758
AN GAOḊAL.
THE MEETING of THE WATERS.
From Moore's Melodies; translated by WILLIAM RUSSELL
Air — "The Old Head of Denis."
Ní ḃ-fuil anns an doṁan uile aon ġleann eile síġe,
Mar an ngleann ann a ḃ-fuil cumar geal na n-uisgíḋe;
O! seunfaḋ gaċ déiġ mé, de ḃiṫ is de ḃríġ,
Sul a d-tréigeaḋ snuaḋ dreaċa an ġleann úd ó'm ċroiḋe.
Níor ḃ'é gur bí 'n Nádúir do sgeiṫ ann go sár,
For-áilne a criosdail — a h-úaiṫne dob ḟeárr —
Níor ḃ'é draoiḋeaċt sruṫáinín, na árdáinín flóis,
Aċ ṁaise ḃeag eile bo fíor-ġrinne fós.
Dob é go raiḃ fogasaċ cairde mo ċléiḃ,
Noċ d' árdaig gaċ daiṫ a's do ḃreáġṫaig gaċ sgéiṁ;
Agus d' airig go ngealaid na brioċta is feárr,
Nuair a lonnraiġeann a sgáṫa ó áṁarcaiḃ gráḋ.
A Ġleann ḋíl Ċaṫ-Aḃna bo saṁ í mo sgíṫ,
Ad ḃrollaċ an ḟosgaḋ, a ḃ-foċair na saoi —
Áit a ḃ-fáġmaois-ne sosa o ġairḃṡíon croiḋe.
Mar ṁeasgaid do ṡroṫa an aon-tuile síṫ.
As Slow Our Ship.
Translated for THE GAEL,
By WILLIAM RUSSELL.
Air — "The Girl I left behind me."
Mar bo ṁall do ġeárr ár lóng a clais
An aġaiḋ na gaoiṫe géire,
Do ḋearc a bar-ḃrataċ ṫar n' ais,
Ċum na h-innse ḃí sí 'ṫréigean:
Is mar sin, gan fonn, do ṫéiḋeam a g¬
céin,
'Sdo sgaram ó nár ngaoltaiḃ;
'Sdo ċasann ar g-croiḋe o'n sliġe, 'nár
meinn,
Ċum na búiḋne ḃiḋeas 'n ár n-déig-ne.
A d-tír imċian, 'nuair ċastar linn
Oilean no gleanntan draoiḋeaċta,
Mar a m-biḋeann áille, bláṫa grínn,
'S gaċ níḋ aċ gráḋ a tíġeaċt ann;
Seaḋ ṡilimíd gur ṁór ár leas
Ḋá d-tugaḋ flaṫas Dé ḋúinn;
Maireaċtain go bás an áit ċóṁ deas,
Le cuid d'á m-biḋeas 'nár n-déig-ne.
Ag clár an óil, 'nuair ṡuiḋeam go dluiṫ
Ag traċt oir ḃliaḋantaiḃ tréigṫe;
Le smiodaiḃ, dealraċ le caṫuġaḋ,
Ċóṁ faon ċóṁ lag a d' ḟeuċaid;
Seaḋ ṫugann an ċuiṁne ċúġainn go beaċt
gach cuiḃreaċ sean ba léir ḋúinn.
O! 's milis é 'n ċuaċ magcuairt dá ḃlas,
Ċúċa so do ḃiḋeas 'nár n-déig-ne.
Mar áṁarcaid luċt siúḃail ṫar n'ais,
Nuair is soir, go duḃaċ a d-teirnioṁ,
Ag breaṫnuġaḋ oir an luisne lag
Do ċíḋid na n-diaig a laomaḋ —
'S mar sin 'nuair ṫigeann neoin ár rae,
Náċ beag, le fonn ár d-traoċtaḋ,
Do ċasam go ḃ-fáġmaois raḋarc oir
spré,
De 'n ġreann do ḃíḋeas 'nar n-déig-ne.
P S You will notice that I have not aspirated
the final g in these compositions, and that I have
also made some other deviations as to the spelling
of particles such as oir and bo, etc. I have fur¬
ther made the noun cuach, a bowl, to be of the
masculine gender, whereas O'Reilly makes no diff¬
erence between this and cuach, a cuckoo, which
in Irish is feminine
W R
The Emerald Vindicator, Pittsburg, Pa., is a
highly interesting and well conducted Catholic
semi-monthly journal. It is edited by J. B. Mc¬
Calley, subscription one dollar a year.
