(31)
6Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 7.
FEAḂRA.
1887.
8
NUAḊAĊT NA MÍOSA
A ċáirde, tá sine eile curṫaḋ le deiṫ-
neaṁar na h-aimsire uaḋ sgríoḃaṁar
ċeana leis an m-bliaḋain m-bagaraċ na
d-trí n-Oċt. Is deacair a ráḋ céard
a ṫuiteas amaċ, aċ is dóiġ linn naċ féi-
dir le cúis na h-Éireann a ḃeiṫ níos
measa ná ta sí leis na bliaḋantaiḃ so
a ċuaiḋ ṫarrainn. Tá sé soiléir anois
naċ ḃ-fuil beann aig riaġlaiḃ Ṡasanaiġ
air ċlaṁsán na n-Éireannaċ. Deirid
go ḃ-fuil na h-Éireannaiġ ag oibriuġaḋ
go ceart, ach céard ata siad a ḋeunaḋ?
ag oibriuġaḋ a steaċ a b-príosúnaiḃ!
Dá d-tiúrfaḋ na ceannfuirtiḋe aire
do ċúis na teangan le deiċ m-bliaḋnaiḃ
ḃeidís 'na g-cinne air leiṫ i n-diu, agus
ní ḟeudfaḋ Fir-oráisdiḋe, Ċúigula ráḋ
gur Éireannaiġ iad, óir do ḃréagfaḋ
lorg a d-teangan iad.
Ta Árdríġ Gearmaniġ, díbirt os a
ríġeaċt an dream naċ laḃrann an ṫean-
ga náisiúnta; da n-deunfaḋ na h-Éir-
eannaiġe mar sin cianta uaḋ ṡoin ní
ḃeidís 'na b-príosiúnaiḃ i n-diu.
Níor ċóir aon Ḟearoráiste aṁain
ḟagáil i n-Éirinn. Ní'l aon ċeart acu
ann : ní'l ceart aig aonduine do'n tír
a ṡeaċadóċaḋ sé do 'n ċioṁṫiġeaċ.
Ta an ċonntaḃairt is mó roiṁ neaṁ-
ṫioḋlamaċt na h-Éireann i n-diu fuaiḋ-
te suas i ngoireaċt na Sasanaċ, agus
na n-Éireannaċ d'a ċéile, agus a pósaḋ
ṫré na ċéile; agus da g-caillfiġe tean-
ga na h-Éireann ní ḃeiḋeaḋ banna leis
na daoiniḃ ṫeáġaṁ le ċéile. Is mór an
ċonntaḃairt í seo, agus buḋ ċóir do
gaċ h-uile Éireannaċ iarraċt a ḋeunaḋ
bacaḋ ċuir airi. Maidir le treas-ṗós¬
aḋ ní'l ċol againn ḋó ċo fad a's ḃeiḋ-
eaḋ an teanga cosnaiġṫe. Ċiḋmid go
ḃ-fuil ríġṫe cúṁaċtaċa na cruinne eud
ṁar a d-taoḃ a d-teangna; buḋ ċóir
dúinn-ne léiġeann a ġlacaḋ uaṫa.
