AN GAOḊAL.
793
Mr. Ward's Letter.
ṖILA, an t-AONṀAḊ LÁ DEUG
Air ḟiċead de ṁí 'n Ṁárta, '88
A Ṡaoi :— Ġeaḃaiġ tú 'sa leitir seo
nóta posta ċeiṫre dollar, le h-íocaḋ
air son Gaeḋil Bail'-aṫ-Cliaṫ, air feaḋ
bliaḋna, daṁ féin, agus air son do
Ġaeḋil féin daṁ-sa agus do na saoiṫ¬
iḃ, ag na h-áitiḃ a leanas, air feaḋ an
ama ceudna [ beiḋ na h-ainmneaċa in
áit eile, — F. ]
Tuigfiġ tú gur aṫ-nuaḋuġaḋ ar ḃ-
faoi-sgríoḃaḋ atámuid uillig aċt an
Saoi Tóner; agus go ḃ-fuil mé féin ag
íocaḋ air son páipeur an t-Saoi Ṗlae¬
miun atá tú ag cur ċugam le tamall.
Mar ḃ-fuil an nóta seo mór go leor le
h-íocaḋ air a son uillig cuirfiḋ mé ċug¬
at ce biṫ méid a deirfeas tú atá mé
giorraḋ.
Is fada a buḋ ċóir dam an t-airgiod
seo ċur ċugat. Ní'l garr a ḃeiṫ ag deun¬
aḋ leiṫ-scéil. Ní gantanas 'na díoṁail
airgid, aċt failliġe, agus b'ḟéidir, fal¬
saċt, a buḋ ċionntaḋ leis.
Go fíor,
A. P. McṀÁIRD.
Mr. MacCauley's Letter.
BAILE NAOṀ ṠÉAMUIS, CONDAE
Ṁainiton, Mish, 8ṁaḋ la do'n Ṁart
'88.
A Ṡaoi Ḋílis :— Cuirim cugat anns an
litir so aon dollar agus fiċe piġinn,
luaċ an Ġaoḋail air feaḋ na bliaḋna
ta teaċt, air son Ḋoṁnaill ṀicĊoṁ¬
laġe agus air mo ṡon féin.
Ta sé bliaḋain ṫart ó ċuir mé litir
de'n t-sort seo ċugat; agus anns an
litir sin scríoḃ mé beagan focla d-taoiḃ
an "National League." Duḃairt mé ins
an am sin naċ raiḃ an cumann so deun¬
aḋ aon ṁaiṫ air son tír ar n-dúṫċais.
Duḃairt mé mar an g-ceudna go d-tiuc¬
faḋ leis an g-cumann so mór-ṁaiṫ a
ḋeunaḋ; oir ṫiuċfaḋ leis scol Ġaeḋil¬
ge ċuir air bun ann gaċ caṫair anns an
tír, agus an gaċ caṫair a n-Éirinn mar
an g-ceudna.
Deir na "M. P's" ata claibireaċt i
ḃ-féis na Sacsan ag iarraiḋ "Hóme
Rúle" gur gearr go raiḃ ḃ-fuil siad iar¬
raiġe acu. Sé mo ḃaraṁailse naċ ḃ-
fuiġeaḋ siad feis a m-baile Áṫ Ċliaṫ
go braṫ go nuige troid le arm, púdar,
agus teine, air a son. Daoine meall¬
taċ agus fealltaċ na Sacsanaiġe, agus
buḋ ċóir go ḃ-fuar Éireannaiġe fios
air sin ḃ-fad ó ċoin. Ta na mílte dol¬
lair ag dul anonn as a tír so gaċ blia¬
ḋain leis an g-coṁraic a ċongḃail suas
ann feis na Sacsan. Da g-cuirfeaḋ
siad an treas ċuid de'n airgiod so le
scolaiḃ Ġaoḋailge ċuir air aġaiḋ b'ḟear
do Éirinn é na iad a ḃeiṫ deunaḋ mar
ġniġ siad. Ní ḃ-fuil meas air biṫ ag
Sacsain air a g-cuid cainte, mar ta
fios aice naċ ḃ-fuil neart air biṫ ain¬
ti. Tá'n "N. L" anois mar faṫaċ gan
arm agus ta fios maiṫ aig Sacsain air
so. Is gearr go raiḃ cogaḋ aig Sac¬
sain anns an Eorip no anns an Asia
le Ruisia, agus ḃ-fuil Éireannaiġe ab¬
ult buntaisde a ġlacaḋ air a naṁaid?
Ta'n an tam ag Éireannaiġe na tíre
so a súile do ḟosgailt agus níḋ eigin a
ḋeunaḋ air son a d-tíre.
Ní ḃ-fuil Parnell no a ḋream ag dul
a deunaḋ maiṫ air biṫ. Ma abrain na
Sacsanaċ go ḃ-fuil na M P's mór leis
na "Fennians" ta Parnell agus a ċuid
clabaire na seasaḋ ag seunaḋ so mar
ṡeunfaḋ an diaḃal a ḃaisde. Na'r ċóir
go ḃ-fosglóċaḋ so súile na "ḃ-Fenians"
ata cuir a g-cuid airgid ann sar na M
P's ? Buḋ ċóir do gaċ Éireannaċ anns
an tír beagan a ḋeunaḋ le teangain a
ṡinsear a ċongḃail beo. An t-Éireann¬
ac naċ mian leis an niḋ so a ḋeunaḋ,
ní Éireannaċ ata ann, aċt fear de
ṡlioċt Ċromṁell.
Ní ḃ-fuil níos mó agam le ráḋ an t-
am so, aċt is mé do ċaraid ḟírinneaċ,
SÉAMUS E. ṀacCAṀLAIĠ
As is the usual custom, the New York P. C. S.
will hold their annual entertainment in Clarendon
Hall, 114 & 116 13th St., bet. 3rd & 4th Avs., on
Friday evening, April 27th. Every lover of the
language in New York and Brooklyn should be
present at this entertainment, as it will be a gen¬
uine Irish gathering.
