiṁgeurġonaḋ agus gortaḋ dár
fualaing sí. Isé i nGaeġilge aṁáin,
agus go sunnraḋaċ, ċiḋfiḋ an t-Éirea-
nnaċ, méin agus meamna a ċine féin.
Isé i nGaeḋilge aṁáin is féidir le h-aon
duine Gaoḋalaċ coṁḟualaing agus coṁ-
óṫuġaḋ le na ċoṁ-Ġaoḋal. As creud
fá naċ m-beiḋeaḋ sé mar sin?
A deirim-se, mar sin anois, dá d-
toiliġ neaċ a ḋualgas do ḋeunaḋ dó
féin agus d'a Ṡlioċt, ḋeunaḋ sé go m-
baḋ a ṫeanga féin i gcion agus meas
aige agus gan a ḃeiṫ aiṁleisgeaċ in a
saoṫruġaḋ agus in a cleaċtuġaḋ.
Buḋ ṁaiṫ go g-ceannóċadaís ar g-
coṁursanna, na h-Aiméiricanaiġ, an t-
oiread agus is féidir an Irisleaḃar
Ġaeiḋilgiġ atá ar tí a ċloḋḃuailte ag-
uinn, agus ḋeunfamuis-ne an t-oiread
agus is féidir na "iris ngaoḋal" Am-
eiracanaċ do ḋíoluġaḋ ann so. Is beag
naċ deacair anois na daoine a ḋeanaḋ
foġlumṫa a d-teangan féin, aċt, mar
ḃreaṫnamaid aċt go ro ṁinic i sgol-
aiḃ g-coitċinne, táid cloinn éigin níos
deacra do ṁúnaḋ 'ná cloinn eile, agus
caiṫid fromaḋ slaite d'ḟáġail ó am go
h-am. Dá m-beiṫ cuairt maiṫ 'san Aim-
eirica ag Irisleaḃar Gaeḋilgiġ tá aguinn
ann so, do beiṫeaḋ níos mó do ḃur n-
irise ceannuiġṫe suas isna margaiḃ Éi-
reann. Ar an áḋḃair sin, deunaiġ an
meud is mó is féidir liḃ-se ann sin do
ċeannuġaḋ ḋe. Deunfaḋ se fóiriṫin
do'n ċumann ann so, agus ḃeiṫeaḋ sé
deiṁin liḃ ḟéin, ní buḋ díoḃáil sin do
ḃur g-cuideaċtiḃ-ne.
Ma clóḃuailtear liḃ ann sin, "form
beag" mar ċairtín faisnéise, agus a
ċur ċugam-sa, raċfainn timċioll na ca-
ṫraċ so do na cuideaċtuiḃ agus com-
annaiḃ agus molfainn ḃur n-Irisleaḃar-
ne, An Gaoḋal, do ċeannúġaḋ aca.
Coṁairle — Leasuiġ an cloḋ tá aguiḃ.
Na leig do ḋaoine do ċáineaḋ agus ḃur
nGaoḋal. Do ċara Ionṁain. - - -.
[A Cara, tá ar g-cloḋ maiṫ go leor:
No beiḋeaḋ faitċíos ort go ligfimid do
aon ḃrumaire éadṁar ar g-cáineaḋ, no
An Gaoḋal do lotaḋ.---
Le fanaṁuint, seaḋ, do ṫainic An
Gaoḋal,
''Sa g-cumas éinneaċ ní'l a ċur de'n t-
saoġal."--
Foilseoir]
NEAṀ.
(Leanta)
fiúntaċ do Ḋia. Cuireann an t-éadan
a ḃí ċeana glas-ḃán le tinneaṡ bláṫ air
féin go h-obann naċ meaṫuiġ go deo.
Fáġann cromaḋ caoṁ agus ceann liaṫ
na h-aoise air ais an óige is áilne, agus
neart, agus maise, agus díreaċt, agus
síorḃeoḋaċt.
An Dara Roinn.
Nuair a ċruinniġmid a g-ceann a
ċéile na smuaintiġṫe so fa'n suaiṁneas
a tá aig fanaṁain linn air neam, ċiḋ-
mid go m-béiḋ an suaiṁneas so de féin
na luaṫġáir dúinn. Aċt ní suaiṁneas
aṁáin a tá a luaṫġáir neiṁe, aċt a ḃ-
fad níos mó. Is é luaṫġáir neiṁe an
luaṫġáir is mó agus is glégeala agus is
beannuiġṫe a ḟeudas croiḋe an duine
do ṁoṫúġaḋ. Is niḋ aṁáin fa a m-beiḋ¬
mid luaṫġáireaċ air neaṁ go g-ciḋfea-
muid Dia agus go ngráḋóċamuid é. Dia
do ḟeicsin agus do ġráḋuġaḋ an niḋ is
mó fa a m-beiḋ luaṫġáir orrainn. Ċiḋ-
fimid Dia aġaiḋ air aġaiḋ mar atá sé
