792
AN GAOḊAL
d'iompóġ air ġlóir sluaiġe ṁóire na m-
beannuiġṫe ṡeasas ṫart-ṫimċioll air
ċaṫaoiriḃ ríoġḋa Íosa agus Muire.
Deir an Taisbeánaḋ: "D'éis so ċonn¬
airceas sluaġ mór, naċ ḃfeudfaḋ aon
ḟear do ċó-aireaḋ, de gaċ uile náisiún
agus treaḃ agus pobal agus teanga na
seasaḋ os coṁair na caṫaoire agus a
n-aṁarc an uain, clúdaiġṫe a n-euduiġ¬
iḃ geala agus pailmiḋ ann a láṁaiḃ."
Anns an sluaġ glórṁar sin tá'n drong
ḃeannuiġṫe air fad, — na mairtíríḋe a
d'éug le na ngráḋ daingean agus le na
n-déineaċd do ċruṫuġaḋ, na doċtúiríḋe
a ċraoḃsgaoil an creideaṁ agus na
confeseoiríḋe a ċosnuiġ é, na maiġdea¬
na a ṫug iad féin suas do Ḋia go h-iom¬
lán, na daoine riaġalta a ṫug cúl do'n
t-saoġal agus a d'imṫiġ leo le cóṁnuiġe
a mainistiriḃ uaigneaċa, na daoine
craiḃeaca a ċongḃaiġ a g-caradas le
Dia, na naoḋnáin ḃaisde nár goineaḋ
ariaṁ ann san g-caṫ leis an saoġal.
Taḃair fa d'aire cuid de na drong¬
aiḃ so — gaċ aon air leiṫ. Feuċ air an
m-buiḋin ḃreáġ sin mairtireaċ, saiġ¬
diúiriḋe treuna Íosa Críosta a d-eug
air A ṡon, tollta leis an g-cloiḋeaṁ,
no reubṫa ó ċeile air an raca, no dói¬
te aig an staic. Taisbeánann an árd-
ġlóir ann a lonruiġeann siad amaċ iad
mar ġaisgiḋeaċaiḃ treunaḋ an ċreidiṁ.
Is leo-san a nos áiriḋe na focla breáġ
sin a léiġtear a leaḃar na h-Eagna:
"Aċt tá anama na ḃ-fíreun a láṁaiḃ
Dé, agus ní ḃuainfiḋ pian an ḃáis leo.
An aṁarc na neaṁ-eagnaċ do ṡaṁluiġ¬
eadar bás d'ḟáġail, agus saoileaḋ gur
mí-áḋ a ḃí ann a n-imṫeaċt, agus gur
leirsgrios a ḃí ann a n-imṫeaċt ann
bealaiġ, aċt táid a síoṫċán. Agus giḋ
gur ḟulangadar pianta in aṁarc daoin¬
eaḋ, tá a n-dóṫċus lán de ṡíorḃeoḋaċd
Buaḋarṫa a m-beagán neiṫe, a ṁórán
neiṫe ġeiḃid luaċsaoṫair; mar do sgrú¬
daiġ Dia iad agus go m-buḋ ḟeicṫear
Ḋo go raḃadar oireaṁnaċ Dó ḟéin.
Mar ór ann san ḃ-fuirnéis do ḋearḃ¬
uiġ Sé iad, agus mar ioḋḃairt loisgṫe
do ġlac Sé iad. Naċ árd-réimeaċ an
drong iad? Aṁail rósa dearga ameasg
sgoṫ glégeala a ta na mairtíriḋe dearg
euduiġṫe ameasg na naoṁ eile a n-gar¬
raiḋe na ḃ-flaṫeas. D'ḟulangadar air
talaṁ. Cuiṁniġ: luaċsaoṫair air neaṁ
air son fulangtais air talaṁ.
Le ḃeiṫ críoċnuiġṫe san nGaoḋal seo
ċugainn.
OISÍN Agus PÁDRUIC.
[ Ó an Saoi Tomás Ua Gríoṁṫa ]
Oisín.
An uair do ṡuiḋeaċ an Ḟiann air ċnoc
Is do séiṁiġe gan loċt an dordḟinn.
Do ċuireaċ na g-codla an t-sluaġ
Le manuar bo ḃinne na an ċliar.
Tá sgeul beag agam ar Fion,
Ní raḃamar ann aċt sé fir deug,
Do ġaḃamar Riġ Sacsan na ḃ-flaiṫ,
Is do ċuireamuir caiṫ ar Riġ Greag.
Do ġaḃamuir an tiaṫar ar fad,
Bo ṁór an neart agus ar d-treann,
Crioċ Loċlan sa niniaṫ ṁór
Do ṫigeaċ an Tór go teaċ Ḟinn.
Ní raiḃ coṁ-ṁeas leis o Ċríost,
Ní ḟeaca Ríġ os a ċionn,
Is mairg damsa do ṁair dá éis,
Is gan mo spéis a g-cluiṫe na g-ceol.
Am ḋaṁ ċrion dailte na sloġ,
Ce gur ṁór mo ṫrean neart seal,
Óċ, is truaḋ mé ḃeiṫ beo
Anois is lag mé, ó ċón!
Ní h-ianga mé gan greann gan croiḋe,
An tan do smuaiġnim ar na fir ḃí garḃ
Ar easba caṫa biġe agus diġe,
Tri ni riaṁ do cleaċtan.
Is minic do ḃíosa fa ġreann aoiḃinn,
Gan céim síos ag neaċ dar ḃeo;
Do luiṫṁar m'imirt ar ċleasaiḃ luiṫ,
Is mé anois ag searg sa feo.
Iarsa a Ṗádruic ar Ḋia
Neaṁ d'Ḟionn na ḃ-Fian is d'a ċloinn,
Dein guiḋe ar an ḃ-Flaiṫ,
Ní ċuala mé a ċoṁ-ṁeas le mo linn.
Air na leanṁuin.
Send 60 cents for the Gael.
