780
AN GAOḊAL.
ċarraig no air leaṫ-ṫaoiḃ an ḃóṫair ṡé,
aċ bainim ṡé as mo ċnáṁaiḃ & as cnáṁaiḃ
mo ṁolraċ aig dul go Sacsania, ag ob¬
air 's an saṁraḋ agus ag teaċt i ḃaile
's an duḃ-ġeiṁre. Má ṡaoileann tú a
Mr. Burk, go n-deunfaiḋ tú ċúig ṗiġinn
deug níos mó 'na sé ṗunt de 'n gaḃalt¬
as go ceann ċúig ḃliadna deug, ḃeirim
suas duit ṡé gan dliġe, gan ċáin, agus
cuir glas air an dorus. 'Nuair a ṫain¬
ic tú steaċ orrainn mar agent ḃí fáil¬
te ṁór againn róṁat. Ṡaoil sinn, ó 'n
teastas fuair sinn ort, go ḃ-fuiġeaḋ
sinn fair play, naċ m-bainfiḋ ḋínn feas¬
ta aċt an cíos b' ḟiú ar ngaḃaltais: tá,
go deiṁin, muiniġin againn asat fós go
ḃ-fuiġ sinn ṡé. Agus ṫuilleamar ṡé ḟáġ¬
ail, oir 'nuair ḃiḋeaḋ scanraḋ air land¬
lords ḋul naoi slata ó n-a hall door
buḋ ṫig leat-sa agus le Mr. Vesey siúḃ¬
al gan sgáṫ, gan faitċíos, de ló agus d'
oiḋċe, ameasg ḃur d-tonónta."
Sin mar laḃair mise leis an agent,
Mr. Burke, agus d'éist sé liom go ciuin,
tláṫ. "Ní féidir liom," ar sé, "níos mó
lascanaiḋ ṫaḃairt ḋaoiḃ, aċt aitriseó¬
ċaḋ ḃur n-aṫċuinge do Mr Vesey." D'
imṫiġ linn i ḃaile in sin, agus ḃí go maiṫ
gur ċualamar go n-deaċaiḋ naonḃar de
na tonóntaiḃ i d-taoiḃ ar g-cúil agus
gur íocadar cíos, gan ḟáġail aċt na trí
sgillingeaċa as an b-punt. Is mar sin,
d' ḟeall cuid dínn air an g-cuid eile!
Ní'l aṁras 's an doṁan dá seasfaḋ
sinn go dílis dlúṫ le ċéile naċ ḃ-fuiġeaḋ
sinn an ċoróin.
O Ṫiġearna, is sinn a fuair an ċreapailt
ó Jackson, an t-agent a ḃí orrainn roiṁ
Mr Burk. 'Nuair ḋiúltuiġ sinn oibriuġ'ḋ
ḋó air ṡé piġne 's an ló, duḃairt sé go
lúbfaḋ sé sinn, agus go g-cuirfeaḋ sé
cruit orrainn ó naċ n-díreóċaḋ sinn
ċoiḋċe. Agus gan ṁagaḋ, gan ḃréig,
ċuir sé sin orrainn. Is beag nár ḋúb¬
ail sé an cíos orrainn. Buḋ sé ṗunt mo
ċíos-sa agus d' árduiġ sé trí ṗunt naoi
sgillingeaċa ṡé, agus ḃiḋeas aig íoc an
árduiġṫe air feaḋ ċúig ḃliadna deug
agus fiċe, go d-ti 1883, 'nuair a laḋad¬
uiġ na Land Commissioners ṡé punt a¬
gus naoi sgillingeaċa. An t-am ar ṁian
linn ċúig stáicín a ḋeanaḋ d'ar m-bárr
beag arḃair cuireaḋ sinn in trí stáca
ṡé le faitċíos dá ḃ-feicfeaḋ Jackson
ċúig stáca, go meudóċaḋ sé arís an ci¬
or orrainn. Is cuiṁin liom bliaḋain a
ṫainic sé, air trosgad lae Nodlac agus
ṫug sé, ó n-a neasg a d-téin, a tiġ, bó
le fear boċt agus ċuir sé 's an garraiḋ-
gaḃan ṡí. Ḃí an laoi agus naoiḋneán ag
sgreadaċ le ocrus, agus ní raiḃ greim
biḋ aig an muiriġin no go n-deaċaiḋ an
ṁáṫair go Tuaim le n-a cóta-beag ċuig
an b-pawn office. O Jackson, Jackson !
nár leigiḋ Dia aon duine eile ċoiḋċe 's
an b-poll in a ḃ-fuil tú n-diu.
Aċt giḋ go ḃ-fuil Coercion nuaḋ ag¬
uinn, ní'l an saoġal ċo dona a's ḃí sé,
buiḋeaċas mór go deo le Parnell, an
fear a ċuir Mac Ḋé ċugainn le n-ar
sgaoileaḋ ó ċuiḃreaċ na landlords: Ní
'l sinn 'g ár saltairt faoi ċosaiḃ mar
ḃiḋeaḋ sinn. Is fíor, mar duḃairt mé,
go ḃ-fuil Coercion againn, aċt má tá
féin ní ḃainfiḋ sé cleite asainn. Bí Co¬
ercion níos géire orrainn le bliaḋan¬
taiḃ. Ní doluiġ Coercion do ḋaoiniḃ,
boċta mar sinn-ne a tá aig obair ó ló
go ló, ó ṡeaċtṁain go seaċtṁain, agus
ó ḃliaḋain go bliaḋain, agus naċ féidir
linn punt mairt-ḟeola, caoir-ḟeola, no
'Merican bacon a ċeannaċt agus iṫe;
agus is éigin dúinn an mioscán ime ag¬
us ar scór uiḃeaċa a ċur ċuig an mar¬
gaḋ gaċ seaċtṁain leis an g-cíos a ḋeu¬
naḋ suas. Cia 'n faitċíos ḟeudfaḋ
príosún no treadmill a ċur orrainn-ne!
Coercion go deiṁin! Maiseaḋ, deun¬
aidís a n-diṫċioll.
Glossary.
siriaṁ, sheriff; lascanaiḋ, abatement ;
cóta-beag, petticoat.
Mr Niland of Nashua N H says some of his neigh¬
bors complain that they cannot understand the I¬
rish in the Gael as it is “Connaught Irish.” Now,
the Irish of the Gael is neither Connaught or Mun¬
ster — it is Irish, and two-thirds of those who con¬
tribute Gaelic matter to the Gael are Munstermen,
one of them, Mr Wm. Russell of Oil City, one of
the best (if not the best) Irish scholars which this
century has produced.
Mr Niland also says there is a dispute about the
expressions, gaċ ceann de'n ḃata, and
casaḋ ḋam ṡé; the latter is the correct
expression for , I met him : the former
is also correct if a stick have "two"
heads, which is the question to decide.
