770
AN GAOḊAL.
THE PEELERS AND THE GOAT.
Translated by WM. RUSSELL ; For THE GAEL.
Mar ċuaiḋ fir-airm na Báinsiġe
Oir oifig, oiḋċe aoraċ O,
Do casaḋ gaḃar leo annsa t-slíġe,
Bo dealraċ ḃeiṫ 'na straeḋre O.
Le baignetiḃ oir ḃár gunnaiḋe,
Suas beirid oir smigiall oir O;
Agus dearḃaíġid na mór-ṁionnaiḋe,
Go b-priosúnfaíḋe an ciallaċ O!
Foill, foill! a uaisle, arsa 'n gaḃar,
Agus bíḋgíḋe liomsa córaċ O,
Ní gadaiḋe mé ná buaċaill-oḋar, —
Fós Croipiḋe Fuig ná Tóiríḋe O;
Ní ḃ-fuilim cionntaċ ionn aon ċuir
A g-coinne riġ, ná rioġaċda O,
Aċ is call dom ṫreiḃ a ḃeiṫ a riṫ,
Ann aimsir na roṫuiġeaċta Ó !
Ní'l aċ saoḃnós ionn do ġearán —
Cuir srian led ṫeangain niṁneaċ O;
Atáir oir iarraḋ, ód' ḃoṫan,
Go sgleipeaċ 's go dioṁaoineaċ O:
Ad ḋlaoiṫiḃ liaiṫe ní'l aon neart,
Ná ad oraid ḃreáġ ṫreiġṫeaċ O;
Oir beiḋir gan ṁoill, le briġ ár n-aiċt
Tras-ṗórtaiġṫe, gan éiṫeaċ O!
Níor ḃriseas féin péinn-ḋliġe, ná reaċt
Le gníoṁ ná fós le smaoineaṁ O;
Ní'l agam áras-diḋin, ná teaċ,
Mar sgáiṫ a d-tráṫaiḃ síne O:
M'áit dúṫċais, sí an Ḃainseaċ ġlas,
Mar ar rugaḋ mé 's ar tóigeaḋ O;
Táim síolraiġṫe ó rás gan ċleas —
Aon dliġe aċ san ní h-eol dom O.
Oir do neaṁúinteaċt cuirfead smaċt,
A's oir do ṡlíġe, ṁioġráḋṁar O;
Oir linn go Caiseal caiṫfir teaċt —
Go h-áit ná faiġeaḋ tú fáḋḃar O :
Taḃarfaid na giuistísíġe a d-toil,
Síġneáilte, ċum tú ḋaoraḋ O;
'S as san go Corcaig caiṫfir dul,
'S ṫar lear, go grod, na ḋeiġsin O!
Tá an paráiste seo, mágcuairt,
Sioṫċánta, lán do reiġteaċ O;
Ní'l traosaċd ionn ár measg, ná buairt,
'S ní méinn linn ḃeiṫ círéipeaċ O;
'Nn ḃúr leaḃar ní ċuirim spéis oir biṫ,
Dá spalpaḋ ċum mé ḋaoraḋ —
Beid uaisle oir mo ċoiste-si.
Go dílis ċum mé ṡaoraḋ O!
Bioḋ an t-iar-eagair olc no maiṫ.
Is le nár g-coṁaċtaiḃ ciapfam ṫú:
Beiḋ cufaíḋe-láṁ ort suas go prap
Is go príosún linn seaḋ ṫriallfaiḋ tú:
A ḃrútaig feuċ! a g-cúirt an ċirt,
Ní féidir leat a ṡéanaḋ O;
Gur agat do fuaireaḋ ḋá ġeur-ṡleaġ,
Ċum dunṁarḃaḋ do ḋeunaḋ O!
Is cinnte mur a meisge ḋíḃ,
O fuisgíḋe, rum, no brannda O,
Ná beiḋeaḋ aon spionnaḋ ann ḃúr ngníoṁ
Ná meisneaċ ionn ḃúr m-bannda O!
Is tapaḋ sgaoilfiḋe liom mo ṗas,
Dá m-beiḋeaḋ an prás am' ḋuirnín O,
Ċum glaoḋaċ air ḋig don ṗoitín, fras —
Annsin bo mé an múirín O!
BÍ CUIṀNEAĊ ORT : BÉIḊ MÉ,
( Remember thee ! yes )
Ḃí cuiṁneaċ ort! béiḋ mé, 'n ḟaid ḃual
feas mo ċroiḋe,
Ní ċaillfiḋ sé cuiṁne ort, leunṁar ad
luiḋe;
Is annsa aḋ ḃrón ṫú, fá ġruaim a's fá
ṡíon,
'Ná tíorṫa na cruinne, ḋá ġileaċt a
ngrian.
Dá m-béiḋṫeá mór, glóraċ, a's saor;
réir m'ḟuinn,
Ad ċeud ḃláṫ air talaṁ — ad ċeud
ṡeod air tuinn,
Aig beannuġaḋ ḋuit, ḃéiḋeaḋ mo ḃród
ní baḋ ṁó,
Aċt O! m-béiḋeaḋ gráḋ mo ċroiḋe
ort ní baḋ teo?
Ní ḃéiḋeaḋ! óir mar is mó meirg do
ċuing,
'S caill d'ḟola, mar sin fós is annsa
ṫú linn;
'S as d'ḟuil ḋórta fáġmuid deoċ ġráḋ¬
a ḋá'r g-croiḋe
Mar ḟáġann eun fásaiġ fuil máṫar
mar ḃiaḋ.
"Laiġneaċ."
