AN GAOḊAL.
803
Coláiste Naoṁ Ċaroill,
Fál-ṫar-ṡroḃ, Phila.
3aḋ lá fiċṫead ḋ'Aibreán, '88.
A Ċara Ḋílis:
Seo ḋuit sean oḃrán eile a riġniġ
Peadar Breaṫnaċ. Measaim go ḃ fuil
a ḟios agad-sa go maiṫ agus aig léiġ¬
ṫeoiriḋ an Ġaoḋail, cé h-é Peadar.
Mar ḃ-fuil, cuiṁniġigiḋ aríst air "oḃ¬
rán an Ṁuiltín," a ḃíḋ 'sa' nGaoḋal
ṫimċioll 's air ċeiṫre bliaḋna ó ṡoin.
Deir na sean-ḋaoiniḋ gur b'é seo a
ċeann is feár, de ḃriġ gur ḋ'á ċailín
féin a riġneaḋ é, agus feicṫear ḋam
féin go ḃ-fuil sé eilic air ḟeaḃas aċ
an ceaṫraḋ, an cúigṫeaḋ, agus an seaċ¬
taḋ roinn. Sílim go ḃ-fuil siad seo
bun as cionn, ná go ḃ-fuil cuid ḋe na
líonta cailte. Má ṫig le duine air biṫ
le n-a ċongnaḋ, mise a ċur air an
treoir ċeart, béiḋ mé an-ḃuiḋeaċ ḋó,
agus faoi réir níos feár as coinne an
ċéad ċloḋuġaḋ eile, le meas agus onóir
Ṗeadair a neartuġaḋ.
Riġniġ mé mo ḋiṫċioll an t-oḃrán a
scríoḃ go díreaċ mar casaḋ liom é, sé
sin, a nGaeḋlic ṡean Ṫír-Ċonaill, ag¬
us tá dúil agam naċ g-cuirfiḋ tusa, le
do ṫoil, aon aṫruġaḋ air biṫ air, aċ a
ċur sa' nGaoḋal mar tá sé. Oir is
mian liom tasbáint ḋó 'n dream seo a
ḃiḋeas a g-coṁnuiġ ag cáineaḋ na Gaeḋ¬
lice agus ag ráḋ naċ laḃartar í mar
is cóir ann aon ċumar a n-Éirinn, naċ
ḃ-fuil ann a g-caint aċ cabaireaċt, ag¬
us gur b'í an Ġaeḋlic ċéadna a laḃar¬
ṫar a g-Connaċta, a laḃarṫar a d-Tír-
Ċonaill.
Tugaḋ an Connaċtaċ faoi dear gio¬
raċt na cainte, a beoḋaċt agus a tap¬
aċt, agus léiġeaḋ sé a g-cuid ḋe na
focla,
ó
ann
áit
á
a geár
"
"
o geár
éi
"
"
ia
ea
"
"
io
ai
"
"
oi
c caol
"
"
g caol
r éadtrom
"
"
r trom
t "
"
"
t "
Ag dul air a aġaiḋ mar seo, tig leis
an ṁéid eile a ṫisgint go h-an-réiḋ.
Ḃéarfaiḋ mé scéal níos fuide ḋuit
air an oḃrán seo uair a céanaċt eile.
Duitse go fíor,
Doṁnall O'Murċaḋa.
PEADAR BREAṪNAĊ ro ċan. —
Ċuaiḋ mise seal tamall ar cuairt,
Go m-breaṫ'nfainn 'ḃ-fad uaim a' spéir,
Ṫart fá na h-oileáin ar ruaig,
Mar eilid a's cú 'nna déiġ;
'Sé 'déarfaḋ 'aċ duine fá 'n ċuan,
Tráṫ 'ṫonaig mé 'nuas ann a' ċéiġ;
"Is furas liom aiṫn' ar do ġruaim,
Gur fear ṫú 'ḃ-fuil ruaig 'do ḋéiġ.'
Casaḋ daṁ cailín deas óg,
'S mar casaḋ 'sí 'loḃair go géar;
"Má 's duine ṫú 'ḃoin de ṁnaoi óg,
Ní ṁolaim go mór do ċéard;
Ná ṫonaig mé fear as Tíor-mór,
Aig imṫeaċt gan ḃróg a n-dé,
'Sé 'ṁiosaim gur ṫusa 'n fear óg,
A raḃ sé sa' tóir 'nna ḋéiġ."
D'ḟriogar mé 'n oinḟir gan ḃród,
Mar ġlac mé go mór a scéal;
"Stad de do ṁogaḋ níos mó.
Ní duine de'n t-seort sin mé ;
Aċ druid ṫusa 'nall do mo ċoṁair,
A's leig de do ġlór gan ċéill,
Ná raċfaiḋ me 's coinne do ṡróin',
Amaċ go Tíor-mór 'mo léim."
"Ṫuit mis' a d-torse ro-ṁór,
A's d'ḟiafruiġeas de'n óig-ḃean ċaoin;
"Cé 'ḃ-fuiġ mois gloine le n' ól,
A ṫógfaḋ a' ḃrón so doínn."
"Tá toiġ biog air leaṫ-taoḃ a' ród,
A's coinniġeann sé 'g-coṁnuiġ 'n braon,
Teiḋ ṫusa 'gus buail a' bórd,
A's díolfaiḋ mé 'n scór mé fian."
Tráṫ 'ċuaiḋ moid asteaċ go toiġ 'n óil,
B' ḟaiteaċ go leor liom suiḋ,
Ar iogla go d-tiocfaḋ a' tóir,
'S go m-boinfiḋe 'n óig-ḃean doím.
Tráṫ 'fuair moid 'aċ cineál d'ár ḟóir,
'Sé 'ṁios mé nár ċóir dúinn suiḋ;
Aċ dúḃairt sí, "Biḋ ṫus' ag goḃail ċeoil,
