(32)
6Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 8.
MÁRT,
1888.
So an dul-ṫaoḃ de 'n Ġaoḋal a deun
tar suas air deireaḋ gaċ mí, agus is
ann a gniġmid cóṁráḋ beag eadrainn
féin, sé sin, eidir na Gaoḋailgeoiriḃ
fíora.
Naċ ait an cóṁráḋ é sin rinne an
Saoi McGeo i d-Tuaim an lá ċeana?
Da m-beiḋeaḋ na h-Éireannuiġe ellug
mar eisean is geárr no go m-beiḋeaḋ a
saoirse acu. "Máiseaḋ, deunaidís a
n-diṫċioll," ar seisean, a críoċnuġaḋ.
Maiseaḋ ṁ'anam gur mó ann fear thú
a m'aṁarc-sa ná an ridire atá aineol-
gaċ ar ṫeangain a ṫíre, agus ní sé an
lá aṁáin buḋ ċóir siḃ a ċur i g-comór-
tas.
Do réir mar breaṫnaiġeas neiṫiḃ air
an taoḃ ṫáll anois is beag an baoġal
atá air na h-Éireannaiġiḃ Féin-Riaġla
ḟáġail. Deirid go ḃ-fuil tuatṫa Ṡas¬
anaiġ air ṫaoḃ na n-Éireannaċ, aċ feuċ
air an toġaḋ déiġionaċ a ḃí acu.
Ní'l Éireannaiġ 'nar na Sasanaiġ a
ṫroid air an maġ de ḃríġ naċ ḃ-fuil an
gleus troda acu, nó maoin le na ċeann-
aċ, aċ tá siad 'nan a d-troid air moḋ
eile, má ċuireann siad rómpa é, agus
má oibriġeann siad mar buḋ ċóir dóiḃ
oibriuġaḋ. Is ann a b-pócaiḃ a ṫig le
Éireannaiġiḃ dolaḋ ḋeunaḋ do 'n t-Tas-
anaċ, agus is féidir leo a ṫroid in a
ṗóca má ḋiulfaḋ siad a ċuid earraiḋe
a ċeannaċ agus ioċlaċ ċur air ḋaoin-
aiḃ eile gan a g-ceannaċ le costas mór
a ċur orṫa. Sin é an ċaoi is féidir a
d-troid gan áḋḃar claṁsáin a ṫaḃairt
n-aġaiḋ "dinimite". Agus ó ṫárla gur
Democrataiġe, an ċuid is mó de Éir-
eannaiġiḃ na tíre seo, d'ḟeudfaidís ioċ-
laċ a ċur air a b-páirtiġiḃ gan aonduine
ainmniuġaḋ le h-aġaiḋ a n-uaċtaráin aċ
fir mar Randal agus Hill, níor b'ḟéi-
dir a n-diultaḋ, óir, gan iad caillfiḋe
an toġa
