(34)
6Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 10.
BEALTAINE,
1888.
Éire.
Go bh-feuċaiġ Dia air Éirinn ḃoċt i
n-diu. Tá sí fáisgṫe i m-bís ; ní ṫig lei-
ṫe ḋul a nonn no análl, síos no suas,
soir no siar, aċ caiṫfiḋ sí seasaḋ mar
an t-Inndian aig dorus siopa tobac, le
n-a ḋá láiṁ fillte air a h-uċt, aig ful-
laint gaċ poc agus gaċ masla noċ, is
mian leis an aistriġeaċ a taḃairt ḋí,
gan an oiread a's cead aici "feuċaint
cam" air! Maiseaḋ, go ḃ-feucaiḋ Dia
airíst uirre!! Síleamuid-ne go ḃ-fuil
an Pápa air buile, nó a saoileann sé go
ḃ-fuil muintir na h-Éireann 'na n-amad-
áiniḃ? Seo í an ċeist. — Ḃ-fuil ceart
saoirse aig Éireannaiġiḃ? má adṁuiġ-
ṫear go ḃ-fuil — agus ní'l a ḟios againn¬
ne ce 'n ċaoi 's féidir í ṡeunaḋ ḋí —
cia 'n t-sliġe atá ceadúġaċ le n-a fáġ-
ail? Is feasaċ do'n t-saoġal naċ ḃ-fuil
Éireannaiḋe sáṫaċ láidir le troid air
son a saoirse air an máġ de ḃriġ naċ
ḃ-fuil airm acu no aon t-sliġe le n-a n-
ollṁuġaḋ. An gleus cogaiḋ a ċuir Dia
i láṁaiḃ na lag — dynamite — deirid go
ḃ-fuil sé ró-ṁillteaċ, agus naċ n-deun¬
faḋ aonduine aċ deaṁan úsáide ḋe.
Mar naċ ḃ-fúil sliġ ar biṫ, mar sin,
ceaduġaċ aig Éireannaiġiḃ le n-a náṁ-
aid a ċlaoiḋeaḋ, naċ fonnóid a ḃeiṫ
aig tráċtaḋ air ṡaoirseaċt na h-Éir-
eann?
Ó 'n lá a ṡeaċad an Ṗápa, Aidriain,
Éire do'n Dara h-Anrí, tá cúṁaċta na
Róiṁe air ṫaoḃ na Sacsan. Saoileann
Cóṁairle na Róiṁe go d-tiocfaiḋ na
Sacsain air a n-ais go locaḋ an Ċreid-
iṁ. Agus, cuir i g-cás go d-tiocfaiḋ,
ce 'n ḃaint atá acu do Éirinn? Dá
saoilfeaḋ an Ṗáda é ḟéin Éire do riaġ¬
la ḃeiḋeaḋ an fuaḋ ceudna againn air
a riaġluġaḋ saoġalta agus atá againn
air riaġluġaḋ na Sacsan Mar a duḃ-
airt Doṁnall Ó'Connaill, glacfamuid ó'n
b-Pápa riaġluġaḋ an ċreidiṁ, aċ tóig-
eaċ sé a láṁa d' ar riaġluġaḋ tíreaṁ-
la!
