816
AN GAOḊAL.
Do'n Aṫair Ṗádruig Ó h-Aenġúsa air a ċúigiúġaḋ bliaḋain ḟiċiod mar sag¬
art dó in Eaglais Dé. Go m-buanuiġe Dia an ḟaid eile os ḃur g-cionn é, an
fear fírinneaċ, gráḋaċ, measdaṁuil a's ceannaṁuil air a ṫeanga 's air a ṫír,
agus sagart na m-boċt go bás,
Aṫair Ḋílis :
Tá sé 'nois a ḃ-fad 'sa g-cian,
Agus suas le daṫad bliaḋain,
"O cuireag amaċ" in Innis Fáil,
D'aiṫir a's do ṁáṫair 'sa g-cuid triosgáin.
'Sis le láiṁ láidir do ṫóig na báilíḋe
Seilḃ air a raiḃ air fuaid an tíġe;
Na baiṫ, na capaill agus na barraíḋe,
'S níor ḋ' ḟágadar féin fiú an ġarraíḋe.
Ċuir tiġearnaiḋe tíre gan truaḋ gan daonaċt
Air fán air fuaid an doṁain na céadṫa;
Agus na mílte de Ċlanna Gaoḋalaiḃ
Air muir 's air tír dá n-deasga ag éugaḋ.
Aċt b'é gur smaċtuig Dia a ḋaoine féin.
'S gur ṡeoil Sé iad ann imigéin;
Ċum go d-taḃarṫac Clanna Gaoḋail
An creideaṁ leo air fuaid an t-saoḋail.
Ċuir tú annsann ḋíot go Sasanna Nuaḋ,
'S ċaiṫ tú seal ag obair 's gnóḋ;
Ḃí slíḋe ḋeas beaṫa agut a's ealaíḋe,
Aċt ní raḃais sásta ann aon t-slíḋe.
Bí buairt aigne ort 's tú trí na ċéile,
Anuair ag ṫagaċ gaċ ceann féile;
Aċt le urraim dod' ṁuinntir & le meas,
Níor laḃair tú leo air giorréiseaċ ná pras.
Aċt ag brúġaḋ fút ag cuiṁneaḋ 'sag maċtnaṁ
Air a ngnóḋ ḃí air d' aigne anois le sgataḃ;
Sé sin, an ċuid eile ded' ṡaoġal do ċaṫaḃ,
Mar ḟear oinead Dé air a d-talaṁ.
Ċuaiġ tú annsann gan ṁoíll mar sgoláire,
Ó deas air fad go di Sléiḃte Ṁáire;
Ad' ċuir féin a g-cóir ċoṁ maiṫ is b-féi'ir leat,
Ag foġluim Fraíncis, Laidion a's Gréigis.
Ċuaḋ tú assann anun go dí'n Róiṁ
Ċum do ċúrsa léiġin do ċríoċnúġaḋ;
'S t'réis roínnt bliaḋanta ann do ċaṫaḋ,
Do ċas tú ṫar 'nais ċugainn ṫar callaḋ.
Ṫug tú trí bliaḋana í g-Ceill Naoṁ Peadair
'S i bPoirt Eiḃlís trí no ceaṫair;
Faoi ḃuiḋeaċus ionnta a's faoi ṁeas,
D-taoḃ d'ḟeaḃais ċum daoine ċuir air a leas.
