804
AN GAOḊAL.
'S ní leigfiġear duit feárloinn 'íoc."
Ní raḃ mise 'ḃ-fad ag goḃail ċeoil,
Gur ċruinniġ go leor ann toiġ,
'Aċ duin' a's a ġloin' as a ċoṁair,
Le comáraḋ 'ṫoḃairt do 'n dís;
Ḃí biotáilte farsinn go leor,
A's biogán d'á ól sa' tíor,
'S dá n-ólfainn-sa "Galán Uí Ḋoṁnaill"
B' ḟuras mo scór-sa 'ḋíol.
Tráṫ 'socruiġ moid coṁṫrom a' scór,
'Sé 'd' ḟiafruiġ 'n óig-ḃean doím;
"Cé 'n áit a m-biḋeann tusa 'do ċoṁnuiġ,
Ná 'g-connuiġeann tú cró duit fian?"
"Tráṫ 'ċaiṫim-sa seal a d-toiġ 'n óil,
Ní ḋeanaim aen lán de 'n ṗiġinn,
'S a' ṁéid aduiġ 'ċruinniġim sa' lá,
Caiṫim le spórs sa n-oiḋ'."
"Má 's duine ṫú 'leanas de spórs,
Ní ṁolaim duit loḃairt le mnaoi,
Ní ḟóireann sé duine do ṡeort,
Toisiuġ' le buaiḋreaḋ 'n t-saoiġil;
Dá d-téiḋ mois ag congḃáil a' ċró,
Naċ m-béiḋ mois gan dóiġ le 'r saoġal,
Is feár dúinn fuirṫeaċt go fóill,
Go n-deanamoid lán ar aon."
"Dá ḃ-fanfainn go g-cruinniġ mois lán,
Naċ g-caiṫfiḋe go leor d'ár saoġal,
Is feár dúinn toisiuġ' go h-óg,
'S béiḋ cuideaḋ d'ár g-coṁair aríst;
Má leanann tú mise sa' ród,
Ní h-iogla duit buaiḋreaḋ 'n t-saoiġil,
Aċ mise 'ḃeiṫ 'cruinniuġ' 'n láin,
A's ġeoḋfaiḋ tú láistín saor."
'Dá leanfainn-sá ṫusa sa' ród,
Baḋ ġoraid go d-tógfá doím,
Dá d-toisfeá aig imirt 's ag ól,
Ní 'ḃ-fad a ḃeiḋ 'lán 'nna ṁaoin;
Aċ fan air a' ḃaile 'mo ċoṁair,
A's ḃéiḋ mé 'r nás leat fian,
A's ġeoḋfaiḋ tú talaṁ go fóill,
A's mise go deo mar ṁnaoi."
Ní ḟéadaim a molaḋ le 'feaḃas,
'Sí 'loguiġ go mór mo ċroiḋ,
'S ní'l duine d'á ḃfeicfeaḋ a' t-seod,
Naċ d-titfeaḋ ar, brón d'á diġ;
Ní ḟeacuiġ mé 'leiṫid go fóill,
Aen m-bealaċ sa' ród a m-bíḋim,
'S dá ḃ-feicfiḋ í 'm-Baile-na-mór,
Ḃeit' cailíniḋ óg' ar ṗiġinn.
16 Sráid Glaistear, 10ṁaḋ lá
Márta, '88. Baile Aṫa Cliaṫ-Duiḃlinne
We fear there are a lot of typographical errors in
Mr O’Farrelly's letter. The writing being so small
(the letter occupying less than two pages of small
note paper) and the distance too far to send proof. ]
A Ṡaoi,
Tá mé buiḋeaċ díot ar son an g-
cineáltas do ṫaisbeánais dam ag cuir
mo leitreaċ in ḃur leaḃar-aiṫris. I d-
tír ṁóir mar sin, in ar ċuaiḋ an uiṁir
coṁlíonṁar d'ar muinntir, agus cuid
d'ar muinntir is feárr agus is flaiṫ¬
eaṁla, saoilim anois agus cuirim-se mo
smuainte i m-briaṫraiḃ, aṁlaiḋ do
sgríoḃ mé roiṁe ḋuit, gur maiṫ an ob¬
air agus gurab éigin irisleaḃar insan
nGaeḋilge, .i. an teanga ḃaineas leis an
g-cine coitċeann na nGaoḋal do ḃeiṫ in
ḃur measg annsin, agus a láṁaiḃ gaċ
aoin a ḟeudas a léiġeaḋ. Ní'l niḋ leaṫ
ċo breáġ nó ċo tairḃeaċ as sin. Beir¬
eann sé os toṁair meanmann na muinn¬
tire a léiġeas é, cuiṁne lan na laoiṫeaḋ
in ar saoṫraḋ agus in a raiḃ an tean¬
ga naoṁ agus n-éigeas i meas agus i
ngean ṁór. Insan am úd, ḃí Éire saor
óna ngeiḃeanaiḃ agus óna ċuiḃreaċaiḃ
do cuireaḋ i riaṁ oruinn. Níor meas¬
aḋ breáġaċt nó uaisleaċt, nó briġ ar d-
teangan n-dúṫais ag na Sagsannuiḃ, a¬
gus do ċuirfidís ina h-ionad-sin dá ḃ-
feudfaidis, a m-beurla féin. Do rinn¬
eadar a n-díṫċioll sinn do ċur a n-
gníoṁ mar is follus faoi 'n doṁan uile.
Aċt mar ruaigeann agus mar sgaoil¬
eann an ġrian neulta duiḃe as na spéi¬
riḃ, teiṫeann anois agus teiṫfeas na
duḃrúin agus na duiḃinntleaċta na n-
daoineaḋ n-daoi so do laṁadar an
Ġaoiḋilge do ṁúċaḋ. Is solus ar d-
teanga i meíniḃ ar muinntire a ṫreór¬
fas iad go díreaċ, is coinneall í insan
dorċadas dóiḃ a stiúrfas iad i sliġṫiḃ
mín, réiḋ na fírinne agus an ċirt. Tar¬
raingeoċaiḋ sí le ċéile iad, niḋ is riaċ¬
danaċ agus is lainéifeaċtaċ, agus deun¬
faiḋ aon ṁuinntir do na h-Éireannċaiḃ
giḋ bi áit in a m-beidís. Agus naċ mór
aċ
a
